‘Muise, díchéillí!’ — Ebenezer Scrooge ag ‘bah-humbugáil’ i nGaeilge arís

Tá leagan nua Gaeilge de ‘A Christmas Carol’ le foilsiú in am don Nollaig

‘Muise, díchéillí!’ — Ebenezer Scrooge ag ‘bah-humbugáil’ i nGaeilge arís

Beidh fáil i mbliana, den chéad uair le breis agus céad bliain, ar leagan Gaeilge de A Christmas Carol le Charles Dickens. Tá cáil mhór ar scéal Nollaigiúil Dickens faoin gcuairt a thug ceithre thaibhse ar Eibinéasar Scrúg Oíche Nollag chun é a chur ar bhealach a leasa.

Is iomaí leagan den scéal a cuireadh amach sna 174 bliain ó céadfhoilsíodh an leabhar i mbéal na Nollag 1843, idir dhrámaí, chartúin, cheoldrámaí, ghreannáin, scannáin agus leaganacha eile nach iad.

Foilsíodh leagan Gaeilge Phádraig Uí Dhuinnín, fear na bhfocal mar ab fhearr aithne air in iarthar Chiarraí, de Duan na Nollag sa bhliain 1903. Tá an leagan sin athchóirithe anois ag Maitiú Ó Coimín, a chuir litriú agus cló nua ar leagan an Duinnínigh, do léitheoirí an lae inniu.

Tá an leagan nua á fhoilsiú ag Leabhar Breac, atá lonnaithe in Indreabhán na Gaillimhe agus beidh an leabhar, atá maisithe ag léaráidí Arthur Rackham mar a bhí in eagrán Béarla na bliana 1915, le seoladh ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne.

Dúirt Ó Coimín le Tuairisc.ie go bhfuil “ríméad” air go mbeidh an saothar ar fáil athuair agus é in oiriúint do léitheoirí an lae inniu.

“Tháinig mé ar chóip de leagan 1903 sa leabharlann agus mé ar coláiste cúpla bliain ó shin. Thaitin sé liom agus shíl mé gurbh é an feall é nach raibh teacht éasca ag léitheoirí ár linne ar an leagan sin, mar is aistriúchán gleoite ar shaothar Dickens atá ann. D’aimsigh mé cóip dom féin ar líne agus chrom ar an litriú a chur in oiriúint. Tá mé fíorbhuíoch de Leabhar Breac a thug an deis dom tuilleadh athchóirithe agus eagarthóireachta a dhéanamh air, agus tá ríméad anois orm go mbeidh sé ar fáil faoi chlúdach crua in am do Nollaig na bliana seo.

“Tá na léaráidí atá roghnaithe ag Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac) go hálainn ar fad agus tá súil agam go mbainfidh na léitheoirí taitneamh astu sin chomh maith céanna leis an scéal féin. Tá Gaeilge shaibhir curtha ar an seanscéal Sasanach agus é Gaelaithe chomh maith sin ag an Duinníneach gur ar éigean a d’aithneofaí nach i nGaeilge a scríobhadh é,” a dúirt Ó Coimín.

Ar na carachtair Ghaelaithe sin, tá leithéidí Eibinéasar Scrúg, Iácob Méarlaí, Bob Craitit agus a mhac Taidhgín Caol chomh maith le spioraid agus taibhsí eile na Nollag, a aithneoidh léitheoirí an tseanchlasaic go maith.

Ba é Charles Dickens an scríbhneoir Béarla ba mhó le rá san 19ú hAois, agus maireann a cháil mar scríbhneoir go hidirnáisiúnta go dtí an lá atá inniu ann. Scríobhadh sé úrscéalta lán daoine as an ngnáth agus imeachtaí barrúla, agus d’fhoilsítí i bhfoirm sraithe iad. Scríbhneoir mór-ráchairte a bhí ann lena linn féin, agus ní dheachaigh a chuid leabhar as cló riamh i ndiaidh a bháis ach an oiread.

Cuireadh Gaeilge ar thrí úrscéal le Dickens. Ba é Seán Mac Maoláin a d’aistrigh A Tale of Two Cities faoin teideal Scéal fá Dhá Chathair, agus chuir Seán Ó Ruadháin Gaeilge ar David Copperfield. D’aistrigh An tAthair Pádraig Ó Duinnín A Christmas Carol faoin teideal Duan na Nodlag.

Foclóirí agus scríbhneoir ab ea Duinnín. I gContae Chiarraí, sa bhliain 1860, a rugadh é. Tháinig ceann de na chéad úrscéalta Gaeilge, Cormac Ó Conaill, óna pheann sa bhliain 1901 agus d’fhoilsigh sé eagráin d’fhilíocht Sheathrúin Céitinn agus d’fhilí eile na Mumhan. Ach is ar an Foclóir Gaedhilge agus Béarla a mhaireann a cháil — foclóir a raibh, agus a bhfuil, an-chion air go fóill.

Beidh Duan na Nollag ar fáil ó Leabhar Breac ag deireadh na míosa.

Fág freagra ar '‘Muise, díchéillí!’ — Ebenezer Scrooge ag ‘bah-humbugáil’ i nGaeilge arís'

  • Éadóchasach

    Tá a fhios agam gur fearr le daoine áirithe leagan ‘athchóirithe’/’caighdeánaithe’ de leabhair den saghas so a léamh, agus go bhfuil an margadh ann dóibh dá bharr. É sin ráite, n’fheadarsa canathaobh ná fuil leabharlanna na tíre – Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, ar a laghad – sásta cóipeanna PDF de bhunleaganacha na n-aistriúchán a foilsíodh ag tús an chéid seo caite a chur ar ‘archive.org’ nó suíomh dá leithéid. Nílid fé chóipcheart a thuilleadh agus tá saibhreas teangan iontach iontu. Nár chóir go mbeimíst in ann teacht ar na bunleaganacha san go héasca ‘is saor in aisce?