Amárach a chuirfear tús leis na Masters in Augusta National agus má tá oiread is alt nuachta amháin feicthe agat faoi, gach seans gur aghaidh Rory McIlroy a bhí ag stánadh níos ort agus tú ag léamh.
Thuigfí don té a cheapfadh nach bhfuil san iomaíocht sa chomórtas ach fear an Dúin.
Ní shin mar atá, áfach, agus beidh 97 galfaire eile ag tabhairt faoin gcúrsa agus súil acu ar fad gurb orthusan a bheidh an seaicéad glas oíche Dé Domhnaigh. Is é an tÉireannach rogha na coitiantachta ach thart ar 11/2 atá sé. Seo cúpla fear eile a bhfuil seans chaon bealach acu.
Jordan Spieth – 10/1

Agus Tiger Woods in iomaire na haimléise i gcónaí, tá an fear óg seo á bhrú chun cinn mar laoch nua an ghailf i Meiriceá. Níl Spieth ach 21 bliain d’aois ach tá ardchlú bainte amach aige cheana féin ar an PGA Tour. Ba i 2013, agus gan é ach 19, a bhuaigh Spieth den chéad uair agus tá trí chomórtas eile buaite aige ó shin.
D’imir sé ina chéad Masters an bhliain seo caite agus bhí sé ar comhchéim le Bubba Watson sa chéad áit ag tús an bhabhta dheireanaigh. Chríochnaigh sé sa dara háit, ach thaispeáin sé go bhfuil an scil aige buachan in Augusta.
Jason Day – 12/1

Fear eile a dtaitníonn Augusta go mór leis ná an Astrálach Jason Day. Tá an comórtas imeartha aige ceithre huaire agus cé go raibh air éirí as an imirt i 2012, chríochnaigh sé sa dara háit an bhliain roimhe, agus sa tríú háit i 2013.
Tá comórtas buaite ag Day cheana féin i mbliana agus ag breathnú ar na staitisticí, is é an tAstrálach an t-imreoir is fearr sa PGA Tour i mbliana. Ba bheag nár bhuaigh sé an comórtas seo faoi dhó agus ní fhéadfá é a chur as an áireamh an turas seo ach an oiread.
Dustin Johnson – 16/1

Tá Johnson ar cheann de na himreoirí ar an PGA Tour is mó a bhfuil bua ó nádúr aige, ach is fear é a raibh an-chuid deacrachtaí aige taobh amuigh den spórt. Ag deireadh mhí Iúil anuraidh, d’fhógair Johnson go raibh sé ag tógáil briseadh ón imirt chun tabhairt faoi fhadhbanna ina shaol pearsanta a réiteach. Cé nár admháil Johnson ná an PGA é, maítear gur theip tástáil drugaí ar Johnson agus níor imir sé arís i 2014.
Tháinig Johnson ar ais ag tús na bliana seo agus cibé fadhbanna a bhí ag cur as dó, breathnaíonn sé go bhfuil siad réitithe anois aige. Chríochnaigh sé sa chéad chúig áit faoi dhó i gcomórtais go dtí seo i mbliana agus ag tús na míosa seo caite, bhí bua den chéad uair ó 2013 aige. Má bhuann sé an deireadh seachtaine seo, déanfar dearmad ar aon bhotúin a rinne sé roimhe seo.
Matt Kuchar – 33/1

As measc na ngalfairí uile a bheidh ag glacadh páirte sna Masters, seans gurb é Matt Kuchar is seasmhaí i mbun iomaíochta sa chomórtas seo. Chríochnaigh sé sa chéad deich áit le trí bliana anuas, agus is minic é i measc na n-imreoirí is mó a shaothraíonn airgead ar an PGA Tour.
I 1998, agus é fós san ollscoil, thug Kuchar taispeántas iontach uaidh chun críochnú sa 21ú áit. Ba é an t-imreoir amaitéarach is fearr sa chomórtas é. Seacht mbliana déag ina dhiaidh sin, agus tá seans aige ar bheith ar an imreoir is fearr ar fad acu.
Patrick Reed – 35/1

Más é Jordan Spieth an laoch nua atá ag lucht leanúna an ghailf i Meiriceá, is é Patrick Reed an frithlaoch acu. Leanann conspóid saol Reed. Titeann sé amach le cóisteálatihe, le himreoirí eile agus thit sé amach fiú lena thuismitheoirí féin. Is minic a bhíonn sé i dtrioblóid freisin mar gheall ar a chuid iompair agus é ag imirt.
Cibé cén rud faoina phearsantacht, níl aon amhras faoi chumas Reed agus maide gailf ina lámh aige. Gan ach 24 bliain aige, tá ceithre chomórtas agus níos mó ná $8,500,000 buaite aige. Rud amháin ata in easnamh ar chluiche Reed ná taispeántais mhaithe ag na mórchomórtais, ach d’fhéadfadh sé an méid sin a chur ina cheart an tseachtain seo.
Fág freagra ar 'Murab é McIlroy é, cé a bhuafaidh na Masters?'