Muintir Geaney ina ngaiscígh agus Craobh na Mumhan buaite ag an nDaingean leis an gcic deireanach

Bhí an chuma ar scéal go raibh an iomarca le déanamh ag fir Dhaingean Uí Chúis agus iad seacht bpointe chun deiridh ar Chumann Barra Naofa agus thart ar 20 nóiméad fanta i Staid Semple

Muintir Geaney ina ngaiscígh agus Craobh na Mumhan buaite ag an nDaingean leis an gcic deireanach

Ba é Conor Geaney laoch an Daingin agus cic saor dhá phointe slánaithe aige leis an gcic deireanach chun bua drámatúil a thabhairt do sheaimpíní Chiarraí i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na Mumhan, cluiche a mbeidh cuimhne go deo air ar an mbaile Gaeltachta.

Bhí an chuma ar an scéal go raibh an iomarca le déanamh ag fir Dhaingean Uí Chúis agus iad seacht bpointe chun deiridh ar Chumann Barra Naofa agus thart ar 20 nóiméad fanta i Staid Semple ach d’éirigh leo an bhearna a laghdú de réir a chéile, a bhuíochas do scóranna den scoth ó Dylan Geaney den chuid is mó.

Chiceáil Dylan scór dhá phointe chomh maith is a d’fheicfeá in aon chluiche sa 60ú nóiméad chun aon scór amháin a chur idir na foirne, 1-16 in aghaidh 0-20, ach bhí scór eile ag teastáil chun craobh na Mumhan a bhuachan den chéad uair riamh i stair an chumainn. Bhí cúpla deis ag na Corcaígh ar scór san am cúitimh ach chuireadar amú iad agus tugadh seans amháin eile don Daingean agus na trí nóiméad istigh. Tugadh cic saor 50 slat chun cinn agus cinneadh déanta ag an réiteoir nár thug imreoir Barra Naofa an liathróid ar ais don Daingean. Ní hé an cluiche ab fhearr a bhí imeartha ag Conor Geaney go dtí sin agus cúpla iarracht curtha amú aige ach bhuail sé an cic saor, a bhí díreach laistigh den líne 45m, díreach idir na postaí chun an Daingean a chur pointe amháin chun tosaigh agus gan deis ag a gcéilí comhraic freagra a thabhairt.

Lucht tacaíochta an Daingin ag ceiliúradh le Conor Geaney. Pic: INPHO/James Lawlor

Ní fhéadfá gan trua a bheith agat do na ‘Barrs’ faoin gcaoi ar chríochnaigh an cluiche dóibh agus bheadh trua go háirithe agat dá leatosach, Steven Sherlock. Thug Sherlock taispeántas dochreidte sa gcluiche ceannais agus 16 den scór pointí a chláraigh Cumann Barra Naofa tagtha óna bhróg. Sé cinn de scóranna dhá phointe a scóráil Sherlock ach ní raibh i ndán dó ach an briseadh croí sa deireadh.

An Daingean ab fhearr a chuir tús leis an gcluiche agus pointí faighte ag Paul, Conor agus Dylan Geaney laistigh den chéad cheithre nóiméad ach nuair a thosaigh Sherlock ag aimsiú na sprice níor thóg sé i bhfad ar na Corcaígh dul chun tosaigh.

Seacht bpointe a d’aimsigh sé sa gcéad 15 nóiméad agus na ‘Barrs’ imithe 0-8 in aghaidh 0-4 chun cinn ach bhí freagra ag Paul Geaney nuair a fuair captaen an Daingin cúl deas chun an bhearna a laghdú.

Scór eile á aimsiú ag Steven Sherlock. Pic: INPHO/James Lawlor

Ba bheag nár aimsigh Geaney a dhara cúl ar bhuille leath ama ach bhuail a iarracht in aghaidh an trasnáin agus a bhuíochas le tuilleadh scóranna ó Sherlock bhí curaidh Chorcaí  0-14 in aghaidh 1-6 chun cinn ag an mbriseadh.

Scór dhá phointe ó Dylan Geaney a chuir tús leis an dara leath ach shlánaigh Sherlock aon chic saor a bronnadh ar Chumann Barra Naofa, cuid acu a bhí bog go maith chaithfeá a rá.

Bhí seacht bpointe eatarthu ag pointe amháin sa dara leath agus bhí bearna cúig phointe fós ann nuair a d’aimsigh Brian Hayes pointe sa 49ú nóiméad ach b’in an scór deireanach a bheadh ag na Corcaígh. Bhí an Daingean gan Paul Geaney ar feadh tamaillín agus é gortaithe ach sheas Dylan Geaney an fód agus Geaney eile, Conor, a bhuaigh an cluiche dóibh agus an t-am caite.

Casfaidh an Daingean anois ar churaidh Laighean, Baile Baodáin, i gcluiche leathcheannais na hÉireann mí Eanáir.

Fág freagra ar 'Muintir Geaney ina ngaiscígh agus Craobh na Mumhan buaite ag an nDaingean leis an gcic deireanach'