‘Neamhaird’ á déanamh ar mhianta tuismitheoirí maidir le bunú iarbhunscoileanna Gaeilge

Tá cáineadh géar déanta ag eagraíochtaí oideachais Gaeilge ar pholasaí na Roinne Oideachais maidir le bunú iarbhunscoileanna nua agus gan aon scoil lán-Ghaeilge i measc na sé scoil nua atá le bunú in 2020

‘Neamhaird’ á déanamh ar mhianta tuismitheoirí maidir le bunú iarbhunscoileanna Gaeilge

Bláthnaid ní Ghréacháin agus Caoimhín Ó hEaghra

Deir eagraíochtaí oideachais go bhfuil neamhaird á déanamh ag an Roinn Oideachais ar mhianta tuismitheoirí maidir leis an ngaeloideachas agus go bhfuil aonad Ghaeilge “a bhrú” ar an bpobal mar “sop in áit na scuaibe”.

Rinneadh an cáineadh sin i ndiaidh a fhógra go mbeadh sé iarbhunscoil nua á bhunú an bhliain seo chugainn agus gan aon scoil lán-Ghaeilge ina measc.

Ní mó ná sásta a bhí Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, leis an scéala sin agus dúirt sí nach aon leigheas ar an scéal freagra na Roinne.

“Tá an-mhíshástacht orainn go bhfuil aonaid á mbrú arís mar réiteach ar sholáthar iar-bhunscoile trí mheán na Gaeilge.

“Tá múnla an aonaid róleochaileach, is sop in áit na scuaibe atá ann. Níl polasaí ag an Roinn ina leith, agus ní féidir le tuismitheoirí bheith muiníneach go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil dá bpáistí ar bhonn leanúnach agus de réir múnla iomlán an tumoideachais sna haonaid dá réir”.

Dúirt Ní Ghréacháin nach mar a chéile “vóta ar son oideachas lán-Ghaeilge agus vóta ar son aonad”. Dúirt sí go raibh an ceart ag tuismitheoirí a bheith ag súil le “oideachas iomlán lán-Ghaeilge ag an iar-bhunleibhéal” ach nach raibh an Roinn ag glacadh dáiríre le “mianta na dtuismitheoirí” sin.

Dúirt an Foras Pátrúnachta gur chúis “imní”  é nach raibh oiread agus Gaelcholáiste amháin i measc na sé scoil nua a d’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh inné.

Deir Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, gur léirigh an fógra sin go bhfuil “gá le próiseas nua a chruthú chun pátrún scoileanna a roghnú”.

“Má leantar leis an scéim vótála mar atá ní thabharfar mianta gach tuismitheora san áireamh. Ní thuigimid cén chaoi gur féidir leis an Roinn Oideachais is Scileanna neamhaird a dhéanamh ar an tríú cuid de thuismitheoirí a roghnaigh oideachas lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath 6 agus Baile Átha Cliath 6 Thiar, go háirithe leis an soláthar reatha d’iar-bhunscoileanna Béarla ag 100%.”

Rinne an Foras Pátrúnachta iarratas go mbunófaí iarbhunscoil lán-Ghaeilge i ngach ceann de na sé cheantar a bhí i gceist agus bhí siad ag súil go háirithe go n-éireodh lena n-iarratas i gcás dhá dhá cheann de na ceantair, Baile na nGabhar agus Cluain Sceach, mar a bhfuil gaelscoileanna láidre.

Dúirt sé nach raibh “rogha shásúil” á tabhairt do thuismitheoirí na tíre maidir leis an ngaeloideachas iarbhunscoile.

“Ba chóir don Roinn seasamh a ghlacadh ar an gceist mar a deineadh leis na bunscoileanna i mbliana,” arsa Caoimhín Ó hEaghra.

D’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh i mí Mheán Fómhair go mbeidh ar a laghad cúig cinn den 13 bunscoil nua a bhunófar idir 2020-2022 ina scoileanna lán-Ghaeilge.

D’fhógair sé chomh maith athrú mór ar an gcóras bunaithe bunscoileanna a d’fhág gur chóir go mbeidh sé níos éasca gaelscoil a bhunú feasta.

Faoin gcur chuige nua, sa chás go mbeidh bunscoil nua le bunú i limistéar pleanála scoile nach bhfuil aon ghaelscoil cheana ann ainmneofar an scoil nua ina Gaelscoil sula gcuirfear an córas pátrúnachta i bhfeidhm.

Tá an cheist maidir le bunú gaelscoileanna á plé ag Oifig an Choimisinéara Teanga leis an Roinn Oideachais ó chinn sé go raibh an reachtaíocht oideachais á sárú ag an Roinn i gcás bunú scoile i mBaile Átha Cliath.

De réir figiúirí a chuir an Roinn Oideachais ar fáil do Tuairisc.ie níos túisce i mbliana, is beag méadú atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas.

8% de dhaltaí bunscoile atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge ach níl oideachas lán-Ghaeilge á chur ach ar 3.5% de dhaltaí iarbhunscoile an Stáit.

Tá níos lú ná 10,000 dalta iarbhunscoile ag fáil oideachas lán-Ghaeilge i scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá lucht an ghaeloideachais ag maíomh le fada nach bhfuiltear ag freastal ar an éileamh i measc tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh de Ghaeltacht agus nach bhfuil dóthain scoileanna lán-Ghaeilge nua á dtógáil.

28 iarbhunscoil lán-Ghaeilge atá sa stát.

Fág freagra ar '‘Neamhaird’ á déanamh ar mhianta tuismitheoirí maidir le bunú iarbhunscoileanna Gaeilge'

  • Mairéad

    Is tíorántacht é seo. Níl an Roinn Oideachias ag éisteacht leis an ESRI a léirigh go bhfuil 24% de thuismitheoirí nantíre ag iarraidh Gaeloideachais dá bpáistí. Teastaíonn feachtas chun dúshlán an Stáit a thabhairt.

    Nuair a bhí iarrachtaí ar siúl Coláiste na Coiribe a bhunú bhí an Coiste Gairmoideachais ag tarraingt na gcos. Ar ámharaí an tsaoil bhí feachtasóirí oilte ar fáil chun tacú leis na tuistí dúshlán an Choiste Ghairmoideachais a thabhairt. Sa deireadh bhí na tuistí réidh le Coláiste na Coiribe a bhunú iad fhéin in Áras na nGael (oifigí Chonradh na Gaeilge) agus chuir siad é sin in iúl go láidir don Choiste Chairmoideachais. Go gearr ina dhiaidh sin chuir an Coiste Ghairmoideachais fógra amach go raibh Coláiste na Coiribe le hoscailt in am don scoilbhliain nua.