I lár na cathrach, i gCeathrú na hArdeaglaise sa cheantar cois cuain, i margadh Naomh Seoirse, chomh maith le Ceathrú na Gaeltachta agus in áiteacha nach iad, beidh an Ghaeilge le clos ar shráideanna Bhéal Feirste go glórach bródúil. Ón lá inniu go dtí an Domhnach beidh na mílte ag freastal ar Oireachtas na Samhna, ócáid cheiliúrtha don chathair agus buntáiste eacnamaíochta.
Cuirfear na múrtha fáilte roimh na cuairteoirí. Ní nach ionadh is údar gairdeachais ag Gaeilgeoirí an Tuaiscirt é na mílte de lucht labhartha na teanga a bheith ag bailiú anseo, na healaíontóirí, amhránaithe, ceoltóirí, lucht na lúibíní, na rannpháirtithe idir óg agus aosta. Beidh spraoi agus spórt ann, súgradh agus suirí, foghlaim agus fleadh, a rogha féin ag gach duine. Tá earnáil an fháilteachais agus miondíoltóirí, comhlachtaí tacsaí agus busanna agus traenacha ag tnúth le saibhreas nach mbíonn ar fáil an t-am seo bliana de ghnáth.
Tá Comhairle na Cathrach bródúil gur éirigh leo an tOireachtas a mhealladh aneas den chéad uair ó 1997. Ní iontas é sin ó bhí 42 comhairleoir i bhfabhar an pholasaí Gaeilge nua a fógraíodh an mhí seo caite chun úsáid na teanga a leathnú i seirbhísí na Comhairle. Ba iad Sinn Féin, an SDLP, Alliance, Comhaontas Glas agus Pobal Roimh Bhrabús a vótáil ar shon an pholasaí, cé go bhfuil seans ann go bhfuil páirtí Alliance ag cúlú óna thacaíocht do shráidainmneacha dátheangacha. Bhí na Comhairleoirí aontachtacha go léir, 17 acu ina aghaidh agus iad ag feachtasaíocht ina choinne i gcónaí.
Léirigh pobalbhreith a foilsíodh le seachtain anuas go dtacaíonn móramh den phobal le stádas oifigiúil don Ghaeilge abhus mar atá ag an nGaidhlig agus ag an mBreatnais. Thug an tAcht Féiniúlachta agus Teangacha (Tuaisceart Éireann) 2022 aitheantas oifigiúil don nGaeilge ach níl an chosaint aici, go fóill ar aon nós, atá ag na teangacha Ceilteacha in Albain agus sa Bhreatain Bheag. Ní bhfaigheadh sí stádas oifigiúil go deo dá mbeadh cead a gcinn ag aontachtaithe.
Bhí ceist faoi thacaíocht do stádas na Gaeilge i bpobalbhreith de chuid Lucid Talk don Belfast Telegraph a foilsíodh le seachtain anuas. Ba í an cheist, ar cheart an stádas céanna a bheith ag an nGaeilge abhus is atá ag Gaidhlig agus an Bhreatnais? As an bpobal fré chéile dúirt 55% gur cheart, bhí 39% ina choinne agus 6% neamhchinnte.
As an 39% a dhiúltaigh don stádas, vótóirí aontachtacha ab ea ochtar as gach deichniúr (83%) agus vótóirí náisiúnacha ab ea 97% den 55%. Is cosúil nach bhfuil na polaiteoirí aontachtacha an-fhada chun deiridh ar a gcuid vótóirí. Nuair a rinneadh scagadh níos mine ar na sonraí bhí 90% de vótóirí DUP agus 95% de lucht tacaíochta an TUV i gcoinne agus 30% de lucht tacaíochta an UUP.
Ní hionann na torthaí sin agus fianaise gur náisiúnaithe amháin a éilíonn stádas oifigiúil aitheanta don Ghaeilge. Astu siúd a dúirt go raibh siad neodrach faoin gceist bhunreachtúil, iad sin nach aontachtaithe ná náisiúnaithe iad, bhí 77% i bhfabhar stádas ar comhchéim le Gaidhlig agus Breatnaise ach 12% ina éadan. Údar spéise, i bhfianaise na tacaíochta ó Ghaeilgeoirí óga do Catherine Connolly i dtoghchán na hUachtaránachta gurb é an t-aoisghrúpa 18-34 ba mhó a bhí i bhfabhar stádas daingean don Ghaeilge – 64%, dhá thrian geall leis.
Cén seans go bhfógróidh Stormont céimeanna chun acht teanga 2022 a chur i bhfeidhm go críochnúil le linn an Oireachtais? Níl mórán ag déanamh talamh slán de? Tá, de réir tuairiscí, litir ag dearbhú a gceapachán faighte ar deireadh ag an mbeirt choimisinéirí teanga ach ní haon ábhar uchtaigh an mhoilleadóireacht, go háirithe ó tharla gur gnó don Chéad-Aire agus LeasChéad-Aire atá i gceist. Agus cad faoin Straitéis don Ghaeilge?
Sé Gordon Lyons, an tAire Pobal sa bhFeidhmeannas, atá freagrach as an Straitéis, cás cúirte ina choinne tógtha ag Conradh na Gaeilge mar gheall ar an mhoill. An tseachtain seo caite shéan an tAire Lyons gur naimhdeas don Ghaeilge faoi ndear an mhoill. Mar is dual don DUP dúirt sé go raibh uirlis chogaidh déanta den Ghaeilge chun ceannas cultúrtha a bhaint amach agus cháin sé polasaí Chomhairle Bhéal Feirste. Dúirt sé go raibh an obair idir lámha ar straitéis a chaithfeadh a bheith comhréireach, cothrom agus inacmhainne.
Cur chuige aisteach a bheidh aige, is léir, cibé gearr nó fada an t-achar go bhfeicfear straitéis. Nár bhreá dá bhfeicfeadh aontachtaithe ó spleodar agus saíocht an Oireachtais nach laghdú ar a mBriotanachas iad cearta teanga iomlána do Ghaeilgeoirí?
Pádraig
Bheadh a lán acu fós dall air ach “aimsíonn an dall a bhéal”.
Pól Réamonn
“Nuair a bhíonn tú cleachtaithe le pribhléid, mothaíonn comhionannas cosúil le leatrom” Sin an réaltacht a gcaithfimid dúshlán a thabhairt i gcoinne sa Tuaisceart.