Na scoileanna le hathoscailt do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu

Tháinig Cumann Múinteoirí Éireann, Fórsa agus an Roinn Oideachais ar chomhaontú tráthnóna faoi chás na ndaltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu.

Na scoileanna le hathoscailt do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu

Osclófar na scoileanna speisialta Déardaoin an 11 Feabhra, agus osclófar ranganna speisialta sna scoileanna eile ar an 22 Feabhra.

Níl aon réiteach faighte fós do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu ach nach bhfuil i rang speisialta.

Ní bheidh ach leath de na páistí sna scoileanna speisialta istigh aon lá ach a n-osclófar na scoileanna sin ar an 11 Feabhra.

Tháinig Cumann Múinteoirí Éireann, Fórsa agus an Roinn Oideachais ar chomhaontú tráthnóna faoi chás na ndaltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu.

Chuir an tAire Oideachais Norma Foley fáilte roimh an gcomhaontú tráthnóna agus dúirt sí go leanfaí leis na cainteanna leis na ceardchumainn d’fhonn teacht ar réiteach faoi athoscailt na scoileanna ar fad.

De réir phlean an Rialtais bhí na scoileanna le hathoscailt do na daltaí sin an mhí seo caite ach caitheadh an plean sin i dtraipisí nuair a chuir na ceardchumainn ina choinne.

Tá cruinniú cinniúnach ag Airí agus feidhmeannaigh shinsearacha tráthnóna chun an Ardteist agus an t-amchlár d’athoscailt na scoileanna a phlé.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney go mb’fhéidir go mbeadh soiléire ann amárach faoina bhfuil i ndán do scrúduithe na hArdteiste.

Dar leis go dtuigeann an Rialtas go maith an strus atá ar dhaltaí agus dá bharr go dteastaíonn uathu cinneadh a dhéanamh faoi na scrúduithe stáit níos túisce ná mar a rinneadh anuraidh.

“Teastaíonn uainn cinntí a dhéanamh i bhfad níos túisce i mbliana agus muid ag iarraidh an strus atá i dtithe de bharr na scrúduithe agus todhchaí na ndaltaí a mhaolú.”

Dúirt Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) go bhfuil siad féin ar son scrúduithe na hArdteiste a reáchtáil i mbliana.

Dúirt an TUI go raibh “an-amhras orthu an bhféadfaí rogha a thabhairt do dhaltaí idir scrúdú scríofa agus gráid ríofa”.

Dúirt an ASTI gurbh fhearr leosan go rachadh na scrúduithe stáit ar aghaidh an samhradh seo agus na páipéir scrúduithe leasaithe. Cé gurb é an scrúdú scríofa traidisiúnta ab fhearr leis an ASTI, dúirt an tUachtarán Ann Piggott go mbeadh páipéir leasaithe níos cothroime ó tharla an méid sin scolaíochta caillte ag daltaí.

Bhí imní ar an gceardchumann go bhféadfadh fadhbanna a bheith ag baint le rogha a bheith ag daltaí idir scrúdú scríofa agus gráid ríofa.

“Sa gcás go mbeadh grád le tabhairt do dhalta, bheadh imní orainn nach mbeadh aon spreagadh eile ag an dalta. An bhféadfadh sé tarlú nach bhfanfadh daltaí sa scoil go dtí mí na Bealtaine?

“Céard a dhéanfadh múinteoirí agus iad ag múineadh cúrsa na hArdteiste chomh maith? Má bhíonn rogha ann beidh go leor daltaí ann freisin a roghnóidh an scrúdú traidisiúnta. Bheadh sin an-dian orainne,” arsa Ann Piggot le Newstalk.

Dúirt Cathaoirleach Ghrúpa Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta NPHET, an tOllamh Philip Nolan go raibh Éire ar a bealach “go gasta go dtí an tráth go bhféadfaí scoileanna a athoscailt go cúramach céimnithe”.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan go bhféadfadh gur idir 200 agus 400 cás nua den Covid-19 in aghaidh an lae a bheadh againn faoi dheireadh mhí Feabhra.

 

Fág freagra ar 'Na scoileanna le hathoscailt do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu'