Ní raibh an ceart acu siúd a dúirt go raibh páirtí de Valera scriosta, ach níl cuma na maitheasa orthu

Nuair a thiocfaidh toscairí Fhianna Fáil le chéile tráthnóna don chéad Ard-Fheis le roinnt blianta beidh sé le maíomh acu go bhfuil siad i rialtas ach Fine Gael agus Sinn Féin na páirtithe a bhfuil aird an phobail orthu

Ní raibh an ceart acu siúd a dúirt go raibh páirtí de Valera scriosta, ach níl cuma na maitheasa orthu

Tá sé beagán os cionn aon bhliain déag go leith ó shin ó tharla titim thubaisteach ar thacaíocht Fhianna Fáil san olltoghchán in 2011. Chaill siad os cionn 24% dá gcuid tacaíochta nuair a chuir an pobal milleán orthu as an tubaiste eacnamaíochta a bhain don tír.

I mí Eanáir na bliana céanna a toghadh Micheál Martin ina cheannaire ar an bpáirtí. Tar éis an olltoghcháin an bhliain sin bhí sé á thuar go fairsing go raibh an páirtí réidh agus nach raibh tada i ndán dóibh. Caolseans go mbeadh Micheál Martin ina Thaoiseach go brách.

Ní raibh an ceart acu siúd a bhí ag tuar go raibh páirtí de Valera scriosta. Ní raibh an ceart acu a rá nach mbeadh Micheál Martin ina Thaoiseach. Tá sé in oifig an Taoisigh ó mhí an Mheithimh 2020 a bhuíochas do chomhrialtas leis na sean-naimhde Fine Gael.

Nuair a thiocfaidh toscairí Fhianna Fáil le chéile tráthnóna don chéad Ard-Fheis le roinnt blianta beidh sé le maíomh acu go bhfuil siad i rialtas, gur Fianna Fáileach é an Taoiseach agus go bhfuil siad ar an bpáirtí is mó sa Dáil.

Údar gaisce agus ceiliúrtha, mar sin?

Bhuel, sin í an cheist. De réir na dtuairiscí tá sé ag dul rite leo toscairí a mhealladh le freastal ar an Ard-Fheis. Ba ghnách le cúpla míle duine freastal ar Ard-Fheis Fhianna Fáil lá den saol. Níl an míle féin cláraithe i mbliana. Tá an páirtí níos lú ná mar a bhíodh, cinnte, agus b’fhéidir gur comhartha sóirt a laghad suime agus atá san Ard-Fheis den easpa suime sa bpolaitíocht trí chéile. B’fhéidir, freisin, gur comhartha sóirt é do pháirtí atá ar strae agus nach bhfuil ag éirí leis na daoine a vótáil dóibh ar feadh an chuid is mó den chéad seo caite a mhealladh ar ais. Nó dul i gcion ar a gclann nó a ngarchlann?

Tá cúlbhinseoirí sa bpáirtí imníoch nach bhfuil aon tionchar acu ar an gcomhrá polaitiúil faoi láthair. Is iad Fine Gael agus Sinn Féin na páirtithe a bhfuil aird an phobail orthu. Tá na daoine óga a bhíodh ag tacú le Fianna Fáil lá den saol mar gheall ar an teanga agus stádas bunreachtúil na tíre ag druidim i dtreo Shinn Féin. Tá na feirmeoirí láidre agus fostóirí beaga a bhíodh ag tacú le Fianna Fáil mar gheall ar a n-oidhreacht ag tacú go dílis le Fine Gael le na déaga de bhlianta anois.

Tá milleán ag go leor ar Mhicheál Martin agus a cheannaireacht ar an bpáirtí. Tá sé róthugtha don chomhghéilleadh, a déarfadh cuid de sheanfhondúirí an pháirtí. An gcuirfidh siad an míshásamh sin in iúl an deireadh seachtaine seo le linn na hArd-Fheise? Nó an leanfaidh siad leo go socair ó tharla iad ag bord an rialtais agus oifig an Taoisigh ina seilbh más go gearrthéarmach féin é?

Fág freagra ar 'Ní raibh an ceart acu siúd a dúirt go raibh páirtí de Valera scriosta, ach níl cuma na maitheasa orthu'

  • Concubhar

    Cé hé an ‘Devalera’ seo? An bhfuil sé sa Rialtas?

  • Antóin

    Nach cuma le Micheál Martin faoin am seo. Tá sé ina Thaoiseach. Cupla bliain eile agus beidh jab mór san Eoraip aige mar a mbeidh sé fós ag féachaint anuas ar cosmhuintir na hÉireann a chreideann go bhfuil a leithéid de rud ann agus ceannas na hÉireann agus náisiún neamhspleách.

    Agus na fealltóirí eile sa pháirtí sin? Roinnt blianta ag éamh san fhásach, rón camaill mar éadach orthu agus lócaistí mar bheatha acu.

    Ó, na hÉireannaigh. Nach iad atá míbhuíoch!

  • Pádraig O'hEipicín

    Caithfidh Dev a bheith ag casadh in a uaigh.
    Agus an slua aindiachaithe atá í gceannas faoi láthair.
    Go bhfóire Dia orainn.