Is cinnte go mbeidh na cúigí ar fad ag iarraidh comórtas URC na bliana seo caite a chur as a gcuimhne agus tús á chur an deireadh seachtaine seo le séasúr nua den chomórtas. Theip ar na foirne ón tír seo na babhtaí ceannais a bhaint amach sa gcomórtas seo caite agus ghéill na Muimhnigh craobh an chomórtais.
Mar sin féin, seans gurb iad na Laighnigh ba mhó a bhí in ísle brí agus iad ag críochnú séasúr eile gan aon chraobh buaite acu. Ach an oiread le Cúige Mumhan, chaill siadsan freisin sna babhtaí leathcheannais den URC anuraidh ach níos measa ná sin, don tríú bliain as a chéile, theip orthu i gcraobhchluiche Chorn na gCuradh, gradam nach bhfuil ag aon fhoireann eile sa limistéar seo. Is iontas go bhfuil foighid fós ag lucht leanúna an chúige.
Is dóigh dá bhrí sin gurb é seo an seans deiridh atá ag Leo Cullen, príomhthraenálaí an chúige le rudaí a chur ina gceart. Níl aon dabht ann ach go bhfuil earcaíocht mhaith agus chríonna déanta aige ó anuraidh. Tá RG Snyman, imreoir a bhuaigh dhá chorn domhanda leis an Afraic Theas, ag aistriú ó Chúige Mumhan agus beidh Jordie Barrett, fear a d’imir seacht mbabhta agus caoga do na hAll Blacks, ag imirt le Cúige Laighean sa mbliain nua.
Mar a dúirt mé, ní thabharfar cluas d’aon leithscéal ag deireadh an tséasúir seo má bhíonn pócaí folmha ann arís.
Ciallaíonn sin go gcaithfidh Cúige Laighean dul ar thóir iomlán na bpointí ó thús an tséasúir, cluiche Bhabhta 1 a bheas á imirt as baile acu i gcoinne Dhún Éideann san áireamh. Tá súil agam nach bhfuil mé ag cur mallacht an tráchtaire orthu ach níl cúis ar bith nach dtabharfadh fir Leo Cullen cúig phointe abhaile leo anocht.
Cuimhnigh gur chríochnaigh Dún Éideann sa deichiú háit ar an tábla anuraidh, i bhfad taobh thiar de Chúige Laighean, foireann a bhí sa tríú háit.
Amárach, a bheas na cúigí eile ag imirt a gcéad chluichí iomaíocha den séasúr nua seo.
Tá mí-ádh ar na Connachtaigh go gcaithfidh siadsan taisteal go Luimneach le tabhairt faoi na Muimhnigh agus iadsan sa mbaile. Níl aon dabht ach gurb iad curaidh an chomórtais ó arú anuraidh, Cúige Mumhan, rogha na coitiantachta don chluiche seo ach ag an am céanna níl na cuairteoirí gan seans. Más leat geit a bhaint as Mumhain, seans gur luath sa séasúr atá an deis is fearr agat.
In ainneoin go bhfuil Cúige Uladh ag imirt sa mbaile i mBéal Feirste san oíche amárach, tá dúshlán damanta rompu agus iad ag fáiltiú roimh Ghlaschú, curaidh an chomórtais ó anuraidh.
Ach an oiread leis na Connachtaigh agus iad i gcoinne na Mumhan, caithfidh Cúige Uladh leas a bhaint as an easpa cleachtaidh imirt lena chéile a bhí ag crá foirne ag tús séasúir. Má tá dóthain cleachtaidh déanta ag Cúige Uladh sna seachtainí réamhullmhúcháin beidh seans acu tús dearfach a chur lena séasúr. Mura bhfuil, beidh lá fada rompu.
Fág freagra ar 'Na cúigí ag iarraidh púcaí URC na bliana seo caite a ruaigeadh'