Oíche amháin nuair a bhí mé thart ar sé bliana d’aois tháinig mo mháthair isteach sa seomra agus dhúisigh sí mé. ‘Éirigh,’ a dúirt sí, ‘caithfidh tú slán a rá le d’uncail.’
Bhí a fhios aici go gcaithfinn slán a rá leis mar go raibh sé ina laoch agam ar ardán órga agus gur dóigh go mbeadh mé croíbhriste dá n-imeodh sé i ngan fhios dom.
Cén comrádaí nó cara sa gcúirt a bheadh agam nuair a d’imeodh seisean? Bhí sé i gcónaí sásta a ghabháil go dtí an pháirc spraoi agus bhí an-tóir aige ar an uachtar reoite agus na brioscaí, ach an oiread liom féin. No, chaithfeadh sé fanacht. Bhí m’intinn déanta suas agam.
An rud nach raibh a fhios aici ná go raibh plean agamsa diúltú slán a rá leis. Shíl mé mura ndéarfainn slán leis nach mbeadh cead aige imeacht. Bhí mé cliste na laethanta sin.
‘Níl mé ag éirí,’ a dúirt mé léi. ‘Abair leis a theacht ar ais arís amárach.’
Níor oibrigh an plean amach dom. Chonaic mé solas na cistine ag sileadh isteach ar urlár an tseomra agus m’uncail ina sheasamh sa gcistineach ag fanacht. ‘U-ó! Tá mé feicthe aige!’ a chuimhnigh mé.
Tháinig sé isteach sa seomra agus shuigh sé ar chorr na leapan. ‘Caithfidh mé imeacht,’ a dúirt sé go réidh. ‘Ach níl mé ag iarraidh ort imeacht,’ a dúirt mé go gearánach. ‘Cá bhfuil tú ag dul?’
‘Le haghaidh na hoibre,’ a dúirt sé. ‘Ná bíodh aon imní ort. Feicfidh muid a chéile arís.’
Níor chreid mé go bhfeicfeadh.
D’imigh na blianta agus tháinig sé ar cuairt againn ceithre nó cúig bliana ina dhiaidh sin. Sular tháinig sé chuir sé scéala chuig mo mháthair agus dúirt sé léi a rá linn iarratas a chur chuige, céard a bhí uainn as Meiriceá.
Bhí bosca criáin Crayola feicthe agam i siopa éigin i nGaillimh, Roches Stores seans, agus 64 criáin istigh ann. Meas tú an rud é sin a bheadh le fáil i Meiriceá, a d’fhiosraigh mé, agus leathfhaitíos orm é a iarraidh is go mbeadh sé thar fóir a leithéid a lorg.
Níor chreid mé mo shúile an Nollaig sin agus é ag seasamh sa doras is bosca mór Crayola ina ghabháil aige. Is cuimhin liom fós áilleacht bholadh an pháipéir is céir na gcrián.
Chaith sé roinnt míonna in Éirinn an uair sin agus é ag tabhairt cúnaimh dá mhuintir féin, mo Mhamó is mo Dhaideo, a bhí ag gabháil amach sna blianta ag an am.
Nach aisteach mar a fhanann cuimhní thar a chéile linn ar feadh an tsaoil? Phéinteáil muid an chistineach do Mhamó is Daideo, chuir muid tíleanna nua síos is thug muid an gadhar ar shiúlóidí móra fada. Nuair a bhí orm a dhul faoi obráid le m’aipindic a thógáil amach, is é a shuigh le taobh mo leapa liom san ospidéal ar feadh sé lá.
Tá sé ar cuairt arís agus tá sé níos sine ná mar a bhí a mhuintir féin na blianta fada ó shin. Níl a fhios agam an cuimhin leis an bosca Crayola ná na siúlóidí agus scaití, níl mé cinnte an cuimhin leis cé mé féin. Agus briseann sé sin mo chroí.
Thug sé an t-am i gcónaí le dul ag caint linn agus muid ina ngasúir. Déanann daoine fásta dearmad am a chaitheamh ag caint le páistí is cluas éisteachta a thabhairt dóibh. Bíonn míle agus céad rud le déanamh i gcónaí is ní cheapann muid go bhfuil an t-am againn le sos a thógáil le dul ag caint faoi thada.
Is é an dearmad nach bhfuil mé ag iarraidh a dhéanamh ná a bheith chomh gnóthach is go n-imíonn na rudaí is tábhachtaí tharam i ngan fhios dom. Nuair a thiocfaidh fómhar an tsaoil is iad na nóiméid le chéile na splancracha áthais a scalann amach trí cheo na mblianta.
Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)
Scríbhneoireacht den scoth é seo 7 é maoithneach álainn. Maith thú a Bhríd chóir :-)
Máire B
Aontáim, a Niall,
Is bréa liom an t-alt seo,
Bhí uncail agam cosúil leis an uncail Bhríd – laoch mór i mo shaol.