‘Mura gcuirfidh sibhse ar bun é, cuirfidh muid fhéin ar bun é’ – saolú RnaG

Tá stair agus todhchaí RTÉ Raidió na Gaeltachta á bplé na laethanta seo agus an stáisiún ag ceiliúradh 50 bliain a bhunaithe i mbliana

‘Mura gcuirfidh sibhse ar bun é, cuirfidh muid fhéin ar bun é’ – saolú RnaG

“Mura gcuirfidh sibhse ar bun é, cuirfidh muid fhéin ar bun é!”

B’in a dúirt an gníomhaí Seosamh Ó Cuaig ag cruinniú le beirt a bhí i gceannas ar RTÉ ag tús na 1970idí.

Ag caint faoi Raidió na Gaeltachta a bhí Ó Cuaig agus d’inis sé an scéal sin ar eagrán faoi leith den chlár Adhmhaidin a craoladh ar an stáisiún mar chuid de chomóradh agus cheiliúradh 50 bliain den ‘raidió’. 

Aimsir na Cásca aimsir an aiséirí, agus aimsir an éirí amach freisin, agus ní trí thimpiste gur ag an tráth úd den bhliain, Domhnach Cásca, a tháinig Raidió na Gaeltachta ar an aer den chéad uair I 1972.

Bhí lucht an stáisiún – idir iarchraoltóirí agus chraoltóirí an lae inniu – bailithe le chéile in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc le scéal bródúil an raidió a inseacht agus a chíoradh ar Adhmhaidin. Roghnaíodh Ros Muc toisc gurbh ann a “cuireadh an síol”, mar a dúirt láithreoir an chláir, Gormfhlaith Ní Thuairisg, mar ba ó Ros Muc aimsir na Cásca 1970 a chraol Saor-Raidió Chonamara, an stáisiún ónar eascair Raidió na Gaeltachta.  

Bhí Piaras Ó Gaora, a raibh seal caite aige ag obair le RTÉ, ar dhuine de bhaill Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a bhunaigh Saor-Raidió Chonamara (nó Raidió Ros Muc mar a thug muintir na háite sin air). Ar Adhmhaidin, labhair triúr eile a raibh baint mhór acu le bunú an tSaor-Raidió –  Colm Ó Donnchadha, Máire Áine Ní Fhlaithearta agus Seosamh Ó Cuaig –  faoi na dúshláin a bhain le tionscadal ceannródaíochta mar é.

Ní raibh sé éasca teacht ar láthair óna bhféadfaí craoladh, ach sa deireadh d’úsáideadar carbhán a feistíodh ag tigh Choilm Uí Ghaora i Ros Muc. Chuaigh Máire Áine Ní Fhlaithearta go dtí an Bhreatain Bheag leis an Athair Pádraig Ó Máille ar thóir trealaimh ón dream a bhí ag plé le gluaiseacht na teanga ansin, ach ba thuras in aisce a bhí ann. Ach bhí “misneach agus dóchas againn”, a dúirt Máire Áine Ní Fhlaithearta, agus choinníodar leis.

D’inis Theresa Conroy scéal barrúil faoin gcaoi ar baineadh anuas an scafall óna teach leis an gcrann cumarsáide don stáisiún a fheistiú. 

Ba í glór Chaitlín Uí Chonghaile, nach maireann, an chéad ghlór a cloiseadh agus Saor-Raidió Chonamara á chraoladh den chéad uair ar an 28 Márta 1970, ag 202 méadar ar an tonnfhad meánach. Agus ba í Máire Áine Ní Fhlaithearta a chuir críoch le craoladh an stáisiúin agus í ag léamh ráitis ó choiste an tSaor-Raidió inar dúradh go raibh ceadúnas uathu le raidió neamhspleách a bhunú i gConamara. 

“Creidimid go bhfuil ár gcás cruthaithe, gan dabht. Sé sin go bhfuil gá agus áit ann do stáisiún raidió áitiúil á rith trí mheán na Gaeilge agus é neamhspleách go hiomlán ar Raidió Teilifís Éireann,” a dúradh. Forógra a bhí sa ráiteas sin i ndáiríre.

Níl amhras ar bith ann, a dúirt Seosamh Ó Cuaig, ach go raibh tionchar ag Saor-Raidió Chonamara ar bhunú Raidió na Gaeltachta.

Phléigh go leor de shárchraoltóirí Raidió na Gaeltachta ón lá atá inniu ann agus ón am a caitheadh ábhair shuimiúla a bhain le stair, tábhacht agus forbairt an stáisiúin ar an eagrán speisialta d’Adhmhaidin.

Scéal áitiúil, faoi bhád lastais a bhí ag iarraidh suimint a thabhairt i dtír i gCill Chiaráin tráth stailce, an chéad scéal a craoladh ar Shaor-Raidió Chonamara agus bhí an plé faoin nuacht áitiúil ar cheann de na míreanna ba shuimiúla ar Adhmhaidin Luan Cásca. 

“Is í an nuacht áitiúil cnámh droma an raidió,” a dúirt Cáit de Bhailís, a thosaigh ag obair sa raidió i 1987, agus a bhfuil na blianta caite aici ag saothrú i Seomra na Nuachta, i gceannáras Raidió na Gaeltachta i gCasla, ó shin. Bhíodh sí le cloisteáil go rialta ar Nuacht an Iarthair is tá sí ag plé anois leis an nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta.

“Ní raibh ach clóscríobhán amháin i Seomra na Nuachta nuair a chuaigh mé isteach ann an chéad uair,” a dúirt sí. Bhíodh na scéalta á scríobh ag lucht na nuachta le peann agus bhíodh na rúnaithe á gclóscríobh. Luaigh sí na comhfhreagraithe a bhíodh ar fud na Gaeltachta agus a bhíodh ag soláthar scéalta, a bhfuil go leor acu ar Shlí na Fírinne anois.

Scéalta simplí bunúsacha a bhíodh ann ag an tús, a dúirt Cáit de Bhailís, agus bhíodh níos mó spraoi le baint as cúrsaí. “Bhíodh go leor polaiteoirí in adharca a chéile!” a dúirt sí.

Thug sí sampla an-spéisiúil den chaoi ina bhfuil cúrsaí teicneolaíochta agus cúrsaí eile ag cur laincisí ar bhailiú na nuachta sa lá atá inniu ann. Bhí am ann nuair a d’fhéadfaí glaoch fóin a chur díreach ar na Gardaí áitiúla nó ar rannóg stáit le scéal a fhiosrú nó a chinntiú. Ní féidir sin a dhéanamh a thuilleadh; is gá ríomhphost a chur. Agus toisc gur i nGaeilge atá an ríomhphost sin, d’fhéadfá a bheith ag fanacht ar feadh seachtaine ar fhreagra, a dúirt Cáit de Bhailís, “rud nach bhfuil ceart ná cóir nuair atá tú ag fanacht le nuacht te bruite”. 

Ba sa mbliain 1987 a thosaigh Máire de Bhailís ag obair i gCasla agus thug Gormfhlaith Ní Thuairisg le fios gur chuici a théann go leor sa stáisiún agus iad ag lorg comhairle faoin mbealach ceart le rudaí a scríobh nó a rá.

“Cén chaoi a ndéarfá é sa mbaile?” an chomhairle a cuireadh ar Mháire í féin nuair a thosaigh sí ag craoladh agus creideann sí fós sa gcomhairle sin. “Tá tú ag cuimhneamh ar an té atá ag éisteacht sa mbaile,” a dúirt sí, “agus tú ag coinneáil an scéil chomh simplí is atá tú in ann, ach fós a bheith cruinn agus saibhreas teanga a bheith agat.”

Nuair a fiafraíodh di faoi “chaint oifigiúil” an lae inniu atá “sách deacair meabhair a bhaint aisti”, dúirt sí go “gcaithfidh tú í a sheachaint chomh mór is atá tú in ann”. Dar le Máire de Bhailís, tá an iomarca aistriúcháin díreach ón mBéarla go Gaeilge i gceist i gcúrsaí nuachta sa lá atá inniu ann. “Is dóigh gur cheart dúinn níos mó úsáid a bhaint as an saibhreas agus na leaganacha atá againn,” a dúirt Máire de Bhailís.

Níl Máire Áine Ní Chuaig ag plé le Nuacht an Iarthair ach le blianta beaga anuas agus taitníonn sé léi a bheith ag obair ar an nuacht áitiúil, a dúirt sí. Creideann sí go láidir go bhfuil ar an gcéad ghlúin eile craoltóirí, í féin san áireamh, an ceangal a choinneáil leis an bpobal. “Tá muid ann le freastal ar an bpobal. Níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh go deo ar cé as a fáisceadh muid”. 

Leanadh leis an gceiliúradh beo ó Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh ar Iris Aniar i ndiaidh Adhmhaidin agus tarraingíodh anuas ceist na teicneolaíochta agus cúrsaí airgid.

Agus í ag caint le láithreoir an chláir, Fionnuala Uí Neachtain, dúirt an t-iarchraoltóir Máirín Nic Con Iomaire go bhfuil sé thar am maoiniú agus acmhainní a chur ar fáil do Raidió na Gaeltachta le gur féidir freastal i gceart ar an bpobal agus an teanga a choinneáil beo don chéad ghlúin eile.  

“Tá sé in am anois go gcuirfí maoiniú ar fáil mar a chuirtear ar fáil do chuile cheann eile de na craoltóirí seirbhíse poiblí,” a dúirt sí.

Ceann de na ceisteanna a ardaíodh ar Iris Aniar: an mbíonn daoine óga na linne seo ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta? Rinneadar vox pop le roinnt daoine óga sa nGaeltacht agus fuaireadar an freagra céanna a gheofá dá bhfiafrófá de dhaoine óga áit ar bith sa domhan thiar ar éist siad le stáisiún raidió ar bith – le Spotify a bhíonn cuid mhaith acu ag éisteacht, agus le podchraoltaí.

“Má tá Raidió na Gaeltachta le dul i gcion ar an aos óg, caithfidh siad dul chomh fada leo, ar na hardáin agus ar na meáin lena mbíonn siad ag éisteacht agus leis an ábhar a bhfuil suim acu ann,” a dúirt Máirín Nic Con Iomaire. 

Tá an t-uafás deiseanna ann leis an aos óg a mhealladh isteach i bpobal an raidió, a dúirt sí. Tá sí féin ag obair ar thogra le scoláirí ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua faoi láthair le go rachaidís i dtaithí ar theicneolaíocht na craoltóireachta.

D’aontaigh an craoltóir óg Evelyn Ní Ghriallais leis an méid a bhí le rá ag Máirín. 

“Níl taithí ag daoine óga ar a bheith ag éisteacht leis an raidió,” a dúirt sí. 

Mhol sí go mbeadh podchraoltaí á gcur ar fáil ar Spotify agus ar ardáin eile. 

Agus é ag labhairt ar Adhmhaidin Luan Cásca, dúirt iarcheannaire ar an stáisiún, Breandán Feiritéar “gur ar éigean go mbeadh aon Ghaeilge fágtha murach Raidió na Gaeltachta”. 

Tá go leor ann a d’aontódh leis.

Fág freagra ar '‘Mura gcuirfidh sibhse ar bun é, cuirfidh muid fhéin ar bun é’ – saolú RnaG'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tuairisc den scoth ar an dá chlár a craoladh Luan Cásca, le ceiliúradh a dhéanamh ar RnaG@50. Maidir le daoine óga, tugaim faoi deara sa teach seo go néisteann ‘daoine óga’ le cláracha spóirt (tráchtaireacht ar chluichí áitiúla go speisialta) ar RnaG agus le cláracha ceoil ó am go ham.

  • Pól

    Tá sé tábhachtach spotify agus meáin mar é a úsáid le cláracha maithe a chur ar fáil do na héisteoirí óga. Aontaím go hiomlán le Breandán Feiritéar. Is breá an nuacht áitiúil a bheith ar fáil i nGaeilge chraicneach dhúchais na háite agus é ar fáil le n-éisteacht níos deireanaí leis chomh maith. Tugtar maoiniú do chúrsaí eile cultúir. Ná déanaimis dearmad maoiniú ceart stáit a thabhairt don rud is luachmhaire agus is leochailí atá fós beo agus fós againn… an Ghaeilge dhúchais.

  • KH

    An-phíosa scríbhneoireachta. B’fhiú podchraoltaí RnaG a chur ar spotify mura mbeadh bac ar a leithéid. Comhairle mhaith d’ábhar aistritheoirí caint Mháire de Bhailís.