Is cuimhin liom go maith an chumhacht a bhain leis an scannán In the Name of the Father (1993) agus an lorg a d’fhág sé orm. Thug saothar Jim Sheridan cuntas drámatúil ar cheann de na hiomraill cheartais ba mheasa riamh i stair na Breataine. D’éirigh leis an saothar seacht n-ainmniúchán Oscar a fháil, cinn do thaispeántais iontacha Daniel Day-Lewis, Pete Postlethwaite, agus Emma Thompson san áireamh.
Is dócha gurbh é an scannán sin a neadaigh tragóid an Guildford Four in intinn na ndaoine nach bhfuil cur amach ródhomhain acu ar na Trioblóidí. Bhí críoch mhothúchánach chumhachtach leis an saothar agus Gerry Conlon ag éileamh go mbeadh an cead aige siúl amach doras tosaigh na cúirte seachas dul amach an doras iata.
Is dócha go rabhamar, amhail The Shawshank Redemption, ag ceapadh go raibh an chríoch shona i ndán do Gerry Conlon, Paul Hill, Paddy Armstrong agus Carole Richardson. Ní hamhlaidh a bhí. Ní fhéadfadh a leithéid a bheith i gceist i ndiaidh na n-uafás a ngabhadar tríd. Ní raibh aon chríoch Hollywood i ndán dóibh.
Cuireadh sin abhaile orainn go ciúin ach go cumhachtach sa chlár faisnéise In the Name of Gerry Conlon (RTÉ1, Dé Luain). Dúirt an grianghrafadóir Iodálach Lorenzo Moscia linn ag tús an chláir gurb é an scannán céanna a spreag a shuim i scéal cráite cheathrar Guildford. Tháinig sé go hÉirinn in 2013 le hagallamh a chur ar Conlon. Faoi mar a tharla, cailleadh Conlon tamall gearr ina dhiaidh sin agus is í scannánaíocht Moscia an t-agallamh deiridh leis. Chuaigh Moscia chun cainte leis agus le Paddy Armstrong, Paddy Hill ón Birmingham Six agus na dlíodóirí Gareth Pierce (páirt Emma Thompson sa scannán) agus Alastair Logan.
Maireann an fhearg agus an crá croí i gcónaí. Cneá aigneolaíoch nár chneasaigh riamh. Níor chabhraigh sé nár tugadh an córas chun cuntais agus nár ciontaíodh éinne as an iomrall ceartais agus an chaimiléireacht. Tá sé sin deacair a chreidiúint agus is scannal i gcónaí é. Leis an tarcaisne a chur i gceann na héagóra cuireadh cosc ar scaoileadh cáipéisí faoin Guildford Four go ceann 75 bliain.
Níl aon chulaith ghaisce ag baint le taifeadadh an tsaothair seo. Níl aon chúlraí ealaíonta againn ach daoine á gcur fé agallaimh ina gcistineacha agus seomraí suite féin. Níor laghdaigh sin cumhacht a gcuid cainte. Labhair Conlon, Hill agus Armstrong go neambhalbh faoin gciapadh a deineadh orthu i bpríosún. Conlon ag rá go raibh iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh é a mharú ar feadh seacht mbliana de na chúig bliana déag a chaith sé istigh.
Labhair sé faoin uair go raibh a athair go dona tinn agus gur fágadh amuigh sa bhfuacht é agus é suite i gcathaoir rothaí ina phitseámaí. Cailleadh é tamall beag gairid ina dhiaidh sin agus gan é ach sé bliana déag le cois an dá scór. Cé gur éirigh le Ceathrar Guildford agus Seisear Birmingham an bua a fháil ar chóras dlí agus cirt Shasana sa deireadh d’fhan an phianbhreith leo go deo.
Fág freagra ar 'Ní raibh aon chríoch Hollywood i ndán do Gerry Conlon'