Nach deas é? Níl rud ar bith inchosanta air…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Níl rud ar bith inchosanta air…

Feictear dhom gur dheas an chaoi ar chuir mo chara an chaint sin agus é ag cur síos ar dhuine de na comharsana a raibh cáil na gadaíochta air. ‘Níl rud ar bith inchosanta air,’ a dúirt sé. ‘Tá sé ar chúl an chlaí ag faire ort.’

Is iomaí cineál gadaí ann – gadaí san oíche, gadaí beithíoch, gadaí bóthair. Ropaire é an gadaí bóthair a bhíonn ag obair de shiúl a chos seachas a bheith ag marcaíocht ar chapall.

Gadaí na geamhoíche a thugtaí ar chainteoir maith a ghiorródh oíche gheimhridh le scéalta.

Thugtaí an gadaí lampa, nó gadaí na gcoinnle, ar an bpilibín eitre i Maínis i gConamara.

 D’fhéadfá gadaí bruite a thabhairt ar dhuine nó rógaire dubh.

Ar ndóigh d’fhéadfadh duine a bheith ina rógaire agus gan a bheith ina ghadaí. Tá mo stocaí is mo bhróga ag an rógaire dubh atá san amhrán.

Rinneadh amhrán eile a bhfuil an véarsa seo ann:

Gus a ghadaí a ghoid mo phíopa, cén fáth nár iarr tú cead?

Mar má théimse féin chun dlí leat, táim cinnte go n-íocfair as, 

Tá mo cheann ag goil thart timpeall, is tá mo chroí istigh ag éirí lag,

Tá mo shúile ag silt na mbraona gach oíche nach bhfaighim aon ghail.

Dá mbeifeá in áit chos an ghadaí bheadh amhras agat ar dhuine. Is fearr glas ná amhras sa gcás sin.

Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal gadaí iontu:

Ní baol don bhacach an gadaí. Is dócha gurb éard a chiallaíonn sé sin nach mbeadh tada aige le goid uaidh.

Seo é an gadaí ach cá bhfuil an cruthú?

Maidir leis na huaireanta codlata a theastaíonn ó dhaoine áirithe deirtear é seo:

Ocht n-uaire déag díol leadaí,

Dhá uair dhéag díol lúiste,

Sé huaire díol talmhaí,

Dhá uair díol cneámhaire,

Uair amháin díol gadaí.

Síleann gadaí na gcruach gur gadaithe an slua. Is minic a thabharfá faoi deara nach mbíonn duine ar bith is mó a bhíonn ag cur síos ar ghadaíocht ná an té atá ina ghadaí é féin.

Aithníonn an gadaí an fear fairnéiseach.

Is duine gan daoine nach bhfuil gadaí nó striapach orthu.

Bróg éadrom ag an ngadaí.

Dhá fhad dá dtéann an gadaí beirtear sa deireadh air.

Níl taibhse ar bith is measa ná taibhse an dá chos—an gadaí san oíche a bhíonn ag faire ar a sheans.

Ní raibh ann ach na bráithre agus d’imigh na bróga—rud a bheith goidte, is gan ann ach an dream céanna, nó dream nach raibh aon amhras fúthu.

Dúirt an file Séamas Dall Mac Cuarta an méid seo faoin mbás:

A bháis is tú an sladaire chreachas na réigiúin,

Is cosúil le gadaí thú, is deacair do réiteach.

Rinne file eile an chaint seo:

Och, a Chonaill, a chléibh, a ghaoil na bhfear a bhí sámh,

ná lig mise síos go síoraí anois leis an bhás,

le gadaí an ghoib chaoil, a bhfuil nimh ar gach ribe dá bharr,

ag teacht mar a bheadh daol ann ag scríobadh craiceann is cnámh

Is measa an bréagadóir ná an gadaí a deirtear: coisneoidh tú thú féin ar an bhfear bradach ach ní féidir thú féin a shábháil ar an bhfear bréagach.

Tá an smaoineamh céanna sa mBíobla:

Is fearr gadaí ná bréagaire buan; ach tá an tubaiste i ndán dóibh araon.

Tá leaganacha eile faoin ngadaí sa mBíobla freisin:

Na cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar an talamh mar a mbíonn an leamhan agus an mheirg á mhilleadh agus na bithiúnaigh ag briseadh isteach á ghoid.

Is beag é an milleán a chuireann daoine ar an ngadaí a dhéanann goid lena bholg a líonadh agus ocras air.

Tá fuath ag comrádaí an ghadaí dá bheo féin; cluineann sé an mhallacht ach ní sceitheann sé.

Níl rud ar bith inchosanta air… Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Níl rud ar bith inchosanta air…'