‘Ní le leac ár máthar amháin a bhaineann an scéal seo ach le cearta daoine’

Deir an chlann i Sasana atá ag troid in aghaidh cinneadh cead a dhiúltú dóibh ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac chuimhneacháin a máthar gur ag troid in aghaidh dearcadh frith-Éireannach atá siad

‘Ní le leac ár máthar amháin a bhaineann an scéal seo ach le cearta daoine’

Tá an chlann a rinne achomharc i gcoinne cinneadh cead a dhiúltú dóibh ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac chuimhneacháin fós ag fanacht ar dháta dá gcás ó chúirt eaglasta i Sasana.

Tá achomharc déanta ag muintir Keane faoi chinneadh a rinneadh i gcúirt eaglasta in Coventry Shasana nár cheadmhach dóibh ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe a máthar.

Táthar fós ag feitheamh ar dháta ón chúirt deoise is sinsearaí i Sasana d’éisteacht a n-achomhairc i gcoinne an chinnidh a rinneadh i gcúirt eaglasta i nDeoise Coventry.

Thionscain muintir Keane cás cúirte ag tús an tsamhraidh nuair a dhiúltaigh an Breitheamh Stephen Eyre, Sainsailéir Dheoise Coventry Shasana, dá n-achainí go gcuirfí an ráiteas ‘Inár gcroíthe go deo’ i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin Margaret Keane, bean de bhunadh na hÉireann.

Bean a bhí gníomhach i gCumann Lúthchleas Gael ab ea Margaret Keane a bhí bródúil as an gcultúr Gaelach i rith a saoil, a dúradh san achainí.

Dúirt an Breitheamh Eyre sa rialú de chuid na cúirte eaglasta, áfach, go raibh an “baol ann” go nglacfaí leis an ráiteas i nGaeilge amháin mar “mana de shórt éigin” nó mar “ráiteas polaitiúil”, toisc, dar leis, “an paisean agus na mothúcháin a bhaineann le húsáid na Gaeilge”.

Dúirt Bernadette Keane, iníon Margaret, le Tuairisc.ie an tseachtain seo go raibh an teaghlach ag “troid in aghaidh dearcadh frithÉireannach” a léirigh an Breitheamh Eyre ina chéad rialú.

“Is dearcadh é nach dtagann le Coventry an lae inniu, dearcadh atá ann a bhaineann le ham atá caite agus dearcadh a ndearna daoine agus pobail i Sasana an-iarracht le fáil réidh leis.

“Is gá cur i gcoinne an méid a dúirt an Breitheamh faoin nGaeilge agus an tuairim sin go bhfuil baint ag an teanga le seicteachas nó sceimhlitheoireacht,” a dúirt Bernadette Keane.

Dúirt Bernadette Keane gur thuig an teaghlach nach le leac a máthar amháin a bhain an scéal seo ach le cearta daoine.

“Tuigeann muid nach mbaineann an scéal seo lenár dteaghlach féin amháin. Is ceist phobail í anois a bhaineann leis an cheart a bheith ag gach uile dhuine go léireofaí meas d’éagsúlacht teangacha agus chultúrtha cibé áit a maireann siad,” a dúirt Bernadette Keane.

Tá an-chuid tacaíochta faighte ag feachtas mhuintir Keane ó diúltaíodh dá n-achainí ráiteas Gaeilge a chur ar leac chuimhneacháin Margaret Keane.

Chuir Eaglais Shasana ráiteas amach faoin scéal inar dúradh nach polasaí náisiúnta dá cuid é diúltú do dhaoine Gaeilge a chur ar leaca cuimhneacháin agus mhol siad don teaghlach achomharc a dhéanamh i gcúirt níos sinsearaí de chuid na heaglaise.

Dúradh i ráiteas na hEaglaise “gur cuid thábhachtach í an Ghaeilge d’oidhreacht Eaglais Shasana” agus go bhféadfaí achomharc a dhéanamh maidir leis an chinneadh i gcúirt eaglasta níos sinsearaí, Cúirt Phroibhinseach an Ardeaspaig, Cúirt Arches Canterbury sa chás seo.

Dúirt Easpag Coventry, Christopher Cocksworth, chomh maith gur “cúis mhór bhróin” dó é nuair a dhéantar daoine “a ghortú nó a mhaslú” agus go raibh sé ag guí go dtiocfaí ar réiteach sásúil ar an scéal do mhuintir Keane a bhí “an-chorraithe” de bharr na breithe.

Tá feachtas bailiúcháin airgid ar líne seolta ag muintir Keane an tseachtain seo agus £10,000 mar sprioc aige le cuidiú leis na costais a bhaineann leis an chás cúirte.

Fág freagra ar '‘Ní le leac ár máthar amháin a bhaineann an scéal seo ach le cearta daoine’'

  • Poraic o'hEipicín

    Go n-éirí Libh.

  • Simon Ó Faoláin

    Ni cheart go mbeadh ar an gclann seo suim mor airgid a bhailiú chun cás a thabhairt i gcúirt eaglasta, nach mbaineann ach le dlí canónach nach bhfuil stádas ceart dleathach aige. An amhlaidh go mbíonn an eaglais seo ag gearradh táillí ar dhaoine faoi achomharc a dhéanamh ina gcúirteanna eaglasta féin? Más ea, is cúis mhór náire é.
    “Ceathrar bhiocáire gan a bheith santach”, ambaiste!

  • S. Mac Muirí

    Is mac barrúil amach é Stephen Eyre le bheith ag líomhain polaitíochta i gcoinne aon duine. Níl ann féin, is ríchosúil, ach neach caillte in imirt na polaitíochta. Sheas sé faoi thrí do na Coimeádaigh, 7 theip air gach am, sular cheap a bhanríon é mar Recorder é don midland circuit 17/5/2005.

    Strangford 1992: 6,782 vóta;

    Stourbridge i nDudley Shasana 2001: 15,011 vóta (bhuail Labour é);

    Hodgehill i mBirmingham 2004: 3,543 vóta.

    Is cinnte ar a dhealramh gurb é a chaill an lá do na Coimeádaigh in Hodgehill. D’éirigh sé cortha de ansin 7 chuaigh le cleasaíocht na cille ina ionad soin feasta. Tá mé den mbarúil chomh maith gurbh é Stephen John Arthur Eyre an neach céanna a sheas dóibh an dá iarraidh roimhe sin.

  • an teanga bheo

    Cearta teanga agus cearta daonna do EIREANNAIGH in ainm DE

  • S. Mac Muirí

    Is barrúil é mo dhuine Eyre le bheith ag trácht ar ‘ráiteas polaitiúil’. Eisean a sheas 7 a theip faoi 3 do na Coimeádaigh i dtoghcháin 1992 i Loch Cuain;
    2001 i Stourbridge, Dudley agus
    2004 i Hodgehill Birmingham.
    D’éirigh sé cortha den teip shíoraí ansin 7 cheap a bhanríon é ina Recorder don gcúirt dúiche láir 17/2/2005.