Ní mór an t-achar ó mhí Aibreáin ach bhí sé lán le hiontais iománaíochta

Agus trí chluiche fágtha i scéal iománaíochta na bliana seo is cóir a rá gur scéal iontach a bhí againn go nuige seo

Ní mór an t-achar ó mhí Aibreáin ach bhí sé lán le hiontais iománaíochta

Ní mór an t-achar ón tríú deireadh seachtaine d’Aibreán nuair a imríodh chéad chluichí Laighean, (a chríochnaigh mar a mheasamar taobh amuigh de chomhscór idir Aontroim agus Áth Cliath) agus an chéad deireadh seachtaine Iúil.

Ach cad é mar stór cluichí iontacha a bhí againn i ndiaidh na tréimhse sin, go háirithe i gCúige Mumhan. An chéad deireadh seachtaine sin i gcomórtas Laighean, bhí Gaillimh (a ghéill dhá chúl an-luath sa chluiche) rómhaith do Loch Garman sa dara leath, leath ina raibh Evan Niland ar fheabhas. Sa chluiche eile, bhí Cill Chainnigh i bhfad róláidir don Iarmhí sa bhaile.

Ar an Domhnach bhí dhá cluiche den scoth againn sa Mhumhain. Sa chéad cheann thug Port Láirge lán a mboilg do Luimneach agus murach galar an mhíchruinnis a bheith orthu bheadh an cluiche sin buaite acu.

Sa dara cluiche bhí tromluí ceart ag cúl báire an Chláir i gcoinne Thiobraid Árann, a bhí an-mhaith agus a chríochaigh agus cúig chúl acu.

Ansin sé lá ina dhiaidh sin, bhí an chéad toradh gan choinne leis na blianta againn nuair a thug an Clár taispeántas iontach uathu i Luimneach chun na pointí grúpa a thabhairt leo abhaile i gcluiche a bhí thar barr ó thús deireadh.

I bPáirc Uí Chaoimh, an lá ina dhiaidh sin, bhí Corcaigh rómhaith do Phort Láirge (a raibh cuma thuirseach orthu i ndiaidh an ardtaispeántais a thugadar i gcoinne Luimnigh).

Agus i gCúige Laighean chinntigh cúilín an- déanach ó ionadaí na Gaillimhe Declan McLoughlin (ina chéad chluiche craoibhe) comhscór i gcoinne Cill Chainnigh.

Seachtain ina dhiaidh sin bhí eipic cheart againn idir na sean-naimhde, Corcaigh agus Tiobraid Árann. Comhscór a bhí ann, toradh a bhí dian ar na Tiobraid Árannaigh a bhí chun tosaigh den chuid is mó den chluiche. Ach a leithéid de chluiche a bhí againn – 4-19 in aghaidh 2-25 an scór deireanach a bhí ann agus beagnach daichead míle duine i láthair.

I gCúige Laighean chríochnaigh cluiche thar a bheith tábhachtach agus réalta scórála Átha Cliath, Dónal Burke ag aimsiú cúilín an bhua déanach san imirt i gcoinne Loch Garman.

An tseachtain dár gcionn, chas Port Láirge agus an Clár ar a chéile i Staid Semple sa dara cluiche. Bhí na Déise leamh marbhánta sa dara leath agus bhí rith an ráis le contae an Chláir.

Ansin coicís ina dhiaidh sin, bhí dhá choimhlint thar na bearta againn a chríochnaigh leis an gClár aon chúilín amháin chun tosaigh ar Chorcaigh agus Luimneach agus Tiobraid Árann cothrom. D’fhág sin go mbeadh fiúntas sa bhabhta deireanach.

I gcúige Laighean bhí an chéad bhua gan coinne againn sa chomórtas nuair a tháinig an Iarmhí, a bhí 16 cúilín chun deiridh ar Loch Garman, ar ais chun an cluiche a bhuachan le dhá phointe.

Bhí ardchluichí againn sa dá chúige agus, mar a bhí gach deireadh seachtaine ó thosnaigh an craobhchomórtas, fuarthas cúpla toradh nach raibh súil leo. Agus ins an dá cúige go dtí gur séideadh an fhead deiridh sa cluiche deiridh ní rabhamar cinnte cé a bhí sa chraobh, sa tríú háit agus i gcás Chúige Laighean cé a bhí dícháilithe. Mar sin féin, is dócha ag deireadh an lae go raibh na torthaí mar a bhí súil leo roimh an gcéad chluiche –Cill Chainnigh agus an Ghaillimh i gcluiche ceannais Chúige Laighean agus Luimneach agus An Clár i gcluiche ceannais chúige Mumhan.

Bhí ardmholadh tuillte ag Loch Garman faoina mbua iontach i gcoinne na gCat agus iad faoi bhrú damanta. Bhí an-bhua ag contae Cheatharlach a chroch leo Corn Mhic Dhonncha i ndiaidh am breise.

Chríochnaigh Craobh na Mumhan ar an dul céanna le cuid maith des na cluichí eile a bhí ann i mbliana agus amhras ann go dtí an poc deireanach cé a bhuafadh an cluiche. Gan dabht bhí ábhar gearáin ag an gClár nár tugadh poc saor dóibh ag an deireadh agus is dócha go raibh an ceart ag bainisteoir agus muintir an Chláir go raibh a ndóthain seansanna acu roimhe sin chun an cluiche a bhuachan, go háirithe sa cheathrú dheireanach nuair a chuireadar an iomad iarrachtaí amú. Tá mórán ceisteanna freisin faoin gcinneadh a rinne bainistíocht an Chláir Cian Nolan, imreoir óg gan aon taithí ag an leibhéal seo, a fhágáil ar feadh 50 nóiméad ar Aaron Gillane, duine de na tosaithe is fearr sa tír agus tosaí atá ar fheabhas ar fad i mbliana. Ach tá na seaimpíní fós ina seasamh agus slí faighte acu chun na cluichí cothroma seo go léir a bhuachan.

Bhí críoch spleodrach i gCúige Laighean freisin. Bhí an dá fhoireann tréimhsí chun tosaigh ach bhí an chuma ar an scéal agus an fhead deiridh ag teannadh linn, go mbeadh an corn ag dul siar. Ar ndóigh, ní mar sin a tharla mar scóráil an laoch agus ionadaí Cillian Buckley cúl an bhua do na Cait.

Ansin seachtain ina dhiaidh sin thug Tiobraid Árann greadadh ceart do thánaistí Chorn Mhic Dhonncha, Uíbh Fhailí agus is sna deich nóiméad deireanach sin a chuir Baile Átha Cliath solas an lae idir iad féin agus Ceatharlach. Ach an tseachtain ina dhiaidh sin, le cabhair cúpla cúl roimh leath ama, thit an tóin as iarrachtaí Átha Cliath céanna i gcoinne Chontae an Chláir. Agus theip glan ar na Tiobraid Árannaigh i gcoinne na Gaillimhe, dream a bhí i bhfad níos fearr ar an lá.

Agus anois níl ach ceithre chontae fágtha ina seasamh agus na cluichí leathcheannais ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn. Bí ann más féidir leat in aon chor.

Fág freagra ar 'Ní mór an t-achar ó mhí Aibreáin ach bhí sé lán le hiontais iománaíochta'