Nach deas é? – ‘Tá sé bruite ar bhainne aige dhó…’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teangaNach deas é? Tá sé bruite ar bhainne aige dhó….

Nach deas é? – ‘Tá sé bruite ar bhainne aige dhó…’

Tá sé bruite ar bhainne aige dhó a déarfaí faoin té a mbeadh mírún nó naimhdeas aige do dhuine eile. Bheadh cloch sa mhuinchille aige dhó nó nimh sa bhfeoil. Bheadh droch-chroí aige don duine sin agus faltanas freisin. Faltanas Mhuintir Laoi, buille fill Chlann Donnchadha agus gliceas Chlann Mhic Con Fhaola a bhí sa seanrá. Ach deirtí thairis sin nach am faltanais am géibhinn, is é sin gur cheart do dhaoine seasamh le chéile nuair a bheadh contúirt ag bagairt.

Tá sé bruite ar bhainne aige dhó. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? – ‘Tá sé bruite ar bhainne aige dhó…’'