Bhíodh caint sna seanscéalta ar shnua na géise gile. Mar mholadh a deirtí go raibh d’éadan chomh geal leis an eala.
Seo mar atá sé sa scéal faoi Mhac na Míchomhairle a scríobhadh os cionn trí chéad bliain ó shin: Grua na ndrithleann ba gile ná géis ar snámh.
Ainm eile ar eala is ea géis.
D’fhéadfadh snua na hóige a bheith ort. Bheadh snua do choda ort dá mbeifeá do bheathú féin go maith. Ar an taobh eile den scéal d’fhéadfá do shnua a chailleadh.
Duine nach mbíonn folláin bíonn drochshnua nó drochdhreach air.
Bheadh do chás an-dona ar fad dá mbeadh snua an bháis ort.
Is breá atá tú ag coinneáil do dhath, a déarfaí dá mbeifeá ag coinneáil do shnua.
B’fhéidir go gcuideodh snua-phúdar nó snua-ungadh leat leis an gcosúlacht sin a bheith ort.
Ba mhór i gceist sa bhfilíocht “snua na gcaor” a bheith i ngrua duine. Nó mar a dúirt an Caisideach Bán “ar dhath na gcaor do ghrua atá”.
Snua ná snas ná raibh air –eascaine.
Fág freagra ar 'NACH DEAS É?: snua na gé gile…'