‘Ní leor a bhfuil déanta ag an Rialtas’ a deir deirfiúr Ibraham Halawa, 19, atá i gcillín i gCairo

Dá mba “Paddy Murphy” an t-ainm a bhí ar an Éireannach óg, Ibrahim Halawa, atá i bpríosún i gCairo faoi láthair, an mbeadh Rialtas na hÉireann níos gníomhaí ar a shon?

halawa2

Tá Ibrahim Halawa, 19 bliain d’aois as Teach Giúise i mBaile Átha Cliath, ina luí i gcillín i gCairo, agus trí chúis curtha ina leith: dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú agus freastal ar agóid mhídhleathach.

Cuireadh Ibrahim agus a thriúr deirfiúracha i bpríosún i mí Lúnasa 2013 agus iad ag teitheadh ó agóid i lár chathair Cairo. Bhíodar ag léirsiú in aghaidh an coup d’état áit ar ghlac arm na hÉigipte seilbh ar an tír ó Mohammed Morsi agus an Muslim Brotherhood, an dream a bhuaigh an chéad toghchán daonlathach riamh san Éigipt.

“Seo saoránach Éireannach; d’fhiosraigh Amnesty agus Reprieve a chás agus dúirt siad nach bhfuil aon bhunús leis an gcás ina aghaidh,” a dúirt an Feisire Eorpach Sinn Féin, Lynn Boylan le Tuairisc.ie. Ainmníodh Ibrahim mar príosúnaí coinsiasa (prisoner of conscience) ag Amnesty International.

Scaoileadh Ibrahim sa láimh nuair a ghabh na póilíní é agus cé nach raibh sé ach 17 bliana d’aois ag an am, cuireadh i gcillín le daoine fásta é, rud atá in aghaidh an dlí idirnáisiúnta. Níor cuireadh aon chóir leighis ar bith dá láimh agus é i bpríosún, seachas ó dhuine eile sa chillín a bhí ina dhochtúir.

Anuas air sin, deir Nosayba Halawa, deirfiúr Ibrahim, gur céasadh i bpríosún é. Bhuail na gardaí i bpríosún Wadi Natrun é le barraí miotail agus bataí leictreacha. Bhagair garda amháin air go maródh sé Ibrahim dá gcuirfeadh sé fearg air, a dúirt Nosayba.

Bhí muintir Halawa ar a laethanta saoire san Éigipt ag an am, díreach mar a dhéanann siad gach bliain. Bhí Ibrahim tar éis a Ardteist a chríochnú agus bhí sé ag fanacht ar na torthaí, lena fháil amach an mbeadh sé in ann cúrsa innealtóireachta a dhéanamh sa Choláiste Ollscoile, BÁC.

De bharr brú ó Rialtas na hÉireann, scaoileadh saor a dheirfiúracha Somaia, Omaima agus Fatima i mí na Samhna 2013 agus tá an triúr sa bhaile i mBaile Átha Cliath ó shin. Tá Ibrahim fós sa phríosún, áfach, agus beidh sé os comhair na cúirte arís ar an 6ú Meitheamh. Beidh sé féin agus a 493 comhchosantóir eile ag teacht os comhair breithimh den seachtú huair agus gan cinneadh déanta acu fós.

“Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Rialtas na hÉireann as gach rud atá déanta acu go dtí seo, tá a fhios agam go ndearna siad iarracht rud éigin a dhéanamh ach ní leor é dar liom,” a d’inis Nosayba Halawa do Tuairisc.ie. “Tá Ibrahim sa phríosún ar feadh dhá bliain, tá an Rialtas ag úsáid an straitéis céanna ar feadh dhá bliain anuas… [mar sin] sílim go bhfuil rud éigin cearr leis an straitéis,” a dúirt sí.

“Bhéadh eagla orm go bhfaighidh sé pianbhreith shaoil,” a dúirt Lynn Boylan. D’iarr sí ar an Taoiseach agus an Roinn Ghnóthaí Eachtracha agus Trádála chun dul i dteangmháil díreach leis na h-údaráis Éigipteach chun dearbhú go scaoilfar saor Ibrahim láithreach bonn gan coinníollacha, díreach mar a rinne an Ástráil i gcás an iriseora Peter Greste.

“Táimíd ag iarraidh go mbeidh ár saoránach sa bhaile againn agus ní féidir linn tuiscint cén fáth nach bhfuil [an t-Aire] Charlie Flanagan ag leanúint le sampla na h-Astráile,” a d’fhógair Boylan.

Rinne an Teachta Richard Boyd-Barrett éileamh i nDáil Éireann le déanaí go mbéadh rud éigin déanta ag an Taoiseach Enda Kenny cheana dá mba “Paddy Murphy” an t-ainm a bhí ar Ibrahim.

“Tá aon dearbhú nach bhfuil an Roinn ag déiléail le Ibrahim Halawa mar a dhéanfadh sé le h-aon saoránach Éireannach eile iomlán bréagach agus gan bhunús,” a dúirt an t-Aire Charlie Flanagan i litir go dti Coiste Gnóthaí Eachtracha na Dála ar an 31ú de Márta.

Is saor-iriseoir é Ruairí Henchy a oibríonn sa Mheán-Oirthear.

Fág freagra ar '‘Ní leor a bhfuil déanta ag an Rialtas’ a deir deirfiúr Ibraham Halawa, 19, atá i gcillín i gCairo'