Na deora le Paul Kimmage i bPáirc an Chrócaigh ag amhránaí óg Gaeltachta

Bhí an t-iriseoir spóirt iomráiteach, a bhfuil cáil an amhrais air, chomh bíogtha ag Sibéal Ní Chasaide i bPáirc an Chrócaigh gur bhris na deora air

Na deora le Paul Kimmage i bPáirc an Chrócaigh ag amhránaí óg Gaeltachta

Bhí an t-iriseoir spóirt iomráiteach Paul Kimmage chomh mór sin faoi gheasa ag amhránaí óg Gaeltachta i bPáirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine seo caite gur shil sé na deora.

Admhaíonn Kimmage féin go bhfuil a chroí reoite ag uisce faoi thalamh agus caimiléireacht an spóirt, ach ag labhairt dó ar an gclár The Last Word ar Today FM rinne sé cur síos ar an “sonas agus an suaimhneas” a mhothaigh sé ag cluiche ceannais iománaíochta na hÉireann Dé Domhnaigh.

Bhí an t-iriseoir faoi dhraíocht cheana ag atmaisféar agus spiorad na hócáide, ach ba nuair a thosaigh Sibéal Ní Chasaide as Ráth Chairn ag casadh ‘Mise Éire’ a bhuail támhnéal áthais ceart é.

“Feiceann tú na dathanna agus muintir Thiobraid Árann agus Chill Chainnigh i bhfochair a chéile lasmuigh de na tithe ósta. Téim isteach agus suím síos i mbosca an phreasa.

“Táim suite ansin ag féachaint ar dheireadh chluiche na mionúr agus ansin b’eo amach le Sibéal Ní Chasaide chun an t-amhrán seo ‘Mise Éire’ a chanadh agus táimse ansiúd faoi gheasa ag éisteacht léi agus na deora damanta ina slaoda liom. Agus mé ag rá liom féin, céard sa diabhal atá ort, a phleidhce amadáin?”

Dúirt Kimmage gur bhraith sé ina dhiaidh sin a “Ghaelachas” ar bhealach nach dtarlaíonn dó riamh ach ar lá cluiche ceannais na hÉireann.

“Agus deir tú leat féin, wow, nach iontach a bheith i do Ghael. A leithéid de thír. Agus níl aon mhíniú air [an mothú sin].”

Bhí ga thiar in eireaball an scéil ag Kimmage, áfach.

Rinne an t-iriseoir cur síos ar an gclár céanna ar eachtra eile a mhúscail athuair an tsoiniciúlacht ann i leith an spóirt.

An tseachtain roimhe sin agus tine ar a chraiceann fós i ndiaidh cluiche leathcheannais peile na hÉireann idir Ciarraí agus Áth Cliath, casadh fear air a thug fianaise dó faoi scéal de chineál eile ar fad a théann “go domhain i gcroí shaol spóirt na hÉireann”.

Dúirt an t-iriseoir chomh maith go raibh sé ag obair in éineacht le beirt sceithirí eile ar scéalta móra ach gur éasca eolas a fháil ná dóthain cruthúnais a fháil le go bhfoilseofaí é.

Fág freagra ar 'Na deora le Paul Kimmage i bPáirc an Chrócaigh ag amhránaí óg Gaeltachta'