Ó tháinig na laethanta saoire feicim go bhfuil am againn cúrsaí an tsaoil a chíoradh is a chartadh. Beagán an iomarca ama, seans.
Níl mé ag rá gur mé tobar na críonnachta ná tada mar é, ach shíl mé go mba dheas an deis a bheadh ann chun an méid atá foghlamtha agam faoin saol a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.
Anois an t-am againn réiteach a fháil ar na mórcheisteanna atá ag dó na geirbe ag aos óg ár linne. Is muid á séideadh anseo is ansiúd ag cuaifeach an tsaoil i rith na bliana, an mbíonn deis againn na ceisteanna móra tábhachtacha a phlé?
Ceisteanna ar nós, cé acu ab fhearr leat, uachtar reoite a ithe gach lá de do shaol ach gan aon rud eile a ithe, nó, gan aon uachtar reoite a ithe arís go deo agus cead agat chuile shórt eile a ithe?
Cé acu ab fhearr leat, súile eile a bheith agat ar bharr do ladhracha nó eireaball an-fhada? Codladh bunoscionn gach oíche agus tú ag luascadh ón tsíleáil nó codladh amuigh leis na seilidí istigh faoi na sceacha? A bheith in ann splancacha tintrí a shéideadh amach trí do shrón nó a bheith in ann rith an-sciobtha?
Ní bhíonn críonna ach an té a mhealltar, a deirtear, is dóigh nár mealladh mo dhóthain fós mé mar is minic easpach i gcríonnacht mé in éadan na gceisteanna.
‘Cé acu ab fhearr leat Mamaí?’ a d’fhiafraigh an Babaí díom, ‘a bheith i d’fhathach mór millteach ar feadh lá amháin nó a bheith beag bídeach?’
‘Níl a fhios agam,’ a dúirt mé.
‘Níl a fhios agat?’ a deir sé agus iontas air. ‘Nach fearr i bhfad a bheith beag bídeach!’ a dúirt sé.
Ní raibh mé chomh siúráilte sin go mba mhaith an rud é a bheith beag bídeach.
‘D’fhéadfadh mise thú a iompar thart ar mo ghualainn don lá,’ a deir sé, ‘nó thú a chur síos i mo phóca nó mo mhála scoile dá mbeifeá tuirseach.’
Cé gur tairiscint fhlaithiúil a bhí ann ar an gcéad amharc, bhí an-amhras orm an dtiocfainn slán as lá a chaitheamh ag imeacht ina phóca, ar a ghualainn ná ina mhála scoile ag an mBabaí.
Céard eile a bheadh thíos sa bpóca chomh maith liom féin?
D’fhéadfaí brath air go mbeadh lán glaice gainimh thíos ann, mar atá i ngach póca eile sa teach. Tá spallaí beaga géara thíos ann, níl aon amhras orm, is tá tuairim agam go bhfuil caor phéine agus Ferrari beag dearg thíos ann freisin. Nithe contúirteacha iad sin uile don té nach mbeadh ach leath-throigh ar airde.
‘B’fhearr liom lá a chaitheamh i m’fhathach,’ a dúirt mé. Bhí mé ag iarraidh go mbeadh mo fhreagra ‘ar an taifead’ ar fhaitíos go gcasfaí aon draoi ar an mbóthar orainn lá éigin sula mbeidh an samhradh caite, nó ginid an lampa.
‘Ní bheadh aon mhaith beo a bheith i d’fhathach, Mamaí,’ a dúirt an Babaí agus díomá air le mo fhreagra. ‘Cuimhnigh ar an spraoi a bheadh agat dá mbeadh tú thuas ar mo ghualainn ar nós pearóide!’
‘Hmm,’ a dúirt mé. ’Caithfidh mé tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar an gceist.’
Éilís Ní Anluain
Píosa gleoite eile a Bhridget :)