Ní ag lorg déirce atá na feirmeoirí, ach cothrom na Féinne

Fáinne fí atá ann, agus brabús níos mó á fháil ag gach céim den staighre táirgeachta ná mar atá ag an gcéim is ísle, an feirmeoir

Ní ag lorg déirce atá na feirmeoirí, ach cothrom na Féinne

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Bhí fear ón mbaile seo againne i dtigh proinne ardnósach sa Daingean le déanaí, é féin agus a nuachar. (Cleas an-rómánsúil iad fearaibh Dhún Chaoin, tabhair fé ndeara). Bhí dúil aige i smut mairteola, agus d’ordaigh sé stéig bhreá dó féin, mar bail ó Dhia ar a ghoile, d’íosfadh an fear céanna trian agus leath an domhain, ar nós Piast Chráilí fadó.

€33 a bhí ar an stráice feola. Bhí a fhios aige go raibh san daor, ach bhí sé aige cheana, agus píosa mairteola gan cháim a bhíodh ann de ghnáth, agus leathbhucait glasraí ina theannta. Tháinig an stéig, agus leathspúnóg peaindí fé, ach dá mbeadh sé fós ag feitheamh leis ní bheadh meacan nó cabáiste nó práta tagtha chuige. Ar deireadh d’fhiafraigh sé don bhfreastalaí cá raibh na glasraí. “Caithfir breis a dhíol astu san,” arsa an gearrchaile, “toisc an t-ardú ar an ráta VAT.” Murach gur suite a bhí sé, bheadh mo dhuine tar éis titim as a sheasamh. Bhí formhór daichead euro ar a phláta bídh.

Scéal thairis é tromluí na nglasraí, mar gur mó ceann a thógas den €33 a bhí ar stéig sa bhialann áirithe seo. Ach a rabhas á insint seo do chúpla duine, dúradh liom nach aon eisceacht é seo; tá €30 á lorg ar stéig agus dornán chip i dtigh tábhairne áirithe ar an leithinis, agus go hard sna fichidí de euro á lorg uirthi i bhformhór gach áit ina bhfuil bia á dháileadh.

Stéig an Daingin a rith liom agus mé ag féachaint ar na hagóidí mairteola le roinnt seachtainí anuas, agus feirmeoirí mairteola ag éileamh praghas níos fearr ós na monarchana feola ar a n-ainmhithe. Dá mbeadh an ceart le fáil, bheadh cuid mhaith den €33 sin á fháil ag an té a chuireann an bunábhar ar fáil, ’sé sin an feirmeoir. Más rud é go gceaptar go bhfuil an táirge chomh blasta sin gur féidir an méid sin airgid a éileamh air, is dócha go bhfuil luach saothair maith á fháil ag an bhfeirmeoir, nach bhfuil?

Ach níl, mo léan. Deir an Ghluaiseacht Mairteola linn gur €2 as gach €10 a chaithimse agus a chaitheann tusa ar mhairteoil san ollmhargadh, a fhaigheann an feirmeoir. €2.90 a fhaigheann na comhlachtaí próiseála, agus faigheann lucht na siopaí €5.10. Tá san siar is aniar, bunoscionn agus isteach is amach.

Chuirfinn céad punt i gcoinne na pingine nach raibh puinn sa bhreis ar chúpla euro ag pé feirmeoir a chothaigh, ar feadh dhá bhliain, an beithíoch óna dtáinig stéig an Daingin. Déarfaidh lucht na mbialann go bhfuil rátaí agus táillí agus pá agus a leithéid le híoc acusan, rud atá fíor, agus gur ó sholáthróirí seachas ós na feirmeoirí a cheannaíonn siadsan a gcuid feola, agus gur as sin a eascraíonn a gcuid praghsanna. Ach tá an difríocht idir praghas an phláta bídh agus an luach saothair a fhaigheann na feirmeoirí as riocht ar fad.

Caithfidh aon ghnó a bheith in ann brabús éigin a dhéanamh má theastaíonn uathu fanacht i mbun gnó. Sin bunchloch an chórais chaipitlíoch. Is fíor san d’ollmhargaí, bialanna, búistéirí, monarchana feola agus go deimhin d’fheirmeoirí. Ach fáinne fí atá ann, agus brabús níos mó á fháil ag gach céim den staighre táirgeachta ná mar atá ag an gcéim is ísle, an feirmeoir. 

Táid ann a deir nach bhfuil faic i ndán don bhfeirmeoireacht mairteola toisc go bhfuil an-chuid daoine ag caitheamh uathu táirgí feola, agus nach mbeidh aon éileamh ar mhairteoil, ar mhuiceoil ná ar uaineoil sula i bhfad. Ach tá éileamh orthu fé láthair, agus ba chóir go mbeadh praghas réasúnta á fháil ag feirmeoirí ar a dtáirge. Ní ag lorg déirce atá na feirmeoirí, ach cothrom na Féinne.

Tá an ceart ceart, is cuma cad a deir na margaí. Tá rud éigin an-mhícheart le margadh a chruthaíonn billiúnaithe ar nós Labhráis Ardfhear, agus a fhágann a sholáthróirí i dtaobh le pinginí pitseála.

Tá dóthain buillí buailte ar phobal tuaithe na hÉireann, gan na daoine is fadbhunaithe sna pobail úd, na feirmeoirí, a ghlanadh as. Sin a tharlóidh mura mbeidh toradh ar na comhchainteanna idir iad agus lucht na monarchana, agus mura bhfaigheann feirmeoirí mairteola na tíre tairbhe éigin as a dtáirge dea-bhlasta.

Fág freagra ar 'Ní ag lorg déirce atá na feirmeoirí, ach cothrom na Féinne'