Cé hé siúd amuigh a bhfuil faobhar ar a ghuth, a dúirt an bhean a rinne an t-amhrán ‘Éamon an Chnoic’. Feictear dom gur deas an líne filíochta é.
Cuirtear faobhar ar scian, ar rásúr agus ar speal.
Is cinnte gurb é an faobhar a bhaineas féar.
‘Misneach a thochlaíos fataí.
Faobhar a bhaineas féar.
Thug tú t-éitheach, a chailleach
Ach fear breá láidir is speal bhreá ghéar.’
Déarfainn gur cuma cé chomh láidir is a bheadh an fear mura mbeadh faobhar aige nach mbainfeadh sé mórán féir.
Faobhar an chnoic a thugtar scaití ar spéirlíne an chnoic.
Tugtar faobhar an dorais ar an tairseach scaití eile.
Bíonn faobhar lae is oíche ann – an clapsholas.
Bád a bheadh ag iompar ar a faobhar bheadh sí ag luí beagán ar a bord.
Cloch ar a faobhar ní saor a chuirfeadh.
D’fhéadfadh faobhar siúil a bheith faoi dhuine.
Tharlódh sé go mbeadh faobhar oibre air, faobhar le holc nó faobhar ocrais.
Ar ndóigh b’fhéidir go mbeadh sé ag iarraidh faobhar ocrais a chur air féin. Sa gcás sin d’íosfadh sé bia a chuirfeadh géarú nó faobhar ar a ghoile.
Tá daoine ann a mbíonn faobhar ar a dteanga.
Bhí faobhar ar a shúile liom a déarfá faoi dhuine a mbeadh olc aige dhuit.
Bás le faobhar a fuair cuid mhaith daoine fadó—le claidheamh a maraíodh iad.
Cúl le faobhar a thugtar ar áit atá scoite, iargúlta.
Seán Mag Leannáin
Cuireann an t-alt seo i gcuimhne dom seanfhocal i mBéarla a chuala mé thart anseo (iarthar Chill Mhantáin): “if you don’t sweat whettin’, you’ll s—e mowin'”!