Naonúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 24 cás nua deimhnithe

2,215 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,678 duine ó dheas den teorainn agus 537 ó thuaidh di

Naonúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 24 cás nua deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil naonúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go bhfuil 24 cás nua den ghalar deimhnithe.

2,215 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,678 duine ó dheas den teorainn agus 537 ó thuaidh di.

Duine amháin ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

29,973 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,183 cás ó dheas den teorainn agus 4,790 cás ó thuaidh.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh duine amháin eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe agus deimhníodh 14 cás nua.

De réir an eolas a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) amach inné, tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 537.

757 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 29 Bealtaine. 528 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna. De réir fhigiúirí NISRA thit líon na mbásanna sa Tuaisceart don séú seachtain i ndiaidh a chéile.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 25,159 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Déardaoin, an 4 Meitheamh:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,319 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 410 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim.
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 8,059 cás, 32%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 12,127 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,528 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,423 cás, nó 6%
  • 481 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.2%), 472 cás bhí i nDún na nGall (1.9%), 154 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%), 805 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%) agus 570 cás (2.3%) a bhí deimhnithe i Maigh Eo
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 39% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 58% agus taisteal thar lear ba chúis le 2%

Idir Dé Céadaoin agus Déardaoin na seachtaine seo caite, níor aimsíodh aon chás nua den ghalar in aon cheann de na seacht gcontae Gaeltachta seachas i gcontae na Mí, mar ar deimhníodh cás nua amháin.

123 duine a bhfuil Covid-19 orthu atá sna hospidéil ó dheas, i gcomparáid le 182 duine seachtain ó shin. 37 othar a bhfuil an galar orthu atá sna haonaid dianchúraim.

 

Fág freagra ar 'Naonúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 24 cás nua deimhnithe'