Na ‘Disappeared’ agus crá croí gan staonadh a muintire

Naoi mbliana déag d’aois a bhí Columba McVeigh nuair a d’fhuadaigh agus a mharaigh an IRA Sealadach é

Na ‘Disappeared’ agus crá croí gan staonadh a muintire

Cuardach i bportach i gcontae Mhuineacháin in 2000. Pictiúr: Paul Sharp/Photocall Ireland

Is cuid dhílis dár gcultúr an tórramh, an tsochraid agus urraim dár muintir atá ar shlí na fírinne. Sólás inár mbris iad agus dóchas sna Flaithis do na fíréin is ea an t-adhlacadh Críostaí.

Tuigimid gur tragóid é nuair a sciobann an fharraige, crith talún nó tubaiste nádúrtha éigin eile duine agus go bhfágtar gaolta gan corp le cur i gcré.

Barbarthacht i gceann an bhróin is ea é nuair is amhlaidh a maraíodh duine muinteartha gur caitheadh an corp i bpoll portaigh i ngan fhios don saol, gan deasghnáth ná aitheantas, agus gur ceileadh an choir ar feadh na mblianta.

Naoi mbliana déag d’aois a bhí Columba McVeigh nuair a d’fhuadaigh agus a mharaigh an IRA Sealadach é. Ba as an Domhnach Mór i gcontae Thír Eoghain é agus bhí sé ag obair i mBaile Átha Cliath nuair a d’imigh sé ar iarraidh i mí na Samhna 1975. Duine de na ‘Disappeared’ é. D’admhaigh an IRA gurbh iadsan a mharaigh trí dhuine dhéag, dáréag fear agus bean amháin, Jean McConville. D’admhaigh an INLA gurbh iad a mharaigh Séamus Ruddy a fuarthas sa Fhrainc anuraidh. Níor admhaigh éinne gurbh iadsan a mharaigh Charlie Armstrong ná Gerry Evans. Tá Columba McVeigh ar dhuine de thriúr atá fós ar iarraidh.

Dé Luain, cothrom an lae bliain is fiche ó shin a cailleadh athair Cholumba, gan tásc ná tuairisc ar a mhac aige, cuireadh tús le cuardach eile i bportach i gcontae Mhuineacháin le súil go bhfaighfí a thaisí. Cuardaíodh portach an Bhragáin in aice le Scairbh na gCaorach ceithre huaire cheana féin.

Gan dabht bhí sé deacair aghaidh a thabhairt ar an áit dhearóil sin arís le dóchas ach tá deartháireacha agus deirfiúr Columba ag iarraidh é a adhlacadh agus a chur san uaigh lena thuismitheoirí. Chuir a mháthair, Vera, ainm Cholumba ar leac uaighe an teaghlaigh sula bhfuair sí féin bás in 2007 tar éis blianta a chaitheamh ag feachtasaíocht chun tathant ar an IRA eolas beacht a thabhairt faoin áit ar cuireadh a chorp.

Sular chuir An Coimisiún Neamhspleách um Aimsiú Taisí Íospartach ceann leis an gcuardach is deireanaí, mhínigh saineolaí fóiréinsice an Choimisiúin, Geoff Knupfer, cad faoi ndear a ndóchas an t-am seo. Ó theip ar an gcuardach in 2013 rinne an fhoireann beachtú ar an láthair agus chinn siad go ndíreoidís ar achar thart ar aon acra den phortach. Is le beachtú den chineál sin a fuaireadar taisí Brendan Megraw i gcontae na Mí, a dúirt sé. Fuair siad cabhair as an nua ó phoblachtánaithe an geábh seo. Tá díolúine ó chúiseamh ag éinne a thugann eolas don Choimisiún. Bhí sé níos furasta ag daoine láthair ar phortach an Bhragáin a aithint an uair seo mar gur leag foireann an Choimisiúin crainn nuair a chuardaigh siad ansin in 2013.

Fiú nuair a theipeadh ar chuardaigh, ba é nós an Choimisiúin miondealú a dhéanamh ar gach ábhar agus eolas a bhailíodh siad. Is de bharr scagadh a rinneadh ar eolas a fuair siad ar ócáidí eile a thionscain siad cuardach i gcontae na Mí sa Mhárta i mbliana ag iarraidh a theacht ar thaisí Joe Lynskey. Iarmhanach as iarthar Bhéal Feirste ab ea Lynskey, comhalta den IRA a thit amach le ball eile. Meastar gurbh é an chéad duine den ghrúpa a d’fhuadaigh an IRA i 1972 chun é a mharú agus a chur i ngan fhios. Ní bhfuarthas a chorp fós.

Is é an saighdiúir as arm na Breataine, an Captaen Robert Nairac, an duine eile nár thángthas ar a thaisí fós. D’fhuadaigh an IRA é i ndeisceart Ard Mhacha i 1977. Tugadh thar teorainn é go Gleann na bhFiach i gcontae Lú, áit ar maraíodh é. Rinne an Coimisiún achainí ar éinne a mbeadh aon eolas acu faoin gCaptaen Nairac, Joe Lynskey nó Columba McVeigh é a thabhairt dóibh.

Táimid ag éisteacht le scéalta faoi na ‘Disappeared’ le breis is scór bliain – ó tharraing an tAthair Denis Faul, nach maireann, aird ar an uafás sin ar dtús, blianta sular cuireadh iallach ar an IRA a ról sa scéal a admháil i 1999. Údar alltachta as an nua é gach uair a bhíonn an scéal seo sa nuacht. An trí theaghlach atá fós gan taisí a ngaolta, is údar alltachta agus crá croí gan staonadh dóibh é. Ní thig leosan é a chur go cúl a gcinn nuair nach mbíonn cuardach ar siúl. Níl faoiseamh le fáil acusan go bhfaighidh siad seilbh ar thaisí lena dtabhairt chun cille. Is mithid d’éinne a bhfuil oiread is blúire amháin eolais aige nó aici é a thabhairt suas.

Fág freagra ar 'Na ‘Disappeared’ agus crá croí gan staonadh a muintire'

  • murchadh

    Aiste an-tuisceanach, an-bhrónach. Tá an t-uafás agus an bharbarthacht fhuarchúiseach mar dhlúth is mar inneach sa scannán faoi Dolours Price freisin. Ise a thiomáin Joe Lynskey chun láthair a bháis agus chuir dhá philéar ina cheann. Nár fheice muid brúidiúlacht ná scannaill dá leithéid ar an oileán seo go brách na breithe arís.