Iarratas le déanamh gur iarbhunscoil lán-Ghaeilge a bheidh i ngach ceann de shé scoil nua

D’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh inniu go bhfuil iarbhunscoileanna nua le bunú chun freastal ar dhaoine i mórcheantar Átha Cliath, i gcontaetha Chill Mhantáin, Chill Dara agus na Mí

Iarratas le déanamh gur iarbhunscoil lán-Ghaeilge a bheidh i ngach ceann de shé scoil nua

Tá sé i gceist iarracht a dhéanamh a chinntiú gur iarbhunscoil lán-Ghaeilge a bheidh i ngach ceann de shé scoil nua atá le bunú an bhliain seo chugainn.

Dheimhnigh an Foras Pátrúnachta do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist acu iarratas a dhéanamh i gcás na sé iarbhunscoil nua.

D’fhéadfadh chomh maith go socródh boird oideachais agus oiliúna iarratas a dhéanamh ar a bheith mar phátrún ar scoil lán-Ghaeilge.

D’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh an tseachtain seo go bhfuil scoileanna nua le bunú le freastal ar mhórcheantar Átha Cliath, ar chontaetha Chill Mhantáin, Chill Dara agus na Mí.

Thug McHugh cuireadh do chomhlachtaí pátrúnachta iarratas a dhéanamh dá mba mhian leo a bheith ina bpátrún ar na scoileanna nua. Tá ceithre cinn de na sé scoil atá le bunú in 2020 i mBaile Átha Cliath, ceann i mBaile Bhlainséir, ceann i mBaile na nGabhar, ceann in Iarthar na Cathrach/Teach Sagard agus ceann i gCluain Sceach.

Dúirt Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra go rabhthas den tuairim go mbeadh “éileamh an-mhór” ar  iarbhunscoil lán-Ghaeilge i gcuid de na ceantair atá luaite leis an scoileanna nua.

Bunaithe ar eolas atá ag an bhForas Pátrúnachta cheana, creideann siad go mbeadh an-éileamh ar ghaelcholáiste nua in dhá cheann de na ceantair go háirithe, Baile na nGabhar agus Cluain Sceach.

Scoil 1,000 dalta atá beartaithe do Cluain Sceach agus dar le Caoimhín Ó hEaghra gur chóir cur chuige nua a chur i bhfeidhm sa cheantar sa chás go mbeadh éileamh mór ar an ngaeloideachas ann. Ba chóir, dar leis, scoil lán-Ghaeilge agus scoil Bhéarla a bhunú sa cheantar dá gcruthófaí go bhfuil an-tóir ar an ngaeloideachas i measc thuismitheoirí an cheantair.

An tAire Oideachais Joe McHugh

Maidir leis na scoileanna eile, dúirt sé go dtabharfaí deis do mhuintir na háite a léiriú cé acu an bhfuil nó nach bhfuil éileamh ar an ngaeloideachas iarbhunscoile ina measc.

Tá scoil le bunú chomh maith i gCill Mhantáin, do cheantar Chill Chomhghaill agus na Clocha Liatha, agus déanfaidh scoil nua ar an mBóthar Buí freastal ar  dhaoine i  gcontae Chill Dara agus i gcontae na Mí.

De réir na bhfigiúirí a chuir an Roinn Oideachais ar fáil do Tuairisc.ie níos túisce i mbliana, is beag méadú atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas.

8% de dhaltaí bunscoile atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge ach níl oideachas lán-Ghaeilge á chur ach ar 3.5% de dhaltaí iarbhunscoile an Stáit.

Tá níos lú ná 10,000 dalta iarbhunscoile ag fáil oideachas lán-Ghaeilge i scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá lucht an ghaeloideachais ag maíomh le fada nach bhfuiltear ag freastal ar an éileamh i measc tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh de Ghaeltacht agus nach bhfuil dóthain scoileanna lán-Ghaeilge nua á dtógáil.

28 iarbhunscoil lán-Ghaeilge atá sa stát.

Fág freagra ar 'Iarratas le déanamh gur iarbhunscoil lán-Ghaeilge a bheidh i ngach ceann de shé scoil nua'

  • file

    Ceist teanga: an úsáid seo thuas – “mórcheantar Átha Cliath” – ba mhaith liom aird a dhíriú uirthi agus míniú a thabhairt ar an fháth a bhfuil sí contráilte. Anois, tá lánchead ag comhlacht bus a rogha ainm a thabhairt air féin, fiú ceann atá contráilte ó thaobh na teanga de (Bus Átha Cliath). Agus is dócha go bhfuil cead ag na peileadóirí sin sna geansaithe gorma ‘Áth Cliath’ a chur ar na geansaithe céanna. Ach, de mo dhóigh, tá siad beirt a dhéanamh as bréagthuiscint go gciallaíonn ‘Baile Átha Cliath’ an chathair amháin, agus go gcuireann ‘Áth Cliath’ in iúl gur an contae atá i gceist. Dul amú iomlán atá sa bhréagthuiscint sin. Amharc ar chontaethe eile leis an phointe s’agamsa a thuigbheáil i gceart.
    An amhaidh, mar shampla, gur ‘Gorman’ atá ar an chuid sin de Chontae Loch Gorman nach bhfuil in aice leis an loch? Nó an gciallaíonn ‘Láirge’ an chuid sin den chontae sin nach cuid de Phort Láirge é? Maidir le ‘Mantáin’ don cheantar sin nach bhfuil fá scread asail do chill an naoimh … feiceann sibh an pointe anois, tá súil agam. Seo thíos ceartúsáid Bhaile Átha Cliath:
    Baile Átha Cliath/Cathair Bhaile Átha Cliath (don chathair);
    Contae Bhaile Átha Cliath (don chontae).
    Fágaimis ‘Áth Cliath’ (agus an Brú chuig Cúig) inár ndiaidh agus ag comhlachtaí bus agus ag eagraíocht nár chomhlíon riamh a dualgais i leith na teanga.
    Maidir le Dubh Linn a thabhairt ar an áít, seans gur leor Blackpool amháin ar na hoileáin seo!

  • alan titley

    Ó bhó go deo agus eile! Tá Muiris Ó Droighneáin beo fós is léir agus ceachtanna á múineadh aige dhúinn. Tharlódh go mbeadh an ceart ag ár bhfile (óir bíonn an file ceart i gcónaí), is é sin ceart ceartúsáide go ceart agus go deimhin go cóir ceart chomh ceart céanna, ach tá gnáthchaint agus gnáthbhladar agus gnáthchleachtadh ghnáthmhuintir na Gaeilge (agus na hardchathrach) a bhaineann leas agus aimhleas agus casadh agus lúbadh timpeall is ar ais is siar is aniar as leaganacha éagsúla a oireann dóibh ar ala na huaire agus de thuras an ama agus lá loicht ná cámas oíche ná milleán maiden ní bhfaigheadh saoi ná daoi air sin. An méid sin dona go leor, ach féach…’na hoileáin seo!’ Cad iad sin in ainm Croim agus Mannanáin?

  • file

    Níl de fhreagairt agam i ndáiríre ach nach bhfuil ‘h’ san fhocal ‘dúinn’.

    Seachas sin, ní bheinn ag dúil le bá leis an loighic ó Chorcaíoch. Is ionann na hoileáin seo agus Toraigh, Árainn Mhór, Reachlainn, Fódhla, Skye, Acail, Grande Bretagne etc