Tá an cead páirceála a bhí tugtha ag úinéirí talún i nGleann Carbad i sléibhte Chonamara tarraingthe siar acu mar gheall ar mhadraí a bheith á dtabhairt ar thalamh coimín agus sléibhe ag lucht siúl sléibhte agus an drochpháirceáil a bhí ar bun sa ghleann Gaeltachta le tamall de bhlianta anuas.
Tá Gleann Carbad suite sna Beanna Beola, sliabhraon a bhfuil an chuid is mó de i gceantar oifigiúil Gaeltachta Chonamara. Bíonn lucht siúl sléibhte ag tarraingt ar an áit mar gheall ar a chóngaraí is atá sé don Bhinn Bhán, an sliabh is airde i gcontae na Gaillimhe, agus siúlóid mhór ar a dtugtar ‘Crú Ghleann Carbad’.
Síneann bóithrín beag ón R344, Bóthar Ghleann Eidhneach, isteach ag ceann an ghleanna. Tá roinnt tithe agus feirmeacha ar an mbóithrín sin agus is ann a pháirceálann formhór na ndaoine a thugann aghaidh ar Bhinn Bhán, sliabh a mheallann go leor daoine mar gheall ar a stádas mar ‘Bharr Contae’. Tá áit bheag pháirceála sa ghleann ina bhféadfaí tuairim is ceithre nó cúig charr a pháirceáil. Chomh maith leis sin tá roinnt geataí feirme agus geataí tí ann.
Dúradh i bhfógra a d’fhoilsigh an eagraíocht Cumann Sléibhteoireachta na hÉireann (MI) go bhfuil an cead a bhí tugtha ag na húinéirí talún san áit do dhaoine a gcarr a pháirceáil ann agus iad ag siúl na gcnoc tarraingthe siar acu mar gheall ar “pháirceáil neamhthuisceanach” agus líon na ndaoine a bhí ag tabhairt a gcuid madraí ar an talamh.
Dúradh go raibh fáilte roimh shiúlóirí sléibhte siúl ar an talamh i gcónaí, a fhad is nach raibh madraí leo, ach go gcaithfí páirceáil in áit éigin eile feasta. Is é an moladh atá ag MI ná go bpáircéalfadh daoine ar mhaith leo siúl i nGleann Carbad sa charrchlós beag atá beagán níos faide ó thuaidh ar an R344 ag Coill Leitir Seanbhaile.
Cuirfidh an t-athrú seo 2.8km breise le haon siúlóid a dhéanfar i nGleann Carbad. D’fhéadfaí bealach 423 Bhus Éireann ón gClochán go Crosaire na Sraithe Salaí a thógáil freisin agus 5.4km breise a chur leis an tsiúlóid.
Tá méadú as cuimse tagtha ar líon na ndaoine a bhíonn ag cnocadóireacht in Éirinn le blianta beaga anuas. Molann MI do dhaoine atá ag iarraidh sásamh a bhaint as na sléibhte a bheith cúramach agus freagrach agus iad amuigh. Is minic a bhíonn úinéirí talún sásta daoine a scaoileadh thar a gcuid talún a fhad is nach ndéantar dochar d’fheirmeacha, nach bhfágtar cairr in áiteanna a gcruthóidh siad fadhbanna do mhuintir na háite, agus nach dtugtar madraí isteach ar an talamh.
Ní hiad na feirmeoirí amháin nach maith leo madraí ach lucht cosanta comhshaoil freisin. Is féidir le madraí cur isteach ar ainmhithe agus éin fhiáine agus dochar a dhéanamh do ghnáthóga leochaileacha na sléibhte.
Pádraig
Mar gheall ar mhadraí?
Ná ní orthu sin atá an locht ach na daoine ar leo iad!