‘Múnlaíonn mo dhúchas Gaelach mar fhile mé’

Beidh Peter Mackay ina Makar – file náisiúnta - in Albain as seo go ceann trí bliana. Is é an chéad fhile Gàidhlig sa ról. Labhair sé le Tuairisc

‘Múnlaíonn mo dhúchas Gaelach mar fhile mé’

Deir an file Peter Mackay, a ceapadh ina ‘Makar’ – file náisiúnta – in Albain le deireanas, go múnlaíonn a dhúchas Gaelach go mór é mar fhile agus gur bunchloch dá chuid filíochta í litríocht Ghaelach na hAlban.

Is ar an oileán Gàidhealtachda Leòdhas a rugadh agus a tógadh Mackay atá ina léachtóir sinsearach i nDámh an Bhéarla in Ollscoil Aindrias Naofa i nDún Éideann. Is é an chéad fhile Gàidhlig a ceapadh i ról an ‘Makar’ – ról atá cosúil leis an teideal ‘Ollamh Filíochta na hÉireann’ a bhronnann Éigse Éireann ar mhórfhilí na tíre seo. Ciallaíonn an focal Albainise ‘makar’ ‘bard’ nó ‘ollamh’ i gcomhthéacs na filíochta.

Dúirt Mackay le Tuairisc go raibh an tuairimíocht láidir ann in Albain go raibh sé in am duine a bhíonn ag cumadh filíochta i nGàidhlig a cheapadh mar ‘Makar’ tar éis do cheathrar filí Albanacha eile a bhíonn ag scríobh i mBéarla agus in Albainis a bheith sa ról.

“Ba mhór an onóir go gcuirfí san áireamh mé i measc na ndaoine a d’fhéadfadh ról an Makar a líonadh. Tá Albain in áit an-mhaith faoi láthair ó thaobh na filíochta de agus tá go leor filí fíormhaithe ann a bhfuil bunús an-láidir fúthu. Tá an fhilíocht ó bhéal an-láidir anois freisin. Is áit bhríomhar fhuinniúil í Albain faoi láthair.

“Bhí sé le mothú le tamall go raibh sé in am Makar le Gàidhlig a cheapadh. Tá an Bile nan Cànan Albannach [Bille na dTeangacha Albanacha] ag dul tríd an bparlaimint i láthair na huaire agus d’fhéadfadh file náisiúnta a bhfuil an Ghàidhlig aige cur leis an bplé – rud atá tábhachtach ó thaobh na polaitíochta de. Is rud tábhachtach é go bhfuil file ón gcúlra seo sa ról agus na rudaí seo ag tarlú,” a dúirt Mackay le Tuairisc.

Tugadh Bile nan Cànan Albannach isteach go Pàrlamaid na h-Alba mí na Samhna seo caite agus tá sé anois ag Céim 2 den phróiseas reachtaíochta. Tá céim amháin eile le sárú ag an reachtaíocht teanga a “athróidh an tacaíocht don Ghàidhlig agus don Albainis in Albain.”

Dúirt Mackay gur “ealaín thábhachtach ag an leibhéal náisiúnta” í an fhilíocht agus go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil duine ann a dhéanfadh abhcóidíocht ar a son ag go náisiúnta agus gur “mór an onóir” gurb é féin a bheidh ina bhun sin as seo go ceann trí bliana.

“Is dóigh liom go leanfaidh mé ar aghaidh leis na rudaí a rinne na ceathrar Makar eile a tháinig romham, ach iad a dhéanamh ar bhealaí difriúla.”

Ba mhaith leis tograí nua a dhéanamh le teangacha uile na hAlban. Agus ní ag caint ar an nGàidhlig, Béarla, agus Albainis atá mé ach ar na teangacha uile a labhraítear sa tír seo anois – an Pholainnis, an Hiondúis, agus Urdúis, an Spáinnis, agus an Araibis agus na teangacha eile ar fad a chloistear ar an tsráid anseo. Is sochaí ilteangach ilchineálach í sochaí na hAlban anois agus is féidir leis an bhfilíocht é sin a léiriú.

Rugadh agus tógadh Mackay i Leòdhas, oileán in iarthuaisceart na hAlban a bhfuil an Ghàidhlig níos láidre ann ná mar atá in áiteanna eile sa tír. Dúirt sé le Tuairisc go “múnlaíonn” a oidhreacht Ghaelach é go mór mar fhile.

“Múnlaíonn sí go mór mé, agus ceann de na rudaí a dhéanaim iarracht a dhéanamh mar fhile, mar chraoltóir, agus mar acadóir ná breathnú ar na bealaí nua is féidir an litríocht Ghaelach a cheangal leis an am i láthair agus droichid a chruthú idir cultúir dhifriúla na tíre – trí aon dán amháin nó ar bhonn níos leithne ná sin.

“D’fhás mé aníos go dátheangach i Leòdhas agus bhí an t-ádh orm a bheith chomh gar sin do scéalaithe agus filí iontacha.

“Nuair a bhí mé ag fás aníos bhí triúr nó ceathrar gearrscéalaithe Gàidhlig san oileán a bhí thar cionn ar fad agus b’in ceann de bhuanna móra na gceantar Gàidhealtachda. Chonaic mé na daoine sin agus an cultúr saibhir scéalaíochta agus dúirt liom féin – tuige nach ndéanfainn féin é sin?” a dúirt sé.

Cé gur file Gàidhlig é Mackay, deir sé gur gá dó a chuid filíochta a aistriú go Béarla nó filíocht as an nua a scríobh i mBéarla ó am go chéile ar “chúinsí praiticiúla”. Tá sé ina chónaí i nDún Éideann, cathair a bhfuil an Béarla in uachtar inti, agus le go bhfaigheadh a shaothar “aitheantas” cuireann sé an teanga sin ar a chuid dánta.

“Tá an fhilíocht Ghàidhlig in áit spéisiúil ar chúpla bealach. Tá roinnt mhaith daoine ann – leithéidí Niall O’Gallagher, Meg Bateman agus Christopher White, mar shampla – a tháinig chun na teanga mar dhaoine fásta ach a roghnaigh a gcuid filíochta a scríobh inti. Níl ach 58,000 cainteoir – ar an lá is fearr – sa tír agus bheadh líon na léitheoirí thar a bheith beag.

“Mura scríobhfadh mé féin i mBéarla, nó mura n-aistreodh mé mo chuid dánta, an gceapfaí sa ról seo mé? Is dóigh nach gceapfaí, ní bheadh ach beirt ar an bpainéal roghnóirí a d’fhéadfadh mo shaothar a léamh.”

Is amhlaidh an scéal i gcás comórtais filíochta, a deir sé. Caithfidh tú scríobh go dátheangach le haitheantas a fháil.

“Tá na Mòdan ann – go háitiúil agus go náisiúnta – agus bíonn an aithriseoireacht mar chuid díobh sin. Mar sin féin, tá brú mór ann an Ghàidhlig a chur chun cinn sna healaíona scríofa agus béil,” a dúirt sé.

Beidh Peter Mackay ina Makar in Albain as seo go ceann trí bliana.

Fág freagra ar '‘Múnlaíonn mo dhúchas Gaelach mar fhile mé’'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Guímse gach ádh 7 rath do Pheadar – 7 ní maith liom mar a cáineadh an post le daoine “Albannacha” (más fíor). Maith thú a Bhríd :-)

  • Fearn

    I gcead do Niall agus i gcead do Mhaitiú, má tá “am Bàrd Nàiseanta” seo chomh Ghaelach ina dhúchas, tuige ar athbhaistigh sibh Pádraig MacAoidh, muna aithris ar nós Ghaeltacht na hÉireann é seo gach ainm a Ghalldú?

    Nach bhfágfidh sibh Galldú faoin na Gaill?