FÍSEÁN: Na Breathnaigh sa mbaile agus a n-eireabaill go hard san aer

Is ar fhir Joe Schmidt atá an brú ar fad an Satharn seo, rud nach bhfeileann dóibh ach tá máistreacht iomlán ag Sexton ar an lár páirce agus cuirfidh sé brú ar chosaint na mBreathnach

Jamie Heaslip le Dan Lydiate. Pictiúr: ©INPHO/Colm O'Neill
Jamie Heaslip le Dan Lydiate. Pictiúr: ©INPHO/Colm O’Neill

Ní féidir é a shéanadh, ní comhartha maith é! D’imir na ceithre chúige sa mBreatain Bheag an deireadh seachtaine seo caite agus chinn ar chuile fhoireann amháin díobh cluiche ar bith a bhuachtáil. Ní hamháin sin, ach fuair siad greadadh óna gcéilí comhraic i mbeagnach chuile chás.

Is cinnte nach gcuirfidh sé sin le misneach ná le dóchas lucht leanta na hÉireann agus an fhoireann idirnáisiúnta ag tabhairt aghaidh ar Staid na Mílaoise i gCaerdydd in aghaidh na mBreathnach i gcluiche cinniúnach ó thaobh chomórtas na Sé Náisiún de.

Mar seo atá sé: má bhíonn an lá leis na Breathnaigh, beidh siad ar ais sa tóir ar chraobh na Sé Náisiún, iad ar comhscór linn féin agus leis na Sasanaigh agus gan cluiche amháin féin caillte acu. 

D’fhágfadh sé sin go mbeidh an bua sa gcomórtas ag brath go hiomlán ar na cluichí deiridh a bheas á n-imirt faoi cheann seachtaine, nuair a bheas muide i gcoinne na hAlban, as baile, na Sasanaigh sa mbaile i gcoinne na bhFrancach, ach na Breathnaigh as baile i gcoinne na nIodálach. Beidh an bua ag an bhfoireann is mó a aimseoidh scóranna thar na cúig chluiche.

I rás den chineál sin, seans gurb iad na Breathnaigh a bheas in uachtar, i gcoinne na hIodáile a bheas siad, foireann a bhíonn sách lag ag deireadh an chomórtais go minic. Níl aon rogha dá bhrí sin ag na Gaeil ach a chinntiú go mbeidh an lámh in uachtar acu ar na Breathnaigh i gCaerdydd an Satharn seo agus deireadh a chur le rás na Breataine Bige.

Ach is furasta a bheith ag caint! Tá na Breathnaigh sa mbaile agus tá a n-eireabaill go hard san aer tar éis dóibh na Francaigh a chloí i bPáras coicís ó shin. Ní hamháin sin ach creideann na Breathnaigh freisin gur cheart dóibh an chéad chluiche i gcoinne na Sasanach a bheith buaite acu. Is cinnte freisin gur breá leis na Breathnaigh an méid cainte atá sna meáin maidir leis na Gaeil. 

Is muide atá sa tríú háit ar thábla fhoirne rugbaí an domhain agus níor chaill muid in imeacht deich gcluiche. Fágann sin gur ar fhir Joe Schmidt atá an brú ar fad an Satharn seo, rud nach bhfeileann dóibh. Cuimhnigh freisin gurb iad na Gaeil a bhí in uachtar an uair dheiridh a chas an dá fhoireann seo ar a chéile dhá bhliain ó shin i Stáid na Mílaoise. Ciallaíonn seo ar fad go bhfuil ábhar iontach ann do shárchluiche an Satharn seo.

Is deacair méar a leagan ar phlean imeartha an dá fhoireann seo; tá na Breathnaigh an-chontúirteach faoin liathróid ard, agus ag frithionsaí go háirid – stíl imeartha nach raibh ar na Gaeil a ionramháil ó thús an chomórtais seo. Ar an taobh eile, tá máistreacht iomlán ag Sexton ar an lár páirce agus má bhíonn sé os cionn a bhuille, cuirfidh sé brú ar chosaint na mBreathnach.

Is cinnte freisin gur an-údar dóchais é filleadh Jamie Heaslip ar phaca na hÉireann, seans nach raibh seo san áireamh ag Gatland agus é ag cur tús lena chuid pleanála don chluiche seo. Níl sé éasca toradh an chluiche seo a mheas. Is cinnte nach mbeidh móran idir an dá thaobh, ach is cinnte freisin go mbeidh sárchoimhlint againn i gCaerdydd an Satharn seo.

Ní dóigh go mbeidh an scéal céanna le tuairisc ón dara cluiche a bheas againn ar an Satharn seo, an ceann idir Shasana agus Albain i gCorn Calcutta. Tá an baol ann go mbeidh an cluiche seo aontaobhach, go háirithe má bhíonn bua ag an mBreatain Bheag sa gcéad chluiche. Sa gcás sin, beidh Sasana ar thóir scór mór i gcoinne na hIodáile mar go mbeidh an comórtas ar oscailt dóibh arís.

Is ar an Domhnach a bheas an Iodáil sa mbaile i gcoinne na Fraince, iad ag súil le cur leis an mbua a bhí acu ar Albain coicís ó shin. A mhalairt a bheas ar siúl ag na Francaigh, iad siúd ag iarraidh an náire a bhain le bua na mBreathnach orthu i bPáras coicís ó shin a ligean i ndearmad.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Na Breathnaigh sa mbaile agus a n-eireabaill go hard san aer'