Na naoscairí chun cinn agus tús na craoibhe ag teannadh linn

Beidh ceann de na cluichí is suimiúla sa tsraith iomána ar siúl anocht i bPáirc na nGael i Luimneach nuair a thiocfaidh Corcaigh ar cuairt

Na naoscairí chun cinn agus tús na craoibhe ag teannadh linn

TJ Reid. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Ní raibh ach cluiche amháin sraithe i Roinn 1B againn an Domhnach seo caite, an ceann idir Cill Chainnigh agus Loch Garman.

Bhí na Cait i bhfad níos fearr agus mar is minic leis, bhí TJ Reid ar bharr an liosta scórálaithe agus 1-18 i ndiaidh a ainm.

Seachtain i ndiaidh seachtaine bíonn na hainmneacha céanna ar bharr na liostaí. Jason Forde, Tiobraid Árann; Dónal Burke, Áth Cliath; Patrick Horgan, Corcaigh; Evan Niland, an Ghaillimh, TJ Reid, Cill Chainnigh; Lee Chin, Loch Garman; Ciarán Clarke, Aontraim; Stephen Bennett, Port Láirge agus PJ Scully, Laois.

Níl aon duais le fáil ag an té a déarfaidh gurb iadsan a thógann na pocanna saora dá gcontae.

Tá Jason Forde agus Dónal Burke ar barr agus 32 pointe ar fad acu i dtrí chluiche agus PJ Scully ag bun an liosta lena 22 pointe. Dar ndóigh léiríonn sé seo cé chomh cruinn is atá na naoscairí seo agus cé chomh tábhachtach is atá siad dá bhfoireann. Agus pé rud a tharlaíonn sa dá cluiche dheireanacha sraithe tá gach bainisteoir ag coimeád súil ghéar ar na pocanna saora roimh thús an chomórtais chraoibhe.

An sprioc is tábhachtaí ar fad, ar ndóigh, go mbeadh na himreoirí is fearr saor ó ghortuithe agus réidh do séasúr na craoibhe.

Tá an comórtas sraithe againn arís an deireadh seachtaine seo. Beidh ceann de na cluichí is suimiúla ar siúl anocht i bPáirc na nGael i Luimneach nuair a thiocfaidh Corcaigh ar cuairt. Tá scáthdhornálaíocht nó ‘shadow boxing’ á lua leis an gcluiche seo mar go mbeidh na foirne céanna ag dul isteach san fháinne arís i gceann míosa i gcluiche ceathrú ceannais na Mumhan. Is deacair a rá cé chomh dáiríre is a bheidh Luimneach faoin gcluiche seo ach tá rud amháin cinnte agus sin nach mbeidh siad sásta an tríú cluiche i ndiaidh a chéile a chailliúint.

Ó thaobh Chorcaí de beidh siad lán dáiríre faoi más aon fhianaise a dtaispeántais i gcoinne na foirne is fearr sa tír le cúpla bliain anuas. Caithfidh go bhfuil siad thar a bheith sásta go dtí seo, ach is anocht a gheobhaidh siad amach cá seasann siad sa rás don duais mhór. Cuirfidh siad leis an bhfianaise sin an tseachtain seo chugainn nuair a thiocfaidh an Ghaillimh chuig Páirc Uí Chaoimh ar an Domhnach. Níl aon dabht ach go bhfuil scil, luas, spiorad agus plean ag Corcaigh go dtí seo i mbliana.

Caithfidh siad a thaispeáint anocht gur féidir leo leibhéal níos airde fós a bhaint amach. Beidh an cluiche beo ar RTÉ I.

Ar TG4 ag a 3.00 pm beidh an choimhlint idir Aontroim agus Loch Garman á chraoladh. Is mór atá dearfach faoi thaispeántais Aontroma go dtí seo. Bhuadar an chéad cluiche i gcoinne an Chláir agus cé gur chailleadar i gcoinne Átha Cliath agus Chill Chainnigh, shaothraíodar scóranna arda, 1-18 agus 3-15.

An bua agus taispeántas i bhfad níos fearr ná an lag-iarracht a bhí acu i gcoinne Chill Chainnigh a bheidh ó Loch Garman. Bhí sciorta maith den ádh orthu i gcoinne an Chláir sa chluiche roimhe sin.

Táim ag súil le cluiche breá i gcoimhlint an Domhnaigh i Staid an Phiarsaigh agus Port Láirge mar fhreasúra ag Gaillimh. I ndiaidh tosnú mall go leor tá na Déise ag feabhsú agus tabharfaidh an cluiche seo níos mó léargais dúinn ar cá seasann siad roimh a gcéad chluiche craoibhe i gcoinne an Chláir i gceann trí seachtaine.

Caithfidh go bhfuil Shane O’Neill agus bainistíocht na Gaillimhe sásta go leor go dtí seo. Ceann des na fadhbanna atá ag déanamh tinnis dó ná cén áit ar an bpáirc is fearr a ndéanfaidh Joe Canning leas na foirne.

Ar a shon sin agus uile, i gcluiche iomána na linne seo is cuma cá háit a n-ainmnítear imreoir.

B’fhéidir go dtabharfaidh cluichí an deireadh seachtaine seo tuilleadh freagraí dúinn.

Fág freagra ar 'Na naoscairí chun cinn agus tús na craoibhe ag teannadh linn'