Na Gaeilgeoirí atá á lua leis an uachtaránacht…

Níl aon iarrthóir ainmnithe go hoifigiúil go fóill ach tá cainteanna ar bun ag páirtithe polaitiúla áirithe chun iarrthóir a roghnú le dul san iomaíocht chun teacht i gcomharbacht ar Mhicheál D. Ó hUigínn

Na Gaeilgeoirí atá á lua leis an uachtaránacht…

Is iad Catherine Connolly, Mary Lou McDonald agus Mary Hanafin na Gaeilgeoirí is mó atá á lua leis an uachtaránacht tar éis do Sheán Kelly a fhógairt nach bhfuil sé chun a ainm a chur chun cinn.

D’fhógair an Feisire Eorpach de chuid Fhine Gael inné nach bhfuil sé chun ainmniúchán a pháirtí a lorg do thoghchán na huachtaránachta, a reáchtálfar níos déanaí i mbliana.

Níl aon iarrthóir ainmnithe go hoifigiúil go fóill ach tá cainteanna ar bun ag páirtithe polaitiúla áirithe chun iarrthóir a roghnú le dul san iomaíocht chun teacht i gcomharbacht ar Mhicheál D. Ó hUigínn.

Is í an t-iar-aire Mary Hanafin an t-aon duine go fóill a dúirt go poiblí gur mhaith léi seasamh sa toghchán. Tá sé ráite ag Mary Hanafin, iar-aire oideachais agus cainteoir líofa Gaeilge, go mbeidh sí ag lorg ainmniúchán Fhianna Fáil.

Dúirt iar-chomhghleacaí le Hanafin sa rialtas agus iar-aire eile, Éamon Ó Cuív, go mbeadh “suim áirid” aige féin san uachtaránacht. Níl sé deimhnithe ag Ó Cuív an bhfuil nó nach bhfuil sé i gceist aige ainmniúchán Fhianna Fáil a lorg ach dúirt go raibh roinnt daoine i dteagmháil leis chun a dtacaíocht a léiriú dó.

Déanfaidh páirtí parlaiminte Fhianna Fáil iarrthóir a roghnú ag deireadh na míosa seo chugainn.

Chas na páirtithe i dTeach Laighean atá ar an eite chlé le chéile an tseachtain seo chun toghchán na huachtaránachta a phlé.

Tuairiscítear gur léirigh na Daonlathaithe Sóisialta, Pobal Seachas Brabús agus an Comhaontas Glas nach raibh siadsan i gcoinne Catherine Connolly a chur chun cinn mar iarrthóir ón eite chlé. Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách ó Ghaillimh Thiar níos luaithe i mbliana go smaoineodh sí ar sheasamh sa toghchán dá mbeifí in ann páirtithe an fhreasúra a thabhairt le chéile. Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Brian Stanley gur chóir don fhreasúra tacú le Connolly sa toghchán.

Tuigtear go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre agus Sinn Féin fós i mbun machnaimh maidir lena n-iarrthóirí féin a chur chun cinn nó tacú le hiarrthóir ón eite chlé. Thug ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald le fios an tseachtain seo caite nach raibh cinneadh déanta aici faoina hainm féin a chur chun cinn.

Is í an t-iarChoimisinéir Eorpach Mairéad McGuinness rogha na coitiantachta chun ainmniúchán Fhine Gael a fháil. Agus a chinneadh gan a ainm a chur chun cinn fógartha aige, dúirt Seán Kelly go dtacódh sé le McGuinness dá mba ise rogha an pháirtí.

Dúirt Kelly gur cinneadh fíordheacair a bhí ann gan dul san iomaíocht ach, tar éis dó dul i gcomhairle lena chlann, gur mheas sé go mbeadh sé níos fearr as coinneáil lena chuid oibre san Eoraip.

Tá an t-iarThaoiseach Bertie Ahern, an t-iar-aire Heather Humphreys, an Seanadóir Frances Black agus Mike Ryan, a bhíodh ina Cheannasaí um Éigeandáil na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO) i measc na ndaoine eile atá á lua leis an uachtaránacht i láthair na huaire.

Ní raibh ach beirt a raibh Gaeilge acu – Micheál D. Ó hUiginn agus Liadh Ní Riada Shinn Féin – i measc na n-iarrthóirí sa toghchán deireanach don uachtaránacht in 2018.

Fág freagra ar 'Na Gaeilgeoirí atá á lua leis an uachtaránacht…'