Ná caitear aon airgead – sin mana na saineolaithe eacnamaíochta

Má tá flúirse airgid againn – agus maíonn an rialtas go bhfuil – tá dualgas morálta ar lucht an rialtais an fhlúirse sin a úsáid ar leas an phobail

Ná caitear aon airgead – sin mana na saineolaithe eacnamaíochta

Nach ait an rud é, nuair nach mbíonn airgead againn go mbíonnn Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann – chun a teideal oifigiúil Gaeilge a thabhairt ar an Fiscal Advisory Council – nach cóir dúinn nó don rialtas airgead poiblí a chaitheamh in iarracht le srian a chur ar fhiacha an stáit, ar fhaitíos go mbeadh fadhbanna fadtéarmacha ann do chiste an stáit.

Ach nuair a bhíonn airgead againn, molann an Chomhairle chéanna gan airgead poiblí a chaitheamh toisc, a deir siad, go gcuirfeadh sé le boilsciú is go gcothódh a leithéid deacrachtaí do chiste an stáit sa bhfadtéarma.

Sea, molann an Chomhairle i gcónaí gan airgead a chaitheamh, gan maoin na heacnamaíochta a úsáid chun cabhrú le daoine infheistíocht a dhéanamh a thabharfadh jabanna nó seirbhísí feabhsaithe dúinn, nó chun cabhrú le daoine an chuid is measa den ghéarchéim eacnamaíochta a sheachaint.

Tá an Chomhairle ar ais ar an bport céanna faoi láthair, ag rá nach cóir don rialtas an fhlúirse airgid atá i gciste an stáit a chaitheamh toisc go gcuirfeadh sé níos mó airgid isteach sa mhargadh ar thóir earraí is seirbhísí atá gann is go gcothódh a leithéid tuilleadh boilscithe.

Ábhar gáire a bheadh ann ach amháin go bhfuil an scéal chomh tromchúiseach sin.

Tá muid i lár géarchéim costas maireachtála, agus praghsanna bia, fuinnimh is eile méadaithe as cuimse. Tá rátaí úis ag dul in airde agus ag cur go mór leis na deacrachtaí atá acu siúd a bhfuil morgáistí acu, agus ag cur daoine nach bhfuil tithe acu ó dhoras.

Deir an tAire Airgeadais, Michael McGrath go n-éistfidh sé le moladh na Comhairle Fioscaí, ach go mbeidh sé ag iarraidh rud ‘éigin’ a dhéanamh sa gcáinaisnéis le cabhrú le daoine atá báite ag an ngéarchéim eacnamaíochta.

Ó, mo leithscéal, níorbh é an tAire Airgeadais a dúirt, ach a mhacalla atá in Aire Caiteachais Phoiblí, Paschal Donohoe.

Tá sé deacair iad a aithint óna chéile in ainneoin an chur i gcéill nach ionann Fine Gael agus Fianna Fáil.

Ach níl boilsciú ann toisc go bhfuil an iomarca airgid san eacnamaíocht, ach toisc gur éirigh earraí – earraí fuinnimh is leasacháin go háirithe – gann mar gheall ar na smachtbhannaí ar an Rúis is briseadh na slabhraí soláthair atá mar chuid de na smachtbhannaí.

Is é sin le rá, ní féidir boilsciú a laghdú trí ghnáthdhaoine a fháisceadh, ach sin é an polasaí atá ag Banc Ceannais na hEorpa agus caithfidh muide, mar mhadraí lathaí maithe déanamh mar a deirtear linn.

Feictear domsa go maireann an saineolaithe seo – agus na polaiteoirí a ghlacann le chuile fhocal a thagann uathu – i ndomhan eile. Maireann siad i mbolgán dá gcuid féin nach bhfulaingíonn na deacrachtaí céanna a fhulaingíonn an chuid eile againn, amhail is gur saotharlann thrialach é an domhan seo.

Ach ní hea. Tá fíordhaoine anseo, daoine atá brúite ag costais atá ó smacht, ag easpa seirbhísí cearta, ag easpa réitigh ar fhadhbanna atá againn le cianta maidir le tithíocht, nó rochtain ar sheirbhísí sláinte, nó córais chearta iompair nó eile.

Agus filleann muid arís ar bhunfhadhb an stáit seo – nach bhfeidhmíonn sé.

Ní bhíonn stát ann ar mhaithe le hiachall a chur ar dhaoine freastal ar riachtanais na dteoiricí eacnamaíochta. Tá an stát ann lena chinntiú gur féidir le gach saoránach saol ceart compordach a bheith aige nó aici. Ach is léir nach bhfuil an stát seo ag déanamh an jab is cóir dó a dhéanamh.

Tá muid chomh fada sin ag caint faoi ghéarchéim na tithíochta, nó géarchéim an chórais sláinte, nó géarchéim an chostais maireachtála, nach gcorraíonn muid nuair a thagann drochscéal eile chugainn.

An é go deimhin nach bhfuil aon réiteach ar aon cheann de na fadhbanna seo, nó an é go gcuirfeadh réiteach na bhfadhbanna isteach ar na daoine is saibhre agus is cumhachtaí sa stát.

Tá an gnáthdhuine faoi bhrú uafásach faoi láthair is gan mórán dóchais ag daoine óga go mbeidh aon saol compordach ceart acu, nó go mbeidh siad in ann riamh teach dá gcuid féin a cheannach.

Agus má tá flúirse airgid againn – agus maíonn an rialtas go bhfuil – tá dualgas morálta ar lucht an rialtais an fhlúirse sin a úsáid ar leas an phobail.

Is murar féidir leis an gcóras mar atá na polasaithe a chruthú a fheabhsóidh saol daoine, is cóir é sin a athrú, is athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras stáit.

Ar deireadh thiar níl a fhios agam an bhfuil Sinn Féin in ann an t-athrú atá ag teastáil a chruthú. Ach tá a fhios agam nach dtiocfaidh sé ón dream atá i gceannas faoi láthair – dream na teipe.

Fág freagra ar 'Ná caitear aon airgead – sin mana na saineolaithe eacnamaíochta'

  • Gabriel Rosenstock

    Ba chóir don rialtas an t-airgead a chaitheamh go stuama agus galfchúrsa a thógáil i ngach
    cúlghairdín in Éirinn. Sa tslí sin bheadh daoine in ann cúlchaint a dhéanamh, cúlchaint gan dochar, galf a imirt, agus gan éirí amach a phleanáil in aghaidh mháistrí Theach Laighean.
    Is dóigh liom go raibh an rialtas ag smaoineamh air sin ar aon nós mar réitíodar téarmaí gailf dúinn:https://www.gaois.ie/en/blog/tearmai-gailf-ar-tearma.ie/
    Mar shampla, ‘amasán’ is ea “putter”. Ní deacair smaoineamh ar an bhfocal sin: má smaoiníonn tú ar an bhfocal ‘amadán’, rithfidh an focal eile leat láithreach.

  • Pádraig O'hEipicín

    Ba chóir don Rialtas an t-airgead breise a choinneáil do Lá na coise tinne, ???.