AN POD GAEILGE: ‘Seod é muide agus táimid bródúil as seo’ – an tOireachtas i mBéal Feirste

Agus na mílte Gael ag triall ar Oireachtas na Samhna, atá ag tosú i mBéal Feirste inniu, tá an t-iriseoir is amhránaí Caitlín Ní Chualáin agus an t-iriseoir agus aistritheoir Tomaí Ó Conghaile linn chun féile mhór na nGael a phlé

AN POD GAEILGE: ‘Seod é muide agus táimid bródúil as seo’ – an tOireachtas i mBéal Feirste

San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, tá Caitlín Ní Chualáin agus Tomaí Ó Conghaile i dteannta Bhridget Bhreathnach agus Seán Tadhg Ó Gairbhí, chun gach rud a bhaineann le hOireachtas na Samhna a phlé.

Cad atá romhainn i mBéal Feirste agus an tOireachtas ag filleadh ar an gcathair den chéad uair ó 1997? Cad is Oireachtas ‘maith’ ann?

Cad iad na háiteanna le dul i mBéal Feirste le sos beag a thógáil ón aicsean?

Pléitear na ceisteanna sin go léir chomh maith leis an athrú meoin atá tagtha ar dhaoine le roinnt blianta i leith an Oireachtais agus i leith na Gaeilge féin.

Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: ‘Seod é muide agus táimid bródúil as seo’ – an tOireachtas i mBéal Feirste'