Ní chuirfeadh comharthaí Gaeilge i Stáisiún Láir Bhéal Feirste “isteach in aon chor” ar an mBéarla agus “ní dhéanfadh siad a bheag” de.
De réir athbhreithniú nua a rinne an feidhmeannas i Stormont ar phleananna don chomharthaíocht sa stáisiún, ní dhéanfadh na comharthaí dátheangacha “aon laghdú ar na cearta” atá acu siúd a mhaíonn céannacht Bhriotanach faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Is é an t-athbhreithniú seo an dara huair a ndearna Aire Infreastruchtúir Stormont, Liz Kimmins, ó pháirtí Shinn Féin “measúnú comhionannais” ar phleananna comharthaíochta Stormont.
Sa Mhárta seo caite a d’fhógair Kimmins go raibh sé i gceist aici comharthaí Gaeilge a chur á gcrochadh i Mórstáisiún Láir na cathrach ar chostas €150,000, ach b’éigean na moltaí sin a chur ar athló de bharr caingean dlí a thionscain an gníomhaí dílseora, Jamie Bryson. Cháin polaiteoirí Aontachtacha a thacaigh le Bryson na pleananna chomh maith.
San athbhreithniú is déanaí seo, léiríodh go bhféadfadh tionchar dearfach nó tionchar diúltach a bheith ag na pleananna ar ghrúpaí éagsúla daoine ach nach gcuirfeadh na comharthaí Gaeilge isteach in aon chor ar chéannacht Bhriotanach aon duine agus nach laghdóidís ar aon bhealach stádas an Bhéarla.
Mí Meán Fómhair mhaígh breitheamh Ard-Chúirte go raibh ceist na gcomharthaí Gaeilge i Mórstáisiúin Láir Bhéal Feirste tar éis “ceap magaidh” a dhéanamh den Fheidhmeannas sa tuaisceart.
Mhol an Breitheamh McAlinden don fheidhmeannas an t-aighneas a réiteach agus comhairle a lorg faoin scéal ón gcoimisinéir nua don Ghaeilge.
Tá an Dílseoir agus an gníomhaí, Jamie Bryson, ag éileamh go ndéanfaí athbhreithniú breithiúnach ar chinneadh an Aire Liz Kimmins na comharthaí Gaeilge sa stáisiún a cheadú.
Fág freagra ar 'Ní chuirfeadh comharthaí Gaeilge i stáisiún Bhéal Feirste ‘isteach in aon chor’ ar an mBéarla'