FÉILTE
Sean-nós na Fearsaide ag ceiliúradh deich mbliana ar an bhfód
Beidh féile Sean-nós na Fearsaide ar bun an tseachtain seo chugainn i gCultúrlann Mhic Reachtain i mBéal Feirste agus iad ag ceiliúradh deich mbliana ar an bhfód. Beidh an fhéile ar siúl ón Déardaoin 27 Feabhra go dtí an Satharn, 1 Márta. Tá béim ag an bhFéile i mbliana ar an amhránaíocht le Corn an Oireachtais (comórtas chóir na mbunscoileanna) ar an Déardaoin agus comórtais faoi 12, 15 agus 18 ar an Satharn. Críochnóidh na comórtais le Corn Cuimhneacháin Mhéabh Uí Chriagáin don amhránaíocht ar an sean-nós do dhaoine os cionn 18.
Chomh maith le seoladh albaim is comórtais, beidh ceol, scéalaíocht, agallamh beirte agus oíche airneáin ina mbeidh damhsóirí, lúibíneoirí agus amhránaithe páirteach. Beidh ceardlanna san amhránaíocht ar an sean-nós agus an damhsa ar an sean-nós ar bun freisin. Cuirfidh an Dr Seán Mac Corraidh ceardlann ar fhuaimniú na n-amhrán ar bun. Taighdeoir agus ceoltóir é Mac Corraidh a bhfuil taighde déanta aige ar thraidisiún an tsean-nóis agus an cheardlann dírithe ar amhránaithe atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a scileanna foghraíochta. Reáchtálfaidh Becky Ní Éallaithe agus Rónán Ó Niadh ceardlann sa damhsa ar an sean-nós ar an Satharn, 1 Márta.
Beidh ceolchoirm speisialta chun seoladh a dhéanamh ar an albam Sliocht le Frances Morton ar siúl san oíche Dé Sathairn. Is í an Dr Verena Commins a sheolfaidh an t-albam agus beidh na ceoltóirí Éomon McElholm agus Doiminic Mac Giolla Bhríde in éineacht le Frances Morton ar stáitse.
Gach eolas agus clár na féile anseo.
Clár na féile Cúirt fógartha agus iad ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód
Tá an fhéile litríochta idirnáisiúnta Cúirt i nGaillimh ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód i mbliana agus clár na bliana seo fógartha acu an tseachtain seo. Beidh lá imeachtaí i nGaeilge mar chuid de chlár na bliana seo agus na foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód i mbliana freisin. Mar chomóradh air seo, tá sraith imeachtaí speisialta á gcur ar bun i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an Domhnach an 13 Aibreán a thabharfaidh ardán do shaibhreas litríochta, ceoil agus amhránaíochta na Gaeilge.
I measc na n-imeachtaí sin beidh ‘Dinnseanchas – Tír Chonaill’, iniúchadh ar an dinnseanchas i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Seo an ceathrú bliain den togra seo agus i mbliana beidh beirt scríbhneoirí as Tír Chonaill, Eithne Ní Ghallchobhair agus Michelle Nic Pháidín, ag caint faoi thábhacht an dinnseanchais ina gcuid oibre agus iad ag léamh a rogha óna saothar féin freisin.
Tráthnóna Dé Domhnaigh ag a 5pm beidh an ócáid ‘Ar Thóir Bhríd Ní Mháille’ ar bun. Léamh drámatúil atá ann as úrscéal atá idir lámha ag Micheál Ó Conghaile maidir le scéal Bhríd Ní Mháille, an bhean a scríobh ‘Amhrán an Bháthadh’ agus ‘Amhrán South Boston’. Fitear ceol, prós agus an chaointeoireacht le chéile san ócáid seo le Caitlín Ní Chualáin, Bridie Ní Churraoin agus Eoghan Ó Riada.
Cuirfear clabhsúr ar na himeachtaí sa Taibhdhearc an tráthnóna sin le ceiliúradh ceoil agus filíochta bunaithe ar Leabhar Mór na nAmhrán agus an cnuasach nua Gearr Gonta: Céad Dán le Céad File ag a mbeidh ceol, amhrán agus filíocht le Lillis Ó Laoire, Caitlín Ní Chualáin, Marcas Mac Conghail, Nóirín Ní Ghrádaí, Colm Ó Dubháin agus aíonna eile.
Sna himeachtaí eile i nGaeilge atá ar chlár Cúirt na bliana seo, beidh an file Áine Ní Ghlinn ag léamh óna saothar filíochta do dhaoine fásta in éineacht le Moya Roddy in Amharclann Bhanc na hÉireann in ionad O’Donoghue in Ollscoil na Gaillimhe mar chuid den tsraith ‘Arts in Action’ ar an Déardaoin an 10 Aibreán ag am lóin.
Tá gach eolas agus clár na féile ar fáil anseo.
FILÍOCHT
Ó Dhoire go Gaza, cnuasach nua filíochta le Paul Laughlin
Beidh cnuasach nua filíochta, Dorn san Aer le Paul Laughlin á fhoilsiú ag Cló Cholmcille i mí an Mhárta. Seo é an chéad chnuasach filíochta i nGaeilge atá á fhoilsiú ag an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Cholmcille (Colmcille Press), comhlacht atá lonnaithe i nDoire. Tá an comhlacht ar an bhfód ó 2019, tráth ar chuir Garbhán Downey tús leis an bhfiontar i ndiaidh 30 bliain a chaitheamh ag obair le cúrsaí foilsitheoireachta agus na meáin. Díríonn an cló ar leabhair a bhaineann le spórt, stair, ficsean agus filíocht agus foilsíonn siad meascán leabhar idir leabhair i mBéarla agus i nGaeilge.
File agus eagarthóir as Doire é Paul Laughlin, tá saothar dá chuid foilsithe in irisí éagsúla, leithéidí Cyphers, Comhar agus an Field Day Review, chomh maith le hirisí eile. Sa gcnuasach nua seo pléann Laughlin ceisteanna a bhaineann le cúrsaí polaitíochta, leis an gcogaíocht agus an coilíneachas in Éirinn agus sa Phalaistín. Beidh Dorn san Aer á sheoladh i gCultúrlann Uí Chanáin ar an 6 Márta, Lá Domhanda na Leabhar agus beidh seoladh eile i mBéal Feirste roimh an Cháisc.
Costas £10/€12 atá ar an leabhar agus é ar fáil ó shuíomh idirlín Chló Cholmcille.
LEABHAIR
Ag Buzzáil sa Ghairdín, leabhar Gaeilge do Lá Domhanda na Leabhar
Tá Lá Domhanda na Leabhar Éire 2025 á urrú ag Éarlaisí Leabhair Náisiúnta agus á sheachadadh ag An Post, i gcomhpháirt le Leabhair Pháistí Éireann. Mar chuid den cheiliúradh, cuirfear dearbháin nó éarlaisí leabhair €1.50/£1 ar fáil do pháistí agus do theaghlaigh trí scoileanna, ar líne agus i siopaí leabhar. Féadfar na dearbháin a úsáid le ceann den 14 leabhar speisialta atá ar liosta Lá Domhanda na Leabhar a fháil in aisce.
Ar rogha leabhar na bliana seo tá dhá leabhar Éireannacha agus ceann acu sin an leabhar Gaeilge Ag Buzzáil sa Ghairdín le Áine Ní Ghlinn agus é maisithe ag Mr Ando. Seo togra atá urraithe ag Foras na Gaeilge le trí bliana anuas.
Beidh Áine agus Mr Ando ag dul ar camchuairt le Ag Buzzáil sa Ghairdín le bualadh le léitheoirí óga na Gaeilge. Ar chuid de na himeachtaí beidh siad i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste maidin Dé Luain, an 3 Márta. Tabharfaidh siad aghaidh ar Leabharlann Chichester agus siopa leabhar Waterstones i mBéal Feirste ar an 4 Márta. Ina dhiaidh sin beidh siad i mBaile Átha Cliath ar an 5 Márta agus suas go Doire leo ansin chuig siopa leabhar Little Acorns ar Lá Domhanda na Leabhar féin, an 6 Márta. Níl aon táille ar na himeachtaí agus tá fáilte roimh chách.
Chomh maith leis sin scaipfidh An Post 42,000 leabhar Lá Domhanda na Leabhar ar pháistí atá i gcruatan sa tír, le tacaíocht ó Leabhair Pháistí Éireann. Tá sé d’aidhm acu deis na léitheoireachta a chur ar fáil don oiread páistí agus is féidir le go mbeidh siad páirteach i gceiliúradh Lá Domhanda na Leabhar. Scaipfear na leabhair ar pháistí in ospidéil, ionaid soláthair dhírigh, seirbhísí do dhaoine gan dídean agus pobail Lucht Siúil in Éirinn.
Tá tuilleadh eolais chomh maith le hacmhainní le haghaidh scoileanna, tuismitheoirí agus léitheoirí óga le fáil anseo.
Fág freagra ar 'Sean-nós na Fearsaide, Cúirt @ 40, Lá Domhanda na Leabhar, agus filíocht ó Dhoire go Gaza'