Ní bhaineadh Turas na Cruaiche feacadh as mná breátha Mhaigh Eo

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ní bhaineadh Turas na Cruaiche feacadh as mná breátha Mhaigh Eo

Thug na mílte Cruach Phádraig orthu féin Dé Domhnaigh seo caite ach ní raibh gaire ar bith acu ar sheanmhná fíriúla Mhaigh Eo

Tá trácht ar bhean darbh ainm Ní Dhúnaí as Gort an Éadain, achar beag ó Mhainistir Mhaigh Eo agus deirtear nach raibh a sárú mar choisí le fáil sa taobh tíre seo. Tá sí marbh leis na blianta anois ach tá a sliocht sa gceantar sin fós.

Maidin amháin d’éirigh sí, rinne sí obair an tí, chrúigh sí na ba agus thiomáin amach sa bpáirc iad. Ansin bhuail sí uimpi a seál, thug léi a sparán agus greim le n-ithe agus stad ná cónaí ní dhearna sí gur shroich sí barr Chruach Phádraig, áit a bhí breis agus fiche míle óna háit chónaithe.

D’fhan sí ar bharr na Cruaiche go raibh an oilithreacht thart, agus ansin ar ais léi arís de shiúl a cos gur thiomáin sí isteach is gur chrúigh sí na na ba an oíche sin.
Chuala mé féin mo sheanuncail, Séamas Mac Lochlainn (nach maireann), ag rá gur fhág a mháthair féin, Neilí Ní Dhuibheanaigh, gur fhág sí Cluain Lao (mo bhaile féin) tráthnóna Dé Sathairn chun turas na Cruaiche a dhéanamh.

Tá tríocha míle fada idir Cluain Lao agus an áit sin agus d’imigh léi ag coisíocht agus d’fhill sí ar ais abhaile tráthnóna Dé Domhnaigh tar éis a bheith ar bharr na Cruaiche. Bhí na comharsana ag seanchas agus ag scéalaíocht nuair a tháinig sí isteach sa teach, agus tar éis í a cheistiú chualadar uaithi nach raibh puinn tuirse uirthi ach go raibh sí stiúgtha leis an ocras.

Bhí fataí cois tine ar an teallach agus bhí salann agus bláthach ar an driosúr agus deirtear gur lúide an teallach na fataí agus an crúiscín an bhláthach nuair a bhí a sáith ite agus ólta aici. Ba bhreá an gníomh é sin do bhean agus níl focal bréige ann.

Eibhlín Ní Chorraidhe,
múinteoir i Scoil Náisiúinta Rúscaí,
Co Mhaigh Eo

Fág freagra ar 'Ní bhaineadh Turas na Cruaiche feacadh as mná breátha Mhaigh Eo'

  • Maire

    ca bhfuil an scoil seo? an i Cnoc Ruscaighe ?

  • Ciarán Ó Súilleabháin

    baile fearainn
    Rúscaigh
    ginideach: Rúscaí
    (Gaeilge)
    Roosky
    (Béarla)
    Scaip Tvuít Scaip
    Eangach Náisiúnta
    M 32603 74636

    Taifid chartlainne
    Nasc buan
    https://www.logainm.ie/36129.aspx