Na Daonlathaithe Sóisialta chun ‘aird ar leith’ a thabhairt ar cheantair agus ar phobal na Gaeltachta

Leascheannaire an pháirtí, Cian O’Callaghan, a sheol forógra toghcháin na nDaonlathaithe Sóisialta inné

Na Daonlathaithe Sóisialta chun ‘aird ar leith’ a thabhairt ar cheantair agus ar phobal na Gaeltachta

Tá cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga, cláir spreagtha geilleagair don Ghaeltacht agus tacaíocht do phlean infheistíochta Chonradh na Gaeilge i measc na mbeartas atá luaite i bhforógra na nDaonlathaithe Sóisialta a seoladh inniu.

Leascheannaire an pháirtí, Cian O’Callaghan, a sheol an cháipéis, #ForTheFuture, agus é geallta ag a pháirtí go dtabharfaidís féin “aird ar leith” ar cheantair agus ar phobal na Gaeltachta, a bhfuil go leor acu “faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch riamh anall”.

Deirtear go dtabharfar tacaíocht freisin do phobail lasmuigh den Ghaeltacht ina bhfuil líon ard cainteoirí Gaeilge nó ina bhfuil líon na gcainteoirí ag dul i méid.

Rachadh na Daonlathaithe Sóisialta, a deirtear, i mbun oibre le hÚdarás na Gaeltachta, le Foras na Gaeilge agus le Conradh na Gaeilge chun a chinntiú go mbeadh beartais agus feachtais an pháirtí ag dul chun tairbhe do chainteoirí Gaeilge, bíodh siad sa nGaeltacht nó lasmuigh di.

Deirtear go gcuirfí an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i bhfeidhm go hiomlán agus tá tacaíocht geallta freisin do phlean infheistíochta Chonradh na Gaeilge, An Plean Fáis 2024-2029, a lorgaíonn suas le €200 milliún breise do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá gealltanas tugtha maidir le ceann eile de mhóréilimh an Chonartha, is é sin go bhforbrófaí straitéis nua don Ghaeilge sa gcóras oideachais ó na luathbhlianta go dtí an tríú leibhéal agus go mbeadh Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha [TEG] nasctha leis an gcóras.

Deirtear go gcuirfí béim níos mó ar an nGaeilge labhartha ag leibhéal na hiarbhunscoile, go dtacófaí le hoiliúint a chur ar fáil do dhaoine a bheadh ag obair i naíolanna agus naíonraí agus go gcuirfí tacaíocht ar fáil le Gaelscoileanna, Gaelcholáistí agus ionaid oideachais Ghaeilge eile a bhunú i gceantair ina mbeadh éileamh ar a leithéid.

Sa nGaeltacht, deirtear go mbunófaí “cláir éifeachtacha spreagtha geilleagair” do cheantair Ghaeltachta agus do ghnólachtaí atá lonnaithe iontu.

Maidir le cúrsaí tithíochta, thabharfaí “feidhmeanna soiléire tithíochta” d’Údarás na Gaeltachta agus chruthófaí beartas ar leith do phleanáil agus forbairt tithíochta sa nGaeltacht.

I gcás an Choimisinéara Teanga, deirtear go rithfí reachtaíocht le go mbeadh a oifig in ann pionós a ghearradh ar chomhlachtaí nó ar ghníomhaireachtaí stáit nach gcloíonn leis an dlí teanga.

Níl aon chostas luaite le haon cheann de na beartais a bhaineann leis an Gaeilge atá leagtha amach i bhforógra na nDaonlathaithe Sóisialta, áfach.

I measc na bpríomhbheartas atá sa bhforógra, tá soláthar 145,000 teach as seo go ceann cúig bliana, airgead breise do sheirbhísí meabhairshláinte agus míchumais, an tseachtain ceithre lá a thriail, agus an ráta cánach ar mhaoin a bhíonn folamh a ardú ó 0.7% go dtí 10%.

Fág freagra ar 'Na Daonlathaithe Sóisialta chun ‘aird ar leith’ a thabhairt ar cheantair agus ar phobal na Gaeltachta'