le Gearóidín Nic Cárthaigh
Foilsithe ag LeabharCOMHAR, €12
Dá mbeifeá ag brath ar scríobh faoi do thaithí féin, ní bheadh agat ach b’fhéidir leabhar amháin, trí dhán, b’fhéidir. Is le comhbhá a scríobhann scríbhneoirí – Nikki Giovanni
Is deacair a rá an fíor don ráiteas céanna. An bean í Gearóidín Nic Cárthaigh a bhfuil saol mór maith caite aici a bhronn taithí fhairsing agus fadradharc uirthi, nó an é go bhfuil comhbhá as cuimse aici?
Admhaím go raibh tamall ann ó léigh mé leabhar Gaeilge ná Béarla ar chúiseanna nach dtuigim féin (ach gur dócha a bheith gaolmhar leis an doomscrolláil), agus go raibh beagán de dhrogall orm tús a chur leis an gceann seo dá bharr.
Is mé a bhí sona sásta mar sin nuair a thuig mé laistigh de scéilín nó dhó chomh sásúil is atá sé cúpla splanc-scéal a chur díot laistigh de leathuair a’ chloig! Abair ábhar don andúileach dopaimín – is geall le TikTok ar phár na scéalta snasta seo a bhfuil líon beag focal iontu ach atá toirtiúil ó thaobh ábhair agus mothúcháin de.
Ní raibh mórán ar eolas agam roimh ré mar gheall ar ábhar an leabhair, rud a chuir leis an eispéireas creidim, ós rud é go raibh iontaisí ag fanacht orm ar chasadh chuile leathanaigh, agus mar sin níor mhaith liom an iomarca d’ábhar na scéalta a nochtadh anseo.
Is féidir liom a rá áfach gur ceithre splanc-scéal is tríocha faoi bhun míle focal an ceann a bhronntar orainn sa gcnuasach seo, ina gcuirtear splancíomhánna nó fínéid ar ár súile dúinne, iad dár n-iompar tríd saolta, scéalta, agus suíomhanna éagsúla. Cé gur leabhar beag é Geansaithe Móra, tá an iliomad radharcphointí le fáil faoi chlúdach an chnuasaigh a chuimsíonn ceisteanna comhshaoil; taithí na mban; uaigneas an duine aosta; caidrimh chasta (bíodh siad sin idir comharsana, baill chlainne ná leannáin); cúraimí teaghlaigh; mórphictiúir an domhain i gcomparáid le crá croí shaol an duine aonair; iontaisí agus dúshláin an tsaoil idir shólás is dólás.
Is é bua na scéalaíochta is mó a sheasann amach sa gcnuasach seo. Fuaitear scéalta as na heilimintí is lú den saol, go minic iad lonnaithe laistigh de na móimintí beaga neamhshuntasacha sin ina lastar scéal agus comhthéacs níos leithne, nó sna gníomhartha beaga sin a léiríonn míle focal neamhráite.
Bua eile a bhí go tréan sa leabhar seo – agus atá in easnamh in go leor cnuasaigh Ghaeilge eile – ná bua na simplíochta. Níl aon ghanntanas saibhris sa leabhar seo, ina bhfuil caint shnasta, comhráite inchreidte agus sruth scéalaíochta nádúrtha dea-scríofa – sruth nach ritheann rófhada riamh ó réim ghnáthléitheoirí na Gaeilge. Ní chuirtear focal amú agus ní chuirtear an léitheoir ar strae ag aon phointe, cur chuige a thugann tús áite don sult is féidir a bhaint as na scéalta sásúla seo.
Is minic gur bhain na scéalta stangadh asam leis na cora a tháinig ag a ndeireadh, nó nuair a nochtadh rún na gcarachtar i línte deireanacha an scéil. Is éacht nach beag é an cineál sin comhbhá agus tuiscint ar mhothúcháin na gcarachtar a chur i bhfeidhm gan mórán d’achar ama ná de chúlra, léiriú eile ar chomhbhá an scríbhneora.
Ba é an locht a bhí ar na scéalta ná a ngiorracht in amanna. Fágadh fonn réitigh orm scaití, ach níl á léiriú ansin ach chomh láidir is ar éirigh leis na scéalta mé a spreagadh laistigh de leathanach nó dhó d. Go deimhin, geall leis an bhfíorshaol, a bhfuil léiriú cuimsitheach air sa leabhar seo, ní bhíonn deireadh sásúil, ná sásta, le chuile scéal.
Fág freagra ar 'Ní chuirtear focal amú i sárchnuasach splancfhicsin Ghearóidín Nic Cárthaigh'