Ní mór do lucht éilimh na reachtaíochta Gaeilge a bheith ‘réalaíoch’ – Arlene Foster

Deir Arlene Foster go bhfuil sí ar son na reachtaíochta teanga a thabhairt isteach ach go gcaithfí a bheith réalaíoch faoin méid is féidir a dhéanamh idir seo agus toghchán Stormont na bliana seo chugainn

Ní mór do lucht éilimh na reachtaíochta Gaeilge a bheith ‘réalaíoch’ – Arlene Foster

Ní mór do dhaoine atá ag éileamh go dtabharfaí isteach an reachtaíocht Ghaeilge atá geallta don Tuaisceart a bheith “réalaíoch”,  a deir Céad-Aire Stormont agus ceannaire an DUP Arlene Foster.

Gheall Foster roimhe seo go dtabharfaí an reachtaíocht don Ghaeilge, don Ultais agus don chultúr isteach roimh dheireadh thréimhse an tionóil mí Bealtaine seo chugainn.

Ach tá teachtaireachtaí éagsúla tugtha ag a páirtí i leith na reachtaíochta ó shin.

Dúirt Foster go raibh sí ar son na reachtaíochta a thabhairt isteach i gcónaí ach thug sí le fios gur ar éigean go dtarlóidh sin roimh thoghchán Stormont na bliana seo chugainn. 

Dúirt Foster ag Coiste de chuid Stormont inniu go raibh a roinn faoi bhrú mór ag cúrsaí a bhaineann le Covid-19 agus gur chuir sé sin as do chur i bhfeidhm na ngealltanas a tugadh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua. 

Dúirt sí go gcaithfí díriú go príomha ar an ngéarchéim sláinte agus ar an téarnamh eacnamaíochta. Nuair a ceistíodh í faoin reachtaíocht Ghaeilge dúirt sí go gcaithfí a bheith réalaíoch. 

 “Caithfidh plé réalaíoch a bheith againn ar an méid is féidir a dhéanamh sa tréimhse tionóil seo agus cad is gá a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad tréimhse eile. 

 “Ach ná bíodh aon dul amú ort, ní ag tarraingt siar ó Ré Nua, Cur Chuige Nua atá mé.”

Dúirt an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill go gcaithfí na gealltanais sa chomhaontú a chomhlíonadh “chomh tapa agus is féidir linn”. 

Níor mhór do cheannairí polaitiúla a léiriú don phobal go seastar leis an méid a ghealltar, arsa O’Neill. “Sin a chaithimid díriú air. Ní dhéanfar aon idirbheartaíocht faoin Acht Gaeilge, aontaíodh mar chuid den phacáiste é, agus táim ag iarraidh go gcuirfí an pacáiste go léir i gcrích chomh tapa agus is féidir linn.

 “Is léir gur chuir Covid isteach orainn ach tá sé tábhachtach go bhfillimis ar na gealltanais go léir a rinneamar.”

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald an mhí seo caite nach féidir a thuilleadh moille a chur leis an reachtaíocht Ghaeilge atá geallta don Tuaisceart.

Cothaíodh éiginnteacht faoin reachtaíocht teanga ó thuaidh an tseachtain seo caite nuair a tugadh le fios nach dtacódh an DUP lena tabhairt isteach fad is a bheadh an Prótacal iarBhreatimeachta i bhfeidhm.

Mhaígh Ian Paisley, feisire de chuid an DUP, chomh maith go bhféadfadh a pháirtí ceist na Gaeilge a úsáid chun iarracht a dhéanamh stop a chur le feidhmiú dlíthe ar son an ghinmhillte sa tuaisceart.

Tá fearg léirithe ag lucht na Gaeilge ó thuaidh faoin moill agus deir Conradh na Gaeilge go bhfuil an baol ann nach mbeidh aon mhuinín ag an bpobal sna hinstitiúidí ó thuaidh maidir le soláthar cearta teanga.

Tá beirt Choimisinéirí, ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais, agus oifig chultúir agus féiniúlachta mar chuid de phlean Ré Nua, Cur Chuige Nua.

Aontaíodh an phlean mí Eanáir 2020 agus bhí an reachtaíocht le cur i bhfeidhm taobh istigh de 100 lá ach níl na gealltanais curtha i bhfeidhm go fóill breis is bliain i ndiaidh an chomhaontaithe.

Fág freagra ar 'Ní mór do lucht éilimh na reachtaíochta Gaeilge a bheith ‘réalaíoch’ – Arlene Foster'