NACH GRÁNNA É? Tá sé chomh dall le bonn mo bhróige…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH GRÁNNA É? Tá sé chomh dall le bonn mo bhróige…

Tá sé chomh dall le bonn mo bhróige. Sin é a deirtí faoi dhuine a gceaptaí faoi nach raibh sé chomh meabhrach le daoine eile. Nach gránna an breithiúnas é. Bhí bealaí eile ann lena rá freisin: chomh ramhar sa réasún le muc; chomh dúr le seanasal, le taobh an bhalla, le cloch carraige, le meall caca.

Bhíodh ainmneacha gránna eile á dtabhairt ar an duine bocht freisin: cloigneachán, ceann cipín, bómán, clabhstar, dúramán, bobaide, bobarún, gamal, dobhrán, pleota.

Cen bhrí ach de réir mar a rinne an síceolaí Meiriceánach Howard Gardener amach sa mbliain 1983 tá naoi gcineál éirime ann. D’fhéadfadh duine nach mbeadh go maith ag an matamaitic a bheith in ann clog a bhaint ó chéile agus an clog sin a chur ag imeacht as an nua aríst.

Ní le hábhar amháin a bhíonn luí ag chuile dhuine. Ba mhaith a thuig Pádraig Mac Piarais é sin nuair a tháinig tuismitheoir chuige lá ag casaoid faoina mhac. Dúirt sé nach raibh suim ar bith aige sa staidéar. An t-aon rud a thaitníonn leis, a dúirt sé, a bheith ag casadh ceoil ar fheadóg stáin. ‘Céard a dhéanfas mé leis ar chor ar bith?’ ar seisean. ‘Cén fáth,’ a dúirt an Piarsach, ‘nach gceannaíonn tú feadóg stáin dhó?’.

Tá sé chomh dall le bonn mo bhróige. Nach gránna é?

Fág freagra ar 'NACH GRÁNNA É? Tá sé chomh dall le bonn mo bhróige…'