Muintir SAM ag dul chun na botháin vótála i dtoghcháin chinniúnacha stairiúla lár téarma

Tráth a bhfuil Meiriceá an-deighilte ó thaobh na polaitíochta, meastar go mbeidh líon níos mó daoine ag vótáil i dtoghcháin lár téarma 2018 ná mar a rinne ó bhí cogadh Vítneam in airde láin

Muintir SAM ag dul chun na botháin vótála i dtoghcháin chinniúnacha stairiúla lár téarma

Rachaidh muintir Stáit Aontaithe Mheiriceá chun na botháin vótála inniu sna toghcháin lár téarma a shocróidh cuid mhór cad atá i ndán dóibh ó thaobh na polaitíochta as seo go ceann dhá bhliain.

Feachtas teasaí a bhí ann inar tharraing an tUachtarán Donald Trump ar pholaitíocht na deighilte agus reitric in aghaidh na n-imirceach agus an baol ann go scriosfadh ‘tonn ghorm’ a chuid cumhachta.

De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí is é is dóichí a tharlóidh ná go n-éireoidh leis na Daonlathaigh smacht a fháil ar Theach na nIonadaithe agus go gcoinneoidh na Poblachtánaigh greim ar an Seanad.

Dhá bhliain an téarma a bhíonn ag ionadaithe Theach na nIonadaithe agus tá an 435 suíochán ann le líonadh de réir.

Téarma sé bliana a bhíonn ag na Seanadóirí agus ní thoghtar iad ar fad in éineacht. 35 de na suíocháin Seanaid atá le líonadh i dtoghchán an lae inniu, ach is í an fhadhb atá ag na Daonlathaigh ná nach le Poblachtánaigh ach naoi gcinn acu sin.

Tá níos mó airgid ná riamh cheana caite i dtoghcháin lár téarma na bliana seo agus meastar go bhféadfadh líon níos mó daoine vótáil ná a vótáil in aon toghcháin lár téarma eile ó bhí cogadh Vítneam in airde láin leathchéad bliain ó shin.

Tá líon níos mó ban ná riamh ag seasamh sna toghcháin seo chomh maith. 234 bean, mar shampla atá ag seasamh i dtoghchán Theach na nIonadaithe, 182 Daonlathach agus 52 Poblachtánach. Ba é an líon is mó ban a bhí ag na Daonlathaigh go dtí seo ná an 120 iarrthóir a sheas i dtoghchán Theach na nIonadaithe in 2016. 

I ngach toghchán lár téarma ó bhí an cogadh cathartha i Meiriceá in 1861-1865, chaill páirtí an Uachtaráin ar an meán 32 suíochán i dTeach na nIonadaithe agus péire sa Seanad.

Mar is iondúil i dtoghcháin lár téarma mar sin meastar gurb é páirtí an Uachtaráin a chaillfidh suíocháin i dTeach na nIonadaithe, ach de réir na bpobalbhreitheanna is beag seans go bhfaighidh na Daonlathaigh móramh sa Seanad an uair seo.

Ní gá do na Daonlathaigh ach 23 suíochán a bhaint de na Poblachtánaigh chun smacht a fháil ar Theach na nIonadaithe, rud a chuirfeadh ar a gcumas cosc a chur ar go leor de phleananna an Uachtaráin Donald Trump, ag áireamh leithéidí a phlean balla mór a thógáil ar an dteorainn le Meicsiceo.

D’fhágfadh bua ag na Daonlathaigh i dtoghchán an Tí chomh maith gur mhó an seans go leanfaí le fiosrúcháin éagsúla atá beartaithe i dtaobh an Uachtaráin féin. Gan an Seanad a bheith ina seilbh acu chomh maith, áfach, is ar éigean go n-éireodh le haon iarracht Trump a tháinseamh.

Seachas toghchán an tSeanaid agus toghchán an Tí, beidh go leor toghchán eile ar fud Mheiriceá inniu agus d’fhéadfaí stair a chruthú le cuid de thorthaí na dtoghchán sin. Ráineodh, mar shampla, go mbeadh gobharnóirí Afracach-Meiriceánach ag trí stát den chéad uair riamh, Georgia, Florida agus Maryland.

Síltear go bhfuil seans maith ag Stacey Abrams in Georgia agus Andrew Gillum in Florida an ceann is fearr a fháil ar a gcéilithe comhraic poblachtánacha ach nach bhfuil an seans céanna ag Ben Jealous in Maryland.

Dá dtoghfaí Stacy Abrams bheadh sí ar an gcéad bhean dhubh le bheith ina gobharnóir in aon stát i Meiriceá.

Beidh na Daonlathaigh ag súil go mbeidh an-bhorradh faoina vóta inniu, an ‘tonn ghorm’ mar a thugtar air. Ocht n-uaire le 70 bliain anuas, d’éirigh le páirtí amháin nó ceann eile os cionn 20 suíochán breise a fháil i dtithe na Comhdhála sna toghcháin lár téarma, agus tá sé de bhuntáiste ag na Daonlathaigh an geábh seo go mbíonn an ráta sástachta a bhíonn go rialta ag Trump i measc na rátaí sástachta is ísle dá raibh riamh ag Uachtarán.

Ar an dtaobh eile den scéal, beidh Poblachtánaigh ag súil le cúiteamh ar an bhfeabhas ar chúrsaí eacnamaíochta i Meiriceá, mar a bhfuil pá níos airde ann ná mar a bhí le naoi mbliana agus an dífhostaíocht ag titim go seasta.

Anuas air sin, tá neart ráite agus geallta ag Trump le cúpla seachtain anuas chun an lucht tacaíochta is dílse aige a ghríosú chun vótála. Tá laghdú 10% ar cháin don mheánaicme geallta aige agus é ráite chomh maith aige go gcuirfeadh sé 15,000 saighdiúir go dtí an teorainn ó dheas leis an tír a chosaint ar imirceoirí, nó lucht “ionraidh” mar a thug sé féin orthu.

Fág freagra ar 'Muintir SAM ag dul chun na botháin vótála i dtoghcháin chinniúnacha stairiúla lár téarma'