Ní cluiche uimhreacha é seo – tá galar marfach inár measc

Cén fáth nach bhfuil daoine soiléir faoin teachtaireacht ón rialtas? Mar nach mian le go leor díobh í a thuiscint

Ní cluiche uimhreacha é seo – tá galar marfach inár measc

Tá cur agus cúiteamh go leor le tamall de sheachtainí anois faoi straitéis chumarsáide an rialtais i dtaobh an víris chorónaigh. Bhí fógra na seachtaine seo ceaptha an scéal sin ar fad a leigheas.

Tá an chosúlacht ar an scéal gur mó dochar ná leas a rinne sé.

Tiocfaidh Fochoiste Covid-19 an rialtais le chéile inniu lena machnamh a dhéanamh ar na moltaí is déanaí ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí agus ón ngrúpa nua maoirseachta don Covid-19.

Tá ceathrar airí rialtais chomh maith leis an Taoiseach ar an bhfochoiste rialtais – an Tánaiste, an tAire Sláinte, an tAire Iompair, agus an tAire Caiteachais Phoiblí.

An ormsa atá sé nó an bhfuil go leor coistí ag plé leis an víreas seo? An dteastaíonn an oiread? Nach dtuigeann muid ar fad faoin tráth seo an chéad teachtaireacht a tugadh dúinn san earrach seo caite? Nach bhfuil sé soiléir go maith? Fan amach ó dhaoine eile chomh fada agus is féidir. Fan sa mbaile an oiread agus is féidir leat. Ná bí ag taisteal thar lear ar saoire. Nigh do chuid lámh. Caith do mhasc in áiteacha poiblí. (An chomhairle sin faoin masc an t-aon chomhairle nár chualamar go minic le linn an earraigh í.)

An deacracht atá ag na polaiteoirí, agus níl aon amhras ach gur fadhb mhór í don rialtas seo, ná go gcaithfidh siad breathnú ar an ngéarchéim eacnamaíochta agus iad ag iarraidh a chinntiú gur féidir leis an ngeilleagar feidhmiú agus teacht slán ar bhealach éigin le linn tréimhse an Covid-19.

Tá an díospóireacht faoi thithe tábhairne agus tithe ósta ag leanacht ar aghaidh gan staonadh le tamall de sheachtainí fad is atá líonn na gcásanna den víreas ag ardú go leanúnach. Tá aon duine gur mian leo deoch a ól in ann sin a dhéanamh gan dul go dtí teach tábhairne. Agus iontas na n-iontas is féidir deoch a ól agus cloí leis na rialacha ag an am céanna.

Cén fáth nach bhfuil daoine soiléir faoin teachtaireacht ón rialtas?

Mar nach mian le go leor díobh í a thuiscint.

Fad a bheidh muid ag maireachtáil le Covid-19 ní fhéadfadh an teachtaireacht a bheith níos soiléire. Nigh do lámha. Caith do mhasc. Fan sa mbaile chomh fada agus is féidir agus nuair atá tú sa mbaile ná bíodh mórán cuairteoirí agat.

Nuair a thosaíonn comhairleoirí cumarsáide ag cur cruth nua ar theachtaireacht is mó dochar ná leas a dhéanann siad go minic. Cuireann uimhreacha agus figiúirí mearbhall ar dhaoine atá ag iarraidh leanacht lena saol chomh maith agus is féidir.

Bíodh muinín againn as na daoine go bhfuil siad ag cloí chomh maith agus is féidir leo leis na rialacha. Ní mé céard is féidir a dhéanamh leo siúd a dhéanann neamhaird don treoir.

Deir an Dr Ronan Glynn go bhfuil cúrsaí ag dul chun donachta sa tír ar fad agus nach bhfuil an scaipeadh tréan teoranta do Bhaile Átha Cliath.

Bíodh sé sin soiléir mar sin ó aon fhógra a dhéanann an rialtas tráthnóna.

B’fhéidir gurbh fhearr an ráta R a fhágáil ar lár, chomh maith leis an líon básanna in aghaidh 100,000.

Abair le daoine fanacht sa mbaile.

Abair leo a gcuid lámh a níochán agus masc a chaitheamh. Agus meabhraigh dóibh arís nach cluiche uimhreacha é seo – tá galar marfach inár measc.

Fág freagra ar 'Ní cluiche uimhreacha é seo – tá galar marfach inár measc'

  • Poraic o'hEipicín

    An bhfuil Gaeilge ar masc. ???.