‘Múisiam’ ar iar-eagraí spóirt Raidió na Gaeltachta faoi dheireadh a bheith á chur le Spórt an Domhnaigh

Deir Mártan Ó Ciardha go raibh Spórt an Domhnaigh ‘i gcroílár na cúise ar bunaíodh RnaG an chéad lá riamh’. Idir an dá linn, tá lucht ceardchumainn ag cur in aghaidh an chinnidh deireadh a chur leis an gclár sin agus gnéithe eile de sceideal nua an stáisiúin

‘Múisiam’ ar iar-eagraí spóirt Raidió na Gaeltachta faoi dheireadh a bheith á chur le Spórt an Domhnaigh

Is údar mór díomá é d’iar-eagraí spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta, Mártan Ó Ciardha, an cinneadh deireadh a chur leis an gclár Spórt an Domhnaigh.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite go raibh deireadh ag teacht leis an gclár seanbhunaithe agus gur an deireadh seachtaine seo caite a chraolfaí an t-eagrán deiridh.

Dúirt Ó Ciardha, a chaith os cionn 30 bliain ag obair le RTÉ RnaG agus atá ina cholúnaí le Tuairisc.ie, go bhfuil “an-mhúisiam” air ó chuala sé an scéal, ach gur mhaith leis tuilleadh eolais a fháil faoin mbunús a bhain leis an socrú agus na cúiseanna a bhí leis.

“Céad ba shiocair leis? Easpa airgid, foirne nó figiúirí lucht éisteachta? Tá sé tábhachtach go mbeadh teacht ar an eolas sin. Bhí Spórt an Domhnaigh á chraoladh ar an stáisiún ó thús aimsire agus thug sé seirbhís dá lucht éisteachta agus d’imreoirí ag gach leibhéal i ngach spórt ó na comórtais faoi aois, leibhéil shóisireacha, idirmheánacha, sinsireacha – club agus contae.

“Cá mbeidh fáil ag pobal na Gaeltachta ar an tseirbhís sin anois, seirbhís a bhí i gcroílár na cúise ar bunaíodh RnaG an chéad lá riamh,” a dúirt sé.

Dheimhnigh Eagarthóir Stiúrtha Clár RTÉ Raidió na Gaeltachta, Seán Ó hÉanaigh, do Tuairisc.ie an tseachtain seo caite go raibh deireadh á chur leis an gclár mar chuid de na hathruithe atá á ndéanamh faoi láthair ar sceideal an stáisiúin.

Tá sé i gceist chomh maith an clár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra a bhogadh ó mhaidin Dé Sathairn go dtí maidin Dé Domhnaigh. Tuigtear go bhfuil baint ag aistriú an chláir sin ó Dé Sathairn leis an gcinneadh deireadh a chur le Spórt an Domhnaigh sa mhéid is nach mbeadh dóthain teicneoirí ar fáil Dé Domhnaigh chun freastal ar an dá chlár.

D’eisigh Ceardchumann na nIriseoirí, RTÉ RnaG ráiteas ag an deireadh seachtaine áfach inar dúradh go raibh “an-díomá” orthu go raibh deireadh á chur leis an gclár. Dúradh chomh maith nach rabhthas “sásta” leis an míniú a bhí tugtha ag lucht bainistíochta an stáisiúin faoin gcinneadh.

“Is clár é [Spórt an Domhnaigh] a chuireann eolas ar fáil faoi chluichí club agus contae agus nach bhfuil a leithéid de chlár le fáil ar aon tseirbhís eile ag an am sin.

“Tá éisteoirí ag Spórt an Domhnaigh, ní hamháin sa nGaeltacht ach ar fud na tíre gan trácht ar na héisteoirí dílse atá ag an gclár thar lear.

“Ní dóigh leis an gCeardchumann gur leor an míniú atá tugtha ag an mbainistíocht ar Tuairisc.ie: ‘Tá clúdach an-leathan spóirt againn i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus beidh go leor den rud a bhí ar súil i rith an chláir sin le fáil níos luaithe sa lá’.

“Bíonn riar cluichí ar siúl níos deireanaí sa lá agus nach mbíonn críochnaithe faoin am a dtiocfadh deireadh leis an gclúdach spóirt ag 6.00pm ar an Domhnach.”

Dúradh i ráiteas an cheardchumainn gur clár ar leith é Spórt an Domhnaigh “mar go dtugann sé an t-aitheantas céanna do chlubanna beaga na Gaeltachta agus a fhaigheann na clubanna móra agus na foirne contae”.

Dúradh gur oth le baill an cheardchumainn “an cinneadh a fhágann nach mbeidh an t-ardán céanna feasta ag na clubanna sin”.

“Tá gnéithe eile de Sceideal an Fhómhair nach bhfuil an fhoireann sásta leis agus súil againn mar cheardchumann go mbeidh toradh ar na cainteanna idir muid agus an bhainistíocht fúthu,” a dúradh i ráiteas NUJ RnaG.

Fág freagra ar '‘Múisiam’ ar iar-eagraí spóirt Raidió na Gaeltachta faoi dheireadh a bheith á chur le Spórt an Domhnaigh'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Bunaíodh Raidió na Gaeltachta le freastal ar phobail na Gaeltachta go príomha. Tá faitíos orm go bhfuil dearmad déanta ar sin. Thuig an clár Spóirt an Domhnaigh gur pobail na Gaeltachta a lucht éisteachta. Is air a bhíodh na tuairiscí spóirt óna cluichí ina raibh clubanna Gaeltachta páirteach. Sin an chúis nár cheart fáil réidh leis. Droch cinneadh é seo, im thuairimse, ar cheart breathnú aríst air.

  • Mícheál ó Cúláín

    Ní chreidim fós gur féidir leis seo tárlú. Ní amháin gur cheangail an clár seo na pobail Ghaeltachta ar fad, ach thug sé stáitse do imreoirí óga ó gach cúinne ar fud na tíre, a d’imir aon chineál spóirt.Ba deas i gcónaí a bheith ag éisteacht le píosaí tráchtaireachta ó chluichí áitiúla agus na tuairiscí ar fad ó chuile spóirt ar fuid na cruinne.
    Is botún amach agus amach fáil réidh leis an gclár seo ,atá chomh tábhachtach sin i saol phobal na Gaeltachta.Cá mbeidh fáil ar seo againn anois?
    Tá mé cinnte gur féidir dul siar ar an gcinne seo agus an botún mór seo a chuir ina cheart.

  • Caoimhín

    Drochchinneadh, amach is amach.

  • Murchadh

    Ní féidir an clár seo a chealú! Bím ag brath air gach Domhnach beo chun coimeád bord ar bord leis na torthaí agus is foireann iontach ghairmiúil atá ina bhun. Níl aon teilifís agam. Fág againn é.

  • Seán Ó Duibhir

    Seán Ó Duibhir, Gaoth Dobhair.
    Mar dhuine a d’oibrigh ar chlár Spóirt an Domhhnaigh ar feadh fada go leor tuigim, ó aiseolas a fuair mé ó lucht éisteachta thar na mblianta, an tábhachtach atá leis an chlár áirithe seo. Is le díomá mhór a chuala mé faoin chinneadh deireadh a chuir leis.
    Glacaim leis go bhfuil clúdach forleathan spóirt i rith an lae gach Domhnach ar R na G ach is achoimre chuimsitheach ar imeachtaí iomlán spóirt sna Gaeltachtaí éagsúla atá sa chlár seo atá riachtanach go speisialta daoibhe siúd a bhíos ag freastal ar a gcluichí fhéin i rith an lae idir imreoirí, lucht bainistíochta agus lucht féachanna ach go h-áirithe gan tagairt daoibhe siúd ó na Gaeltachtaí éagsúla atá scaipthe ar fud na tíre agus leoga thar lear. Gá le athbhreithniú déarfainn.

  • Séamus Ó Cearnaigh

    As a former employee of RTE (first presenter of The Sunday Game, in 1979, and GAA commentator), I am sad about this, and angry. That programme was essential listening for me while driving back to Galway from games all over Ireland. I would’ve seen one game that day but Spórt an Domhnaigh gave me the news of the day, especially club results – an-tabhachtach! – while driving home. There were thousands like me. Droch cinneadh! Botún! — Séamus Ó Cearnaigh

  • Mairéad Ní Fhlatharta

    Aontaím go hiomlán le Mártan agus le Donncha. Tá an-díomá orm cloisteáil go bhfuil Raidió na Gaeltachta ag fáil réidh leis an gclár Spórt an Domhnaigh. Bhíodh an Clár ar siúl sa gcarr agam gach seachtain agus mé ag tiomáint ar ais go BÁC. Na torthaí uilig bailithe in aon áit amháin agus tuairiscí ar na cluichí. Botún déanta ach is féidir an cinneadh a athrú agus ní bheidh aon dochar déanta. Chuala mé Tomás Mistéil ag rá gur bé féin a bheidh ag líonadh am Spórt an Domhnaigh, is féidir clár mar sin a chur amach ag aon am, níl torthaí ná scéalta reatha ann. Seo fadhb atá éasca le réiteach, má tá an toil ann sin a dhéanamh.

  • Seán Ó Coistealbha

    Tá fíor díomá orm go bhfuil an clár íontach seo ag imeacht, ní dhéarfadh mé críochnaithe mar caithfidh muid mar phobal thoir, thuas, thíos agus thiar é seo a throid. Tá airgead á chaitheamh le fána ar rudaí áirid a bhaineann leis an Ghaeilge ach fós féin tá iarracht déanta fáil réidh le clár den tsórt seo. Nach iomaí duine a bhíonn cluais le n-éisteacht acu leis an chlár seo, duine aosta nach bhfuil in ann taisteal nó duine óg ag éisteacht le na gaiscí a bhaineann le laochtra Gaeltachta. Bhí an clár seo beo bríomhar leis a tuafás glórtha éagsúla le cloisteáil idir nua agus sean. Neartaigh an clár seo pobal éisteachta Raidió na Gaeltachta. Tá branda láidir eile Gaeltachta cruithaithe ag an chlár seo , laochra ban agus laochra fir a aithníodh ar dtús agus iad ag seasadh dá gclubanna agus ansin a chuaigh ar aghaidh dá gContaetha le aitheantas naisiúnta a fháil. Tá sé in am seasadh go láidir agus brú a chur an cinneadh seo a chur ar neamhní.

  • Seosamh Mac D

    Droch chinneadh ceart é seo. Is cosúil go bhfuil dearmad glan déanta ar lucht na Gaeilge, na Gaeltachta, agus ar lucht leanúna spóirt, go mór mór lucht leanúna an CLG. Caithfear an cinneadh seo a athrú agus meas a theaspáint don lucht éisteachta a lean an clár seo le blianta fada.

  • Brian Tyers

    Tá an ceart ar fad ag Mártan. Is trua liom go bhfuil deireadh curtha leis an gclár seo – clár a chuir agus a choimead ar an eolas sinn faoi chluichí, faoi thorthaí agus faoi ghaiscí imreoirí CLG ar fud na tíre. Is mó bóthar a chiorraigh an clár se dom tráthnóintí Domhnaigh is mé ar mo shlí abhaile ach is tábhachtaí go mór an tseirbhís iontach a sholáthraigh sé do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Cinneadh ar cheart dul siar air más féidir in aon chor é.

  • Paul Mccool

    Níl sé ceart ná cóir críoch a chur leis an chlár “Spórt an Domhnaigh” a níonn freastal ar dóigh ar phobal na Gaeltachta agus ar ár gcluichí áitiúla agus náisiúnta. Chothaigh an clár seo nasc láidir le na Gaeltachtaí ar fad ó cheann ceann na tíre. Tá éisteachta dílis ag an chlár seo a thugann tuairiscí spóirt dúinn ar chluichí ina bhfuil clubanna agus imreoirí Gaeltachta páirteach iontu.
    Tá an tráchtáireacht a chuirtear ar fáil sna cláracha seo proifisiúnta agus spreagúil agus na hagallaimh le na himreoirí, lucht bainistíochta agus lucht tacaíochta beo agus bríomhar.
    Cad chuige a bhuil R.T.E. ag tabhairt droim láimhe do chlár a bhfuil an oiread sin tóir air i measc lucht leanúna spóirt agus lucht leanúna an Chumainn Lúthchleas Gael?.
    Caithfear seasamh a ghlacadh agus an cinneadh mícheart seo a athrú láithreach. Tá go leor caillte againn thar na blianta mar Ghaeltacht!.
    Pól Mac Cumhaill.

  • Eoin Mac Donncha

    Cuireann sé seo díomá agus olc orm, araon. Is uafásach an rud amach is amach é go bhfuil cinneadh déanta le deireadh a chur leis an gclár seo. Cuimhní iontacha agam féin ar laethanta Domhnaigh caite ag taisteal sa charr le m’athair, go ndéana Dia grásta air, agus muid ag freastal ar chluichí ar fud an chontae agus ar fud na tíre, ag éisteacht le clúdach den chéad scoth agus an nuacht is deireannaí ó chuile chluiche a bhí ar siúl. Masla ollmhór is ea an cinneadh seo do lucht leanta spórt is Gaeilge na tíre.

  • Sean Ó Conghaile

    Mar dhuine a bhí ag éisteacht le Spórt an Domhnaigh le fada fíorach an lá , cuireann sé diomá agus fearg orm go bhfuil deireadh curtha leis an gclár. An bhfuil dearmad dhá dhéanamh ar lucht na Gaeltachta agus na Gaeilge arís. Tá an domhan mór siúlta agam , ach fós fhéin bhí an clár Spórt an Domhnaigh lárnach i mo shaol chuile sheachtain. Nuair a bhéas mo lá caite agam ag traenáil na bhfóirne ina bhfuil mé páirteach leo , cén stáisiún a bhéas in ann torthaí na Gaeltachta agus tuairiscí a thabhairt dhom. Ceapaim nach mbionn bainistiocht an stáisiún ag éisteach leis an gclár gairmiúil seo , dá mbeadh ní bheadh deireadh dhá chuir leis. Clár den scoth, tuairiscí gearr ach an teolas ar fad tugtha. Níl chuile dhuine ar na meáin shóisealta agus ní bheidh muid in ann anois an teolas a fháil . Is fear brónach agus cantalach mé , agus mé dhá scriobh seo, ach ba cheart go mbeadh is agam níos fearr. Ionsaigh eile ar mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeilge agus gan dearmad a dhéanamh ar na daoine , nach bhfuil sé go ádh uirthu a bheith ina gconaí san mbaile. Droch chinneadh amach is amach.

  • Mairéad Ní Fhlatharta

    Suimiúil nach raibh Nuacht @10 ar maidin, (an Ceardchumann ag troid in aghaidh na n-athruithe?) ,ach go raibh clár Mháirín Ní Ghadhra ann, mar sin tá sise ag glacadh leis na hathruithe (?) Clár Mháirín ar mhaidin Dé Domhnaigh is cúis le Spórt an Domhnaigh a bheith imithe oíche Dé Domhnaigh. B’fhearr liom féin go pearsanta clár deas séimh ceoil ar mhaidin Domhnaigh seachas níos mó den chaint agus den nuacht agus den pholaitíocht a bhfuil ualach dó ar an Raidió i rith na seachtaine. #Ná fáigh reidh le Spórt an Domhnaigh