Muintir Inis Oírr ag súil le leas a bhaint as Teach Solais an oileáin

Níl ach 160 duine ina gcónaí ar Reachlainn ach tagann 50,000 cuairteoir chucusan chuile bhliain

Muintir Inis Oírr ag súil le leas a bhaint as Teach Solais an oileáin

Tá muintir Inis Oírr ag éileamh go ndéanfaí forbairt ar Theach Solais Inis Oírr. Bhí cruinniú poiblí acu le gairid leis an scéal ar fad a phlé.

Tamall ó shin chuir comharchumann an oileáin, Comhar Chaomháin, ceistneoir amach ag fiafraí den phobal cén leas a cheapfaidís ab fhearr a bhaint as an teach solais.

Fuair siad dhá scór freagra ar ais. B’iontach an toradh é sin nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil ach thart ar thrí chéad duine ina gcónaí ar Inis Oírr.

I láthair ag an gcruinniú poiblí bhí Bainisteoir Chomhar Chaomháin, Chloe Ní Mháille, Meadhbh Seoighe as Údarás na Gaeltachta, agus an t-ailtire Niamh Kearns a rinne measúnú ar an teach solais.

Ar líne Zúm bhí Ruth Mulhern as Comhairle Chontae na Gaillimhe, Eimear Ní Mhathúna as Teach Solais Fhánada, Mark O’Connell (comhairleoir atá ag obair d’Fháilte Éireann ar na tithe solais) agus Catherine McEvoy a thug eolas faoin teach solais atá ar Reachlainn.

Tugadh eolas faoi thithe solais eile atá in Éirinn agus ar fud an domhain.

Cuireadh an-spéis sa méid a bhí le rá ag Eimear Ní Mhathúna faoi Theach Solais Fhánada. Tá sé d’ádh orthusan go bhfuil trí theach lóistín isteach leis an teach solais ansin agus go mbíonn éileamh leanúnach orthu.

Bíonn go leor imeachtaí ar bun ag an gcoiste atá i mbun Theach Solais Fhánada—bainiseachaí, oícheanta airneáin, srl. Tá ceathrar fostaithe acu go lánaimseartha agus aon duine dhéag ar scéim FTE.

Cruthú maith go bhfuil ag éirí leo is ea gur mhéadaigh líon na gcuairteoirí a tháinig chucu ó 17,000 in 2016 go dtí 51,000 i 2022.

Níl ach 160 duine ina gcónaí ar Reachlainn i dTuaisceart Éireann ach tagann 50,000 cuairteoir chucusan chuile bhliain.

Mhol Meadhbh Seoighe as Údarás na Gaeltachta do mhuintir Inis Oírr staidéar féidearthachta a dhéanamh, tuilleadh eolais a bhailiú agus dul ar aghaidh go deas tomhaiste.

Maidir leis an stair a bhaineann le Teach Solais Inis Oírr tá sé ansin ó 1857.

Sa mbliain 1818 rinneadh Teach Solais Eochalla ar Inis Mór. Níorbh fhada gur tugadh faoi deara nach san áit ab fheiliúnaí a rinneadh é. Bhí sé le rá ag captaen loinge darbh ainm an Captaen White go raibh Teach Solais Eochalla 413 troigh os cionn leibhéal na farraige agus gur túisce a d’fheicfí na carraigeacha as long ná an solas a bhí sé a scaladh.

Ba é an réiteach a bhí ar an scéal sa deireadh gur socraíodh an teach solais sin a dhúnadh agus dhá theach solais eile a dhéanamh, ceann siar ó thuaidh ó Inis Mór agus ceann ar Inis Oírr.

Comhlacht as Baile Átha Cliath a rinne an dá theach solais nua. Dream as Birmingham a chuir an solas i dTeach Solais Inis Oírr. Thart ar mhilliún go leith euro an ceann in airgead an lae inniu a chosain siad.

Tosaíodh á dtógáil sa mbliain 1853 agus bhí an obair críochnaithe faoin mbliain 1857.

Dúnadh Teach Solais Eochalla ansin.

Sa mbliain 1913 cuireadh lampa speisialta pairifín i dTeach Solais Inis Oírr agus cuireadh ag scaladh chuile dheich soicind é. Sa mbliain 1978 cuireadh córas leictreachais ag obair ann.

Fág freagra ar 'Muintir Inis Oírr ag súil le leas a bhaint as Teach Solais an oileáin'