NACH DEAS É? Táilliúir gan miosúr…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Táilliúir gan miosúr…

Táilliúir gan miosúr a thabharfaí ar dhuine nach mbeadh uirlisí a ghnó aige.

Táilliúir snáthaide a thugtaí ar tháilliúir a bhíodh ag fuáil lena lámh (gan aon inneall aige). Tabhair faoi deara gur táilliúr seachas táilliúir a deirtear i gConamara.

Bíonn culaith tháilliúra ann agus iarann táilliúra

Tá feithid bheag ann ar a dtugtar an táilliúr. Tá droim dubh crua uirthi agus bíonn sí ag imeacht ar bharr an uisce.

Seo leaganacha eile a bhfuil an focal táilliúr nó táilliúir iontu:

Táilliúir a dhéanfadh agus dhá tháilliúir ná déanfadh, a deiridís i gContae an Chláir. Don duine a dhéanfadh rud tá beirt nach ndéanfadh an chiall a bhí leis.

Táilliúr a chlisfeadh agus táilliúr nach gclisfeadh a deirtí in áiteanna eile.

Ag tóraíocht táilliúra i mbruth faoi thír – rud atá deacair a fháil.

Léim táilliúra a thabharfaí ar léim thar a chorp a dhéanfadh duine agus a dhá chois trasna ar a chéile.

Snáithe fada an táilliúra fhalsa—obair mhaolscríobach.

Is minic snáithe fada ag drochtháilliúir.

Na trí rud is éasca amuigh, cat idir dhá theach, coinín idir dhá scailp, táilliúir idir dhá bhaile.

Is beag a fhuas an táilliúir in aice an tseanchais —bíonn suim rómhór aige sa scéalaíocht.

Chomh bréagach le táilliúir—ba mhinic a ghealladh táilliúir culaith éadaigh ach nach gcoinníodh sé a fhocal.

An triúr is aeraí ar domhan, táilliúir, píobaire agus gabhar.

Ba mhinic poll ar ghlúin táilliúra – duine atá ag freastal ar dhaoine eile, tugann sé faillí ina ghnó féin.

Dhá rud níos doimhne ná an fharraige, méaracán táilliúra agus intinn mná.

“Is luachmhar an t-anam,” mar a dúirt an táilliúir agus é ag rith ón ngandal.

Reithe, tarbh is táilliúir, sin triúr a bhíonn madrúil ó nádúr.

Trí rud gan feidhm, máistir scoile gan slat, píobaire gan dos, táilliúir gan méaracán.

Má phósann tú an táilliúir is tú a bheas ag caoineadh, a dúradh san amhrán.

Seo mar a chuir Raiftearaí focla i mbéal an té a bhí ag casaoid faoi ‘An Táilliúir Drúisiúil’.

Nach mé a bhí gan chéill

Nár éagaoin mo chasaoid in am,

Sular éalaigh mo chéad searc,

Trí Éirinn le táilliúir na srann.

Táilliúir na míol a thug sé air in áit eile san amhrán.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Táilliúir gan miosúr…'

  • Brendan Keane

    Fuálaí gan lua.