Ní raibh a sárú sa tír ó tháinig an rugbaí gairmiúil ar an saol

Mí móide go raibh pobal na tíre seo níos dóchasaí riamh as a bhfoireann rugbaí ná atá siad faoi láthair

Ní raibh a sárú sa tír ó tháinig an rugbaí gairmiúil ar an saol

Cuirfidh an imirt idir an Fhrainc agus an Nua-Shéalainn i bPáras tús le Craobh Rugbaí an Domhain seachtain ón Aoine seo chugainn. Comórtas é siúd ar minic leis luach do chuid airgid a thabhairt duit luath go maith. Tagann an cluiche stairiúil idir an Afraic Theas agus an Astráil i gCorn an Domhain 1995 chun cuimhne – an mhórócáid spóirt ba thúisce a reáchtáladh sa tír sin ó cuireadh deireadh le córas na cinedheighilte.

Ní raibh aon chailleadh ach an oiread ar an gceann a chuir tús leis an gcomórtas in 2007 nuair a bhí sé ar siúl sa bhFrainc go deireadh. Sa gceann sin bhuaigh an Airgintín ar an bhfoireann baile gan choinne. Trí seachtaine dár gcionn chuireadar an ruaig abhaile ar fhoireann na tíre seo nuair a bhuaigh siad orthu 30-15.

Bhí an cleas céanna déanta acu linn i Lens i 1999.

Tugann sin le fios go mb’fhéidir nach maith a thagann talamh na Fraince agus rugbaí na hÉireann le chéile. Fós ní móide go raibh pobal na tíre seo níos dóchasaí ariamh as a bhfoireann ná atá siad faoi láthair.

Ní gan údar atá sin amhlaidh ach an oiread.

Le breis agus bliain anois, tá Éire ar bharr an liosta fiúntais a fhoilsíonn World Rugbaí go féiltiúil – sin bunaithe ar thorthaí na gcluichí idirnáisiúnta a imrítear. Uair amháin cheana a bhí sin amhlaidh, ach níor chaitheadar ach coicís ar bharr an dréimire i mí Mheán an Fhómhair 2019.

Go fíorghairid ina dhiaidh sin, chuaigh siad chuig Corn an Domhain, áit ar bhuaigh siad ar Albain ach gur theipeadar ansin in aghaidh na Seapáine. Fós bhain siad áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais.

Ansiúd in aghaidh na Nua-Shéalainne bhíodar fós gan aon scór agus 70 nóiméad caite. Buadh orthu 40-16. Slán le Tóiceo.

D’fhág Covid a rian féin ar an séasúr dár gcionn. Bhíothas go domhain amach sa bhfómhar 2020 faoin am ar críochnaíodh Craobh na 6 Náisiún – Andy Farrell mar príomhchóitseálaí anois.

Sula tosaíodh ag cur cluichí ar ceal, bhí an bua faighte ag Éirinn ar Albain agus ar an mBreatain Bheag, ach chliseadar in aghaidh na Sasanach. Ar atosaí, fuair siad an ceann ab fhearr ar an Iodáil, ach ní raibh siad inchurtha leis na Francaigh ar pháirc fholamh Pháras.

Ba mhó de cháineadh ná de mholadh a deineadh orthu. B’fhearr an tréimhse ghairid ina raibh siad ar thús cadhnaíochta a ligean i ndearmad, nó cinnte gan labhairt air.

In imeacht ráithe bhí tús curtha le Craobh Sé Náisiún 2021 agus d’fhág teip in aghaidh na Fraince go mba ag ligean uisce isteach a bhí Éire ar an ord fiúntais.

Bua ar an Nua-Shéalainn (29-20) i mí na Samhna an bhliain sin a d’fhógair an athbheochan.

Ba é sin an chéad léiriú ceart freisin go raibh an cóitseálaí nua sásta a bheith níos dána ná an té a chuaigh roimhe – facthas i bhfad níos lú den chiceáil ná a bhí le feiceáil le linn réimeas Joe Schmidt agus fuair na cúlaithe níos mó deiseanna a scileanna agus a luas a thaispeáint.

Bhí lámh ag an 15 imreoir i gceann de na húid a scóráladh agus tugann na figiúirí scéala na himeartha chomh maith céanna. 60% den tseilbh; 65% den imirt déanta i leath na Nua-Shéalainne den pháirc; 13% den tseilbh ciceáilte uathu acusan, 5.8% ag Éirinn; 238 greamú le déanamh ag an Nua-Shéalainn 101 ag foireann Farrell.

Ach súil a chaitheamh siar beagán níos faide ná sin, tuigim go bhfaighidh tú amach gur bhuaigh Éire ar na All Blacks i mBleá Cliath den chéad uair ariamh i bhfómhar 2018. An Chraobh Dhomhanda a raibh an deireadh tubaisteach siúd leis a lean sin.

Fós measaim go gcealaíonn an tseasmhacht agus an teacht aniar atá léirithe acu sa tréimhse ceannais is deireanaí seo acu gur foireann níos fearr í seo. Go deimhin sí mo bharúil nach raibh a sárú sa tír ó tháinig an rugbaí gairmiúil ar an saol.

Sa dosaen cluichí sin atá buaite as a chéile acu bhí 35 pointe d’fharasbarr acu sa dá chluiche in aghaidh Shasana, 10 agus 11 bpointe in aghaidh na Nua-Shéalainne agus san achar sin freisin tá na seacht dtír atá fúthu ar an ord fiúntais curtha de dhroim seoil acu.

Tuigim go mbeidh roinnt imreoirí ar an liosta a fhógróidh an IRFU amárach atá ag drannadh le deireadh a gcuid imeartha, rud atá fógartha ag Johnny Sexton. Seo freisin an ceathrú Craobh Dhomhanda ag Conor Murray agus ag Cian Healy, an tríú ceann ag Tadgh Furlong, Iain Henderson, Robbie Henshaw agus Peter O’Mahony.

Ach tá leithéidí James Ryan, Caelan Doris, Josh van der Flier, Dan Sheehan (ach é a bheith ar fónamh), Robbie Henshaw agus Bundee Aki i mbarr a maitheasa agus tá James Lowe agus Mac Hansen ar na cliathánaithe is fearr atá timpeall.

‘Chonaic mé cheana tú’ a deir an cat leis an luch. Mura dtiocfaidh ann dó is mé féin is maolchluasaí a bheas.

Bíonn súil le muir.

Fág freagra ar 'Ní raibh a sárú sa tír ó tháinig an rugbaí gairmiúil ar an saol'

  • Tony

    Tabhair mínithe loighciúla do leanaí, ní cinn draíochta – Feynman