‘Ní shiúlfaidh tú i d’aonar go deo’ – teachtaireacht ómóis i nGaeilge ag lucht tacaíochta Liverpool do Sheán Cox

Tá brat speisialta deartha ag cumann tacaíochta de chuid Liverpool, The Spirit of Shankly, in ómós do Sheán Cox, an tÉireannach a ionsaíodh taobh amuigh de Anfield roimh an gcéad chluiche i gcoinne Roma an tseachtain seo caite

‘Ní shiúlfaidh tú i d’aonar go deo’ – teachtaireacht ómóis i nGaeilge ag lucht tacaíochta Liverpool do Sheán Cox

Brat The Spirit of Shankly in ómós do Sheán Cox. Pictiúr: Nuacht TG4

Beidh brat Gaeilge le feiceáil sa Stadio Olimpico sa Róimh anocht nuair a thabharfaidh Liverpool agus Roma aghaidh ar a chéile sa dara cluiche dá mbabhta leathcheannais i Sraith na gCuradh.

Mar a tuairiscíodh ar Nuacht TG4, tá an brat speisialta deartha ag ceann de chumainn tacaíochta Liverpool, The Spirit of Shankly, in ómós do Sheán Cox, an tÉireannach a ionsaíodh taobh amuigh de Anfield roimh an gcéad chluiche i gcoinne Roma an tseachtain seo caite.

Tá ainm Seán Cox le feiceáil ar an mbrat chomh maith le trí leagan de mhana Liverpool, ‘You’ll Never Walk Alone’, leagan Béarla, leagan Gaeilge agus leagan Iodáilise. ‘Ní shiúlfaidh tú i d’aonar go deo’ an t-aistriúchán Gaeilge ata déanta ar an mana cáiliúil.

Tá ómós tugtha cheana féin ag cumann Liverpool do Cox, atá fós san ospidéal i Learpholl. Bhí Cox ina chathaoirleach ar chumann CLG Naomh Peadar i nDún Búinne sa Mhí agus crochadh geansaí peile de chuid an chumainn sin sa seomra feistis in Anfield roimh chluiche Liverpool i gcoinne Stoke City Dé Sathairn seo caite. Scríobh captaen Liverpool, Jordan Henderson, litir chuig an gcumann CLG chomh maith.

Tá an t-ionsaí cáinte ag Roma agus chaith a gcuid imreoirí t-léinte ag léiriú a gcuid tacaíochta do Cox agus iad i mbun traenála inné.

Cúisíodh beirt, Filippo Lombardi agus Daniele Sciusco, as an ionsaí.

Tá Liverpool 5-2 chun cinn agus iad ag triall ar chluiche na hoíche anocht. Má éiríonn leo teacht slán ón Stadio Olimpico anocht, imreoidh siad i gcoinne Real Madrid i gcluiche ceannais an chomórtais ag deireadh na míosa.

Fág freagra ar '‘Ní shiúlfaidh tú i d’aonar go deo’ – teachtaireacht ómóis i nGaeilge ag lucht tacaíochta Liverpool do Sheán Cox'