Os cionn 20,000 duine marbh agus Gaza faoi léigear

Ní éireoidh na hIosraelaigh as an bhfeachtas go dtí go mbeidh siad sásta go bhfuil slad déanta acu ar eite mhíleata Hamas ar a laghad

Os cionn 20,000 duine marbh agus Gaza faoi léigear

I rith 2023 bhí an chuma ar chúrsaí nach raibh na hIosraelaigh róbhuartha faoi chúrsaí i nGaza. Seachas óráidí bagracha anois is arís ó cheannairí Hamas, ní raibh mórán faisnéise ag teacht ó údaráis slándála Iosrael go raibh ionsaithe ar tí tarlú.

Cé go raibh srian docht daingean ag na hIosraelaigh ar earraí a bhí ag dul isteach i nGaza bhí níos mó oibrithe lae ag teacht ó Ghaza le haghaidh oibre in Iosrael. De réir cosúlachta ba í tuiscint na n-údarás in Iosrael go rachadh taisteal an lucht oibre sin i bhfeidhm ar Hamas agus go mbeadh drogall orthu dá bharr ionsaithe a sheoladh.

Ar bhealach bhí siad dírithe ar an mBruach Thiar agus d’aistrigh siad roinnt trúpaí ón teorainn le Gaza chun déileáil le haon éirí amach a d’fhéadfadh a bheith ansin mar gheall ar na lonnaíochtaí nuabhunaithe.

Tar éis do Hamas na hionsaithe gan choinne a a dhéanamh ar an 7 Deireadh Fómhair, ionsaithe inar mharaigh siad breis is 1200 duine agus inar fhuadaigh siad thart ar 240 giall, tá athrú iomlán tagtha ar chúrsaí agus ní fhillfidh siad mar a bhí.

Freagra na nIosraelach

Mar fhreagra ar na hionsaithe, sheol na hIosraelaigh feachtas fíochmhar i gcoinne Gaza chun slad a dhéanamh ar Hamas agus ar ndóigh ar na dreamanna míleata Palaistíneacha eile atá lonnaithe sa stráice.

Tá sé ráite ag urlabhraí i ndiaidh urlabhraí de chuid Iosrael go leanfaidh siad ar aghaidh go dtí go mbeidh an sprioc sin bainte amach acu. Seachas sos ar feadh seachtaine chun roinnt giall agus príosúnach a mhalartú, níl laghdú tagtha ar líon na n-ionsaithe.

De réir anailís a rinne an BBC ag deireadh mhí na Samhna scriosadh thart ar 100,000 foirgneamh mar gheall ar an bhfeachtas. Is ionann sin agus formhór na bhfoirgneamh i dtuaisceart an stráice agus níos mó ná 15% díobh sa deisceart.

De réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, níl ach 14 den 36 ospidéal i nGaza ag feidhmiú agus deir na húdaráis sláinte gur maraíodh níos mó ná 18,000 duine go dtí seo sna hionsaithe díoltais.

Ní éireoidh na hIosraelaigh as an bhfeachtas go dtí go mbeidh siad sásta go bhfuil slad déanta acu ar eite mhíleata Hamas ar a laghad, agus go dtí go mbeidh na ceannairí gafa nó maraithe acu. Dar le ginearál Iosraelach amháin tarlóidh sin go luath san athbhliain.

Tar éis an fheachtais mhíleata.

In ainneoin na ngearán atá déanta ag Aire Cosanta agus Státrúnaí na Stát Aontaithe faoi líon na sibhialtach a maraíodh, tá an chuma ar chúrsaí nach bhfuil mórán tionchair ag na Meiriceánaigh ar Iosrael maidir le dul chun cinn an fheachtais mhíleata. Ach tá an Státrúnaí tar éis na prionsabail seo a leanas a leagan amach chun tionchar a imirt ar chúrsaí i ndiaidh an fheachtais:

  • Ba chóir Údaráis na Palaistíne a bheith freagrach as cúrsaí riaracháin sa stráice
  • Níor chóir smacht a bheith ag na hIosraelaigh ar Ghaza mar fhórsa forghabhála
  • Níor chóir críocha nó talamh na bPalaistíneach in Gaza a laghdú.
  • Níor chóir Gaza a bheith faoi léigear

Ach tá deacrachtaí leis na prionsabail seo. Ar an gcéad dul síos dúirt Príomh-Aire na Palaistíne nach mbeidh Údarás na Palaistíne sásta a bheith freagrach as an stráice mura mbeadh Hamas mar chuid den rialtas.

Mhaígh Príomh-Aire Iosrael nach bhfuil muinín aige as an Údarás a thuilleadh agus nach mbeadh aon bhaint acusan le riarachán an stráice. Ní dea-thuar é seo don Bhruach Thiar as seo amach ach oiread.

Cé go raibh drogall ar na hIosraelaigh ar dtús a gcuid pleananna a nochtadh maidir le cúrsaí i ndiaidh an fheachtais mhíleata, agus b’fhéidir gurb é an chúis leis sin ná nach raibh aon phleananna acu, tá sé ráite acu le déanaí go bhfuil siad chun limistéar cosanta a bhunú timpeall Gaza. Má chuireann siad an plean don limistéar sin i gcrích beidh sé ag teacht salach ar an bprionsabal atá á lua ag Státrúnaí Mheiriceá nach ndéanfaí aon laghdú ar na críocha in Gaza.

Ní nach ionadh go bhfuil siad tar éis a mhaíomh gurb iadsan amháin a bheidh freagrach as cúrsaí slándála. Ciallaíonn sé seo go gcuirfidh siad Gaza faoi léigear de shaghas éigin, rud eile a bheidh ag teacht salach ar na prionsabail Mheiriceánacha.

Tíortha Arabacha Máguaird

Níl suim ag na hIosraelaigh a bheith mar fhórsa forghabhála agus mura mbeidh Údarás na Palaistíne páirteach i riarachán Gaza cén seasamh a bheidh ag na tíortha eile máguaird?

Tá sé ráite ag Aire Gnóthaí Eachtracha na hIordáine nach bhfuil fonn orthu a bheith mar chuid den chóras riaracháin i ndiaidh an chogaidh. Tá deacrachtaí seanbhunaithe ag Rialtas na hÉigipte le Hamas agus seans nach mbeidh siadsan sásta a bheith mar chuid den chóras riaracháin ach oiread.

Measann na Náisiúin Aontaithe go bhfuil thart ar 1.8 milliún ruaigthe as a gcuid tithe, cuid mhaith acu díbeartha ó dheas. Mar gheall air sin agus ionsaithe leanúnacha Iosrael, tá Rialtas na hÉigipte faoi bhrú an teorainn i ndeisceart Gaza a oscailt. Ach níl suim ar bith ag na hÉigiptigh lonnaíocht nua Phalaistíneach nó campa dídeanaithe eile a bhunú sa tír.

Toisc go raibh Catar, an Éigipt agus na Stáit Aontaithe páirteach sna cainteanna maidir le malartú na ngiall tá seans ann go mbeidh siad páirteach i gcainteanna chun córas riaracháin a chur le chéile nuair thiocfaidh ionsaithe Iosrael chun deiridh.

As seo amach

Ach is iad na hIosraelaigh atá ag déanamh na gcinntí maidir le dul chun cinn an fheachtais mhíleata agus is beag tionchar atá ag tíortha eile orthu. Mar gheall air seo is féidir talamh slán a dhéanamh de:

  • Go bhfaighidh siad an lámh in uachtar ar eite mhíleata Hamas a bheag nó a mhór
  • Go scriosfaidh siad cuid mhaith de Ghaza chun an sprioc a bhaint amach
  • Go mbunóidh siad limistéar cosanta idir Iosrael agus Gaza
  • Go gcuirfidh siad córas docht daingean slándála i bhfeidhm ar Gaza
  • Agus go bhfágfaidh siad faoi eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tíortha eile déileáil le cúrsaí daonnúla agus le riarachán an stráice i ndiaidh an chogaidh.

Cé nach bhfuil suim ag Iosrael an choimhlint a leathnú agus iad i mbun cogaíochta i nGaza, i bhfianaise na n-ionsaithe ar an 7 Deireadh Fómhair is féidir a shamhlú nach mbeidh siad sásta maireachtáil le bagairtí i dtuaisceart Iosrael mar gheall ar Hezbollah sa Liobáin. Ach an ndéanfaidh siad aon rud chun dul i ngleic leis na deacrachtaí sin agus níos mó ná 300,000 trúpaí slógtha acu? Seans go mbainfidh úsáid as an aerfhórsa chun armlanna Hezbollah a ionsaí ar a laghad.

Tá cúrsaí ar an mBruach Thiar ag dul in olcas mar gheall ar iompar na lonnaitheoirí agus beidh siad gnóthach ar an talamh ansin ar feadh i bhfad chomh maith.

Fág freagra ar 'Os cionn 20,000 duine marbh agus Gaza faoi léigear'