Ní mór daoine a dhéanann ciapadh ar pholaiteoirí a fhiosrú agus a chiontú

Caithfear daoine a thugann drochíde do pholaiteoirí a aimsiú, a fhiosrú agus a náiriú má táthar leis an bhfadhb a shárú

Ní mór daoine a dhéanann ciapadh ar pholaiteoirí a fhiosrú agus a chiontú

Tá cur síos scanrúil ar an drochíde a thugtar do pholaiteoirí i dtuairisc a foilsíodh Dé Máirt agus i dtuairisc eile a fhoilseofar go luath.

Sula bpléitear iad, is fiú tagairt do chásanna cúirte a thug léiriú beag ar fhadhb mhór. Is ábhar imní é ní hamháin d’ionadaithe tofa ach dúinn uilig.

Ciontaíodh fear an tseachtain seo caite i nglaoch teileafóin a chuir sé ar na Samáraigh (Samaritans) in 2021 inar mhaígh sé gur leagadh buamaí i dteach cónaithe an aire dlí agus cirt Helen McEntee. Bhí sé i bpríosún nuair a ghlaoigh sé. Níor aimsíodh buama nuair a chuardaigh na Gardaí teach an aire, a bhí ag iompar clainne ag an am.

Gearradh 18 mí i bpríosún an tseachtain seo caite freisin ar fhear a thiomáin gluaisteán trí gheata leictreach ag teach in Achadh an Mheasa, Contae Liatroma in 2022 ina raibh bean chéile an Teachta Dála Martin Kenny ina codladh ina haonar. Cuireadh gluaisteán an Teachta chéanna trí thine taobh amuigh dá theach in 2019.

Gearradh príosúnacht ar fionraí in 2022 ar fhear a d’admhaigh gur chuir sé teachtaireachtaí agus físeáin ghnéasacha óna chuntas Facebook chuig an aire stáit Jennifer Carroll MacNeill (sular ceapadh í mar aire) in 2020. D’ordaigh an breitheamh dó gan teagmháil léi arís agus gan dul in aice le Teach Laighean.

Is ábhar suntais ar leith iad na cásanna seo ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos toisc an tréimhse fhada idir na heachtraí agus ciontú na bhfear a bhí freagrach. Chothódh fiosrú agus ciontú níos tapúla muinín níos mó as cumas an chórais dlí ionadaithe tofa a chosaint.

Is mó an tábhacht a bhaineann leis na cásanna thuas toisc nach samplaí iad dáiríre den drochíde a thugtar do pholaiteoirí ach eisceachtaí. Ní iarrann polaiteoirí ar na Gardaí ach céatadán beag den bhagairt a dhéantar orthu, ar líne go háirithe, a fhiosrú. Is lú arís an céatadán a thagann os comhair cúirte.

Ní léir dár bhformhór tionchar na drochíde ar pholaiteoirí, ar a gcuid oibre agus ar a nósanna maireachtála toisc nach ndéanann siad cur síos go minic air. Glactar leis nach féidir stop a chur le cuid mhór den tsíorbhagairt agus maslaí.

Go deimhin dúirt Teachta amháin leis an scríbhneoir seo nach mian léi labhairt go poiblí faoi theachtaireachtaí gránna a cuireadh chuici ar fhaitíos go mbainfeadh an té a bhí freagrach sásamh breise as an aird.

Is é Aontas Rialtais Áitiúil na hÉireann a d’fhoilsigh tuairisc Dé Máirt ar bhagairt, ar imeaglú agus ar chiapadh chomhaltaí na n-údarás áitiúil.

Dúirt 63.2% de na comhairleoirí (226 duine) a d’fhreagair suirbhé a rinneadh thar ceann an Aontais gur ndearnadh bagairt nó imeaglú orthu idir 2021 agus 2023. Cuireadh na Gardaí ar eolas faoi 25.7% de na bagairtí agus cúisíodh daoine maidir le 3.7% acu.

Bhain an céatadán is mó de na bagairtí (35%) le bagairt go marófaí nó go ngortófaí comhairleoir, nó le bagairt éignithe nó ionsaí gnéis (2.7%).

Dúradh freisin go gcuirfí tithe trí thine, go ndéanfaí damáiste, nó go scaipfí bréaga nó faisnéis a tharraingeodh míchlú ar chomhairleoirí. Tugadh le fios do mhórán go raibh a fhios ag an duine a bhí ag bagairt ar chomhairleoirí cá raibh cónaí orthu.

Deir ráiteas an Aontais faoi thorthaí an tsuirbhé sin gur léirigh siad ábhair imní maidir le toil chomhairleoirí leanacht ar aghaidh mar chomhairleoirí, maidir le toil iarrthóirí nua seasamh i dtoghcháin, agus maidir le cothromaíocht inscne, go háirithe.

Tarraingeofar aird arís ar an drochíde a thugann daoine gan chiall nó gan scrupall do pholaiteoirí – ní léir go minic cé acu atá i gceist – nuair a fhoilseofar tuairisc eile go luath ar an ábhar céanna.

Bhunaigh an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl agus Cathaoirleach an tSeanaid Jerry Buttimer An Tascfhórsa um Rannpháirtíocht Shábháilte sa Saol Polaitiúil. I measc na gcomhaltaí, tá na Teachtaí Dála Jennifer Carroll MacNeill ó Fhine Gael, Jennifer Murnane O’Connor ó Fhianna Fáil, Ivana Bacik ón Lucht Oibre, Sorca Clarke ó Shinn Féin, an Teachta neamhspleách Cathal Berry, agus aon duine dhéag eile, ina measc an comhairleoir J K Onwumereh ó Fhine Gall, a rugadh sa Nigéir.

Thug tuairiscí ar dhréacht-tuarascáil an Tascfhórsa, ar ceapadh iarChoimisinéir na nGardaí Nóirín O’Sullivan mar chathaoirleach air, le fios go moltar go mbunófaí seirbhís nua a dhéanfadh monatóireacht ar bhagairtí agus ar chiapadh Teachtaí Dála agus Seanadóirí ar líne.

Deir an dréacht freisin, mar a deirtear i dtuairisc an Aontais Rialtais Áitiúil, go mbaineann cuid mhór den drochíde a thugtar do pholaiteoirí le cúrsaí inimirce agus go seachnaíonn mórán an t-ábhar a phlé d’fhonn drochíde a sheachaint.

Má chuirtear an tseirbhís monatóireachta ar bun beidh a héifeacht ag brath go mór ar thoil stiúrthóirí na meán sóisialta agus na nGardaí bagairtí a chuirfear faoina mbráid a iniúchadh gan mhoill. Beidh obair scafánta de dhíth freisin sna cúirteanna ionas go léireofar do bhulaithe agus d’amadáin gur féidir iad a aimsiú agus a náiriú.

Ní beag an dúshlán é, ach ní bheidh an daonlathas folláin mura dtugtar aghaidh air ar bhonn eagraithe agus éifeachtach.

Fág freagra ar 'Ní mór daoine a dhéanann ciapadh ar pholaiteoirí a fhiosrú agus a chiontú'

  • Pól Ó Braoin

    Ní haon bhall de lucht leanúna cuid dár bpolaiteoirí mé féin ach níl leithscéal ar bith ag drochiompar dá leithéid. Aontaím leat. Cásanna cúirte sciobtha agus téarmaí níos faide priosúin a thaispeánfas do dhaoine den chineál sin nach maith an rud é cur isteach orthu siúd atá muid tar éis bhótáil isteach le seasamh ar ár son.