Ní ar an réiteoir a bhíonn an locht i gcónaí agus ceachtanna eile CLG

Ní ar na réiteoirí a bhíonn an locht i gcónaí Leamh go maith a bhí cluichí an deireadh seachtaine seo caite agus ba iad líon na bpocanna saora a tharraing caint i measc bainisteoirí agus sna meáin. Bhí John Kiely agus Kieran Kingston ina measc siúd a bhí ag gearán faoi líon na bpocanna saora […]

Ní ar an réiteoir a bhíonn an locht i gcónaí agus ceachtanna eile CLG

An réiteoir Fergal Horgan. Pictiúr:INPHO/James Crombie

Ní ar na réiteoirí a bhíonn an locht i gcónaí

Leamh go maith a bhí cluichí an deireadh seachtaine seo caite agus ba iad líon na bpocanna saora a tharraing caint i measc bainisteoirí agus sna meáin. Bhí John Kiely agus Kieran Kingston ina measc siúd a bhí ag gearán faoi líon na bpocanna saora a bronnadh ina n-aghaidh agus díol suntais a bhí sa 48 poc saor a bronnadh sa chluiche idir Port Láirge agus an Iarmhí.

Níl aon rud nua sna gearáin seo, áfach. Bhí an chasaoid chéanna le cloisteáil le linn na sraithe anuraidh agus ag tús an tséasúir in 2019. Nuair a thiocfaidh an chraobh, ní bhronnfar cuid de na pocanna saora boga a bronnadh le cúpla deireadh seachtaine anuas. B’fhéidir nach bhfuil sé sin ceart, ach sin mar atá agus sin mar a bhí i gcónaí.

Ceann de na gearáin is mó atá ann faoi líon na bpocanna saora ná go gcuireann siad moill ar an gcluiche, ach gur fíor sin is mó den locht atá ar na himreoirí ná mar atá ar an réiteoir.

Scór bliain ó shin, bhronnfaí poc saor sa líne leathchúil agus taobh istigh de chúpla soicind bheadh an sliotar lasctha isteach i dtreo na líne lántosaithe.

Sa lá atá inniu ann, tá an oiread sin feabhais tagtha orthu siúd a bhíonn i mbun na bpocanna saora gur beag foireann anois nach bhfuil fear acu atá in ann scór a fháil ó phoc saor a bhronntar ar a líne 65m féin.

Mar sin, nuair a bhronntar poc saor áit ar bith gar do lár na páirce, bíonn ar an té atá chun í a thógáil, tosach de ghnáth, jagáil siar, dul trí na deasghnátha uile – an camán a ghlanadh, an sliotar a thriomú, na coiscéimeanna a chomhaireamh – sula mbuaileann sé iarracht ar na postaí.

Ní ar na réiteoirí a bhíonn an locht i gcónaí.


Fadhb mhór ag cosantóirí na Gaillimhe

Pádraic Joyce agus Peter Keane i ndiaidh an chluiche i dTrá Lí. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Nuair a chailleann foireann le 22 pointe, is beag duine nach mbeadh cáineadh tuillte acu agus is cinnte go raibh sé sin fíor i gcás na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo, idir imreoirí agus lucht bainistíochta.

Beidh fearg an domhain ar na himreoirí féin faoin gcaoi ar imir siad i dTrá Lí. Fir óga iad cuid acu nach bhfuil ach ag tosú le foireann shinsir na Gaillimhe, ach tá taithí na mblianta ag leithéidí Gary O’Donnell, Johnny Heaney agus Liam Silke. Bhí na seanfhondúirí chomh freagrach céanna as an drochthaispeántas is a bhí na himreoirí nua. Arís agus arís eile, níor leag na Gaillimhigh a lámh ar an bhfear a raibh seilbh na liathróide aige agus tugadh cead a gcinn d’imreoirí Chiarraí scrios a dhéanamh.

Chaith gach duine den triúr a bhí i líne lánchúil na Gaillimhe seal ag marcáil David Clifford ach fiú dá gcuirfí an triúr acu air ag an am céanna, ba dheacair dóibh smacht a chur air. Ní haon pheaca é mura bhfuil imreoir in ann ag an tosach is fearr sa tír, ach shílfeá go mbeadh plean ag lucht bainistíochta na Gaillimhe chun srian éigin a chur ar thosaithe Chiarraí. Má bhí plean aige, níor léir cad a bhí ann.

Nuair a tháinig Pádraic Joyce isteach mar bhainisteoir anuraidh chinn sé gan aon chosantóir breise a úsáid agus leag sé mar dhúshlán roimh gach imreoir an ceann is fearr a fháil ar an té a bhí sé féin a mharcáil.

D’éirigh go maith leis na Gaillimhigh luath sa bhliain ach nuair nach mbíonn rudaí ag obair mar ba chóir, ní fhanann cuma ná caoi orthu, mar a chonaiceamar i dTrá Lí ag an deireadh seachtaine agus in aghaidh Mhaigh Eo sa tsraith anuraidh.

Feabhsóidh cúrsaí ach a mbeidh Seán Kelly ar ais ar a sheanléim agus nuair a fhillfidh John Daly, ach is gá do Joyce agus lucht bainistíochta na Gaillimhe plean eile a réiteach gan mhoill ionas nach bhfeicfear cluichí amhail treascairt Thrá Lí arís.


Réalt óg eile aimsithe ag Tír Eoghain

Paul Donaghy (ar dheis) ag imirt do Dhún Geanainn i gCraobh Thír Eoghain anuriadh. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Tús le ré úr a bhí ann do Thír Eoghain an deireadh seachtaine seo caite agus a gcéad chluiche ag Feargal Logan agus Brian Dooher i gceannas ar an bhfoireann. Chuir Paul Donaghy tús lena sheal féin mar imreoir ssinsir chomh maith agus más aon tuar an taispeántas den scoth a thug an tosach óg in aghaidh Dhún na nGall tá rudaí maithe i ndán dó.

Níor cheart an iomarca suntais a chur in aon chluiche amháin, go háirithe sa tsraith, ach bhí Donaghy ar fheabhas ar fad ina chéad chluiche do Thír Eoghain. D’aimsigh an tosach deich bpointe agus fuair sé scóranna den scoth lena dheasóg agus lena chiotóg.

Cuirfear an cheist cén fáth nach bhfacthas Donaghy ag imirt do Thír Eoghain roimhe seo ach níl sé ach 22 bliain d’aois tá neart ama aige le gaisce a dhéanamh lena chontae. Ba é an tosach ab fhearr i gCraobh Thír Eoghain anuraidh, agus scóráil sé 33 pointe i gceithre chluiche do Dhún Geanainn.

Agus Mattie Donnelly, Cathal McShane, Conor McKenna, Darragh Canavan, Lee Brennan, Mark Bradley, Darren McCurry agus Donaghy i measc na dtosaithe atá ar fáil do Thír Eoghain, níor cheart go mbeadh aon ghanntanas scóranna orthu in 2021.


Tiobraid Árann ag teip os comhair an chúil

Jason Forde. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

D’admhaigh bainisteoir Thiobraid Árann Liam Sheedy i ndiaidh an chluiche in aghaidh Chorcaí gur údar díomá dó nach raibh a fhoireann in ann aon deis ar chúl a chruthú sa chluiche, gan trácht ar cheann a scóráil. Theip ar Thiobraid Árann cúl a scóráil in aghaidh Luimnigh freisin an tseachtain seo caite agus is léir go bhfuil rud éigin as alt.

Cinnte, is mór an chailliúint é Séamus Callanan agus an sárthosach fós ag teacht chuige féin ó ghortú droma. Níl sé ach dhá bhliain ó shin ó scóráil Callanan cúil i ngach ceann de chluichí craoibhe Thiobraid Árann, ach is údar imní an cúlú atá déanta ag leithéidí John McGrath.

In aghaidh Chorcaí, ba é Jason Forde an t-aon duine den seisear tosaithe a thosaigh an cluiche do Thiobraid Árann nár tógadh den pháirc agus táthar ag brath rómhór faoi láthair ar na scóranna a fhaigheann seisean ó phocanna saora. Deich bpointe a d’aimsigh Forde in aghaidh Chorcaí, scór cinniúnach ag deireadh an chluiche an ceann a chinntigh an comhscór.

In aghaidh Luimnigh, scóráil Forde 0-14 den 0-20 a scóráil Tiobraid Árann sa chluiche agus níor tháinig ach péire acusan ón imirt. Agus líon na bpocanna saora ag dul i méid san iomáint, de réir dealraimh, is iontach rud naoscaire cruinn a bheith ag foireann, ach ní féidir a bheith ag brath chomh mór sin ar na buillí saora.

Fág freagra ar 'Ní ar an réiteoir a bhíonn an locht i gcónaí agus ceachtanna eile CLG'