Murab ionann is Heather Humphreys, bíonn freagra pras ag an Ord Oráisteach ar gach ceist a chuirtear orthu.
Nuair a fhiafraítear díobh faoin fhonn a mbíonn orthu siúl trí cheantair áirithe, is é freagra an Oird go mbaineann slí a gcuid mórshiúlta le ‘bealaí traidisiúnta’ seachas le himeaglú agus bagairt a dhéanamh ar phobail chaitliceacha.
Nuair a fhiafraítear díobh faoi na samhlacha agus na grianghraif de dhaoine a bhfuil gráin ag sciar éigin den phobal aontachtach orthu a dhóitear ag imeachtaí le linn deireadh seachtaine an 12 Iúil, is é freagra an Oird nach dtagann iompar dá leithéid lena luachanna agus gurb amhlaidh go dtugann daoine aonair faoi thaispeántais dá leithéid as a stuaim féin.
Nuair a fhiafraítear díobh cé acu an bhfuil cead ag Caitlicigh nó Giúdaigh nó Moslamaigh ballraíocht a ghlacadh leo, is é freagra an Oird nach bhfuil.
I gcás Heather Humphreys, ní raibh sí cinnte i dtús báire cé acu an raibh a fear céile ina bhall den Ord Oráisteach tráth, sular chuimhnigh sí, ní hamháin go raibh, ach gur fhreastail sise ar imeacht de chuid an Oird í féin. Cé nár luigh luas a freagra le nósanna an Oird, is léir go bhfuil an débhrí agus an dallamullóg a shamhlaítear le ráitis an Oird aici go paiteanta. Ba gheall le picnic an t-imeacht a raibh Humphreys i láthair aige, bíodh is gur picnic a bhí bunaithe ar leithcheal reiligiúnach a bhí ann.
Ach shásaigh freagra Humphreys na meáin mar sin féin, mar a shásaíonn freagraí agus iompar an Oird Oráistigh bunaíocht na hÉireann de ghnáth. Ar chúis éigin, cé acu más míthuiscint nó aineolas atá i gceist, glactar go forleathan leis an Ord Oráisteach i measc bhunaíocht na hÉireann. Is amhlaidh go bhféachtar ar bhunús agus ar ghnóthaí an Oird mar ‘léiriú cultúir’ seachas ‘forlámhas reiligiúnach’.
Tá cuairt tugtha ar lóistí de chuid an Oird ag Micheál Martin agus Leo Varadkar araon ina róil mar Thánaiste agus mar Thaoiseach faoi seach. Bhain na cuairteanna úd le tionscnamh an oileáin chomhroinnte atá á chur chun tosaigh ag an Rialtas le blianta beaga anuas ar mhaithe leis an bhealach a réiteach d’athaontú na tíre. Is cinnte go mbeidh gá le hathmhuintearas agus comhthuiscint leis an phobal aontachtach ó thuaidh de réir mar a dhruideann muid ar Éirinn athaontaithe, ach ní chóir go mbronnfaí aon stádas ar an Ord Oráisteach mar chuid den athmhuintearas nó den chomhthuiscint sin.
Ní hionann meas agus tuiscint a léiriú don phobal Protastúnach, nó don phobal aontachtach fiú, agus faomhadh na bunaíochta a thabhairt don Ord Oráisteach – a mhalairt ar fad atá ag teastáil. Ach is cuma cé mhéad samplaí d’iompar déistineach bagrach imeaglach an Oird a chuirtear faoinár mbráid, bíonn doicheall ar bhunaíocht an tSaorstáit glacadh leis an iompar úd mar ghnás.
Cuireadh an dlaoi mhullaigh ar imeachtaí dheireadh seachtaine an 12 Iúil i mbliana le samhail de bhád lán imirceach a dódh ar bharr tine chnámh i Maigh gCaisil i gcontae Thír Eoghain.
Bagairt agus imeaglú i leith phobal mionlach ag imeacht de chuid an Oird Oráistigh, is mór an gar nár tharla a mhacasamhail ag an phicnic a raibh Heather Humphreys i láthair aici.
Feictear go mbíonn faitíos ar na meáin in Éirinn, agus ar bhaill den phobal ó am go chéile, imeachtaí agus gnóthaí an Oird a cháineadh ar eagla go gcuirfí líomhaintí seicteachais ina leith. Oireann sé seo go maith don Ord Oráisteach, agus cead a gcinn acu dá réir iad féin a shocrú mar ionadaithe ar phobal Protastúnach na Sé Chontae.
Is eagraíocht é an tOrd Oráisteach a bhfuil leithcheal reiligiúnach ina chúis cheiliúrtha agus mhórtais acu. Ná géillimis óna ndúshlán a thabhairt.
An tEisreachtach
Sliocht as an alt thuas: ‘Feictear go mbíonn faitíos ar na meáin in Éirinn, agus ar bhaill den phobal ó am go chéile, imeachtaí agus gnóthaí an Oird a cháineadh ar eagla go gcuirfí líomhaintí seicteachais ina leith.’
Tá an modh céanna cosanta ag an Ord seicteach Oráisteach is atá ag na Giúdaigh; níl cead na Giúdaigh a cháineadh faoi aon ní nó cuirfear frithsheimíteachas (peaca marfach!) i do leith. Ciallaíonn sin go bhfuil cead acu a rogha ní a dhéanamh.