Ní cosúil go mbeidh an pobal mór sásta leis an gcáinaisnéis

Tá sé deacair a thuiscint cén fáth a bhfuil an rialtas chomh diongbháilte sin i gcoinne caidhp a chur ar chostais fuinnimh

Ní cosúil go mbeidh an pobal mór sásta leis an gcáinaisnéis

Ní fada uainn anois an Buiséad. I gceann cúpla lá beidh a fhios againn céard atá beartaithe ag an rialtas i dtaobh ghéarchéim an chostais maireachtála. Nó céard nach bhfuil beartaithe acu…

Tá an oiread sin rudaí sceite féachaint cén glacadh a bheadh leo go bhfuil creatlach na an bhuiséad ar eolas againn nach mór. Ardú beag ar na híocaíochtaí leas shóisialaigh nach mbeidh ar aon chéim leis an mboilsciú, pacáiste creidmheasa le dul i ngleic le costas breosla, agus mar sin de.

Ach má chreideann an rialtas go gcuirfidh na beartais seo daoine ar a suaimhneas, bhuel, tá fianaise ann nach gcuirfidh.

I gCorcaigh, timpeall deich lá ó shin, chuaigh na mílte ar mhórshiúl lena míshástacht a chur in iúl, agus i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo shiúil na mílte arís leis an teachtaireacht chéanna a thabhairt.

Tá boilsciú ag 10% faoi láthair. Mar sin, más ardú níos lú ná cúig faoin gcéad atá ar na híocaíochtaí leasa shóisialaigh atá le ceadú sa bhuiséad beidh na daoine atá ag brath ar na híocaíochtaí sin níos measa as ná mar a bhí siad ag tús na bliana maidir lena gcumhach chaithimh.

Is í laige an rialtais, ceapaimse, ná go bhfuil an dá thaobh le feiceáil go soiléir: an pobal mór ag tabhairt aghaidh ar anró is ganntanas, mar aon le gnólachtaí beaga is eile; ach ar an taobh eile ollbhrabús á dhéanamh ag ollchomhlachtaí, go háirithe san earnáil fuinnimh.

Tá caint ag an rialtas ar cháin amhantair a ghearradh ar na comhlachtaí seo, ach tá srian curtha ag an Aontas Eorpach ar mhéad na cánach sin, agus admhaítear nach bhfaighidh an rialtas an méid céanna anois agus a bhíothas an tnúth leis.

Tá an-bhéim leagtha ag an rialtas ar an gcreidmheas breosla – suas le €600 más fíor don tuairimíocht. Ach, mar a deir Sinn Féin agus mionpháirtithe an fhreasúra, cén mhaith sin má tá na comhlachtaí in ann arduithe breise ar chostas fuinnimh a leagan orainn, de réir mar a oireann dóibh féin nó mar a ordaíonn an margadh?

Ní mór, ceapaim, mar atá á mholadh ag an bhfreasúra, caidhp a chur ar phraghsanna breosla is fuinnimh, seian a chur leo. Beidh costas ag dul leis sin, ach dá mba chomhlachtaí poiblí a bheadh i gceist, mar ba chóir i gcás infreastruchtúr criticiúil ar bith, ba chuma sin.

Tá a leithéid i gceist acu i Sasana, freisin. Rud a spreag Eamon Ryan, ceannaire an Chomhaontais Ghlais, polasaí na dTóraithe a thabhairt ar phlean Shinn Féin. Masla seachas argóint a bhí sa gcaint sin, measaim.

Maíonn an rialtas leis gur daoine saibhre a gheobhadh an bhuntáiste is mó as an bpolasaí sin; ach tá sé soiléir ámh go dtabharfadh a leithéid cinnteacht don phobal maidir leis na costais bhreise a bheas orthu, agus faoiseamh áirithe mar sín ón imní atá ar dhaoine mar gheall ar an ngéarchéim seo.

Agus dá gceanglófaí an chaidhp le cáin cheart amhantair, beidh cuid mhaith d’ualach na géarchéime á haistriú ón bpobal mór go dtí na daoine is saibhre.

Mar a tharlaíonn tá roinnt tíortha eile nach tíortha ‘Tóraíocha’ iad ag cur caidhp ar phraghsanna fuinnimh – ina measc an Ostair, an Fhrainc, an Chróit, an Pholainn, an Rómáin, an Ísiltír agus an Danmhairg.

Sa gcomhthéacs sin tá sé deacair mórán airde a thabhairt ar argóint an Rianaigh. Ach sa gcomhthéacs sin freisin tá sé deacair a thuiscint cén fáth a bhfuil an rialtas chomh diongbháilte sin i gcoinne plean den chineál seo.

Agus i bhfianaise na mórshiúlta agóide, is cosúil nach dtuigeann an pobal é ach an oiread.

Mar sin féin níl aon chomhartha ann go bhfuil an chonspóid seo nó conspóid ar bith eile ag cur as d’aontas an rialtais. Níl aon scoilt inmheánach sa rialtas maidir le polasaí.

Tá scoilteanna ann, ámh, ach scoilteanna maidir le cé aige a bheidh an post mar aire airgeadais nó mar cheannasaí an ghrúpa euro san AE.

Nach cuma leis an gcuid eile againn cén chaoi a roinnfidh na huaisle creach na hoifige? Níl aon tábhacht leis na nithe sin i gcomparáid leis an mbuairt fhorleathan faoin gcostas maireachtála.

Ó cheart is cóir go mbeadh an rialtas dírithe ar ábhar buartha an phobail agus air sin amháin, seachas a bheith ag déanamh imní faoina gcuid cluichí polaitiúla.

Agus ar ais sa bhfíorshaol tá daoine i mbun agóide faoi pholasaí an rialtais agus ag lorg plean a chabhródh leo déileáil leis na fadhbanna móra atá romhainn.

Fág freagra ar 'Ní cosúil go mbeidh an pobal mór sásta leis an gcáinaisnéis'